Author |
Message |
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 392 Registered: 06-2006
| Posted on Thursday, July 12, 2007 - 09:06 am: | |
Anois go bhfuil an Ghaeilge ar bhur dtoil agaibh, b'fhiú féachaint ar fhógraí LÁ Nua ( www.nuacht.com) an lá inniu. 12 Iúil 2007 ( lá 'le Liam ;-)). Tá léirmheastóirí agus fiú eagarthóir a lorg acu. [seo do dheis anois, a Shéamais Uí Neachtain, athrú fealsúnachta a chur i bhfeidhm ar orgán idirnáisiúnta] |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5882 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, July 12, 2007 - 10:15 am: | |
Ní dóigh liom go bhfuil an tionchar san ag an tEagarthóir ar an meon. |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 653 Registered: 11-2004
| Posted on Thursday, July 12, 2007 - 10:21 am: | |
Tá, cinnte, a Aonghuis. Is féidir leis cosc a chur ar chlaonadh ar bith (an rud ab fhearr). Roghnaíonn seisean na scéalta a insítear. Is eisean an duine is tábhachtaí maidir le meon an nuachtáin. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5883 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, July 12, 2007 - 10:23 am: | |
Is duine saonta thú má chreideann tú go mbeadh Mairtín Ó Muilleoir sásta a léithéid d'eagarthóir a scaoiledh isteach i gceann dá nuachtáin! Beidh siad riamh sinn féineach... |
|
Mise_fhéin
Member Username: Mise_fhéin
Post Number: 188 Registered: 11-2006
| Posted on Thursday, July 12, 2007 - 10:44 am: | |
Tá an ceart ag Aonghus faoi sin. Breathnaígí isteach ar meon Uí Muilleoir http://apublishersblog.blogspot.com/ "Tá léirmheastóirí agus fiú eagarthóir a lorg acu" An mbeidh Philip Cummings ag éirí as freisin? |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 654 Registered: 11-2004
| Posted on Thursday, July 12, 2007 - 10:49 am: | |
Nílim cáilithe mar eagarthóir, agus murab fhéidir le Concubhair é a dhéanamh ó chontae eile, níorbh fhéidir lioms a leithéid a dhéanamh thar sáile! Ach amháin "tuiscint ar chúrsaí reatha" - tá sin agamsa. ;-) Beidh sé sin an-deacair a fháil dóibh, déarfainn. Ní fheadar faoin léirmheastóireacht. Cén suim a bheadh ag muintir na hÉireann i dtuairimí foghlaimeora Mheiriceánaigh? (Message edited by Séamas_Ó_neachtain on July 12, 2007) |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 655 Registered: 11-2004
| Posted on Thursday, July 12, 2007 - 10:55 am: | |
Tá níos mó cumhachta ag an bhfoilsitheoir ná ag an eagarthóir, cinnte. Ba chóir dó cead a chinn a ligint don eagarthóir, mar Sin Féin. Tá géarghá le meon níos proifisiúnta acu. Ach molaim a ndearna Concubhair - bhí an-fheabhas ann faoina stiúir. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5886 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, July 12, 2007 - 11:06 am: | |
quote:An mbeidh Philip Cummings ag éirí as freisin? Tá súil agam nach mbeidh. A cholúin siud dé Chéadaoin buaic na seachtaine i Lá go minic. Ón méid a thuig mé, tá sé ag lorg tuairimí dhaoine eile ar litríocht na gaeilge le foilsiú. |
|
Mise_fhéin
Member Username: Mise_fhéin
Post Number: 189 Registered: 11-2006
| Posted on Thursday, July 12, 2007 - 11:35 am: | |
"Ach molaim a ndearna Concubhair - bhí an-fheabhas ann faoina stiúir" Gan amhras. "Ón méid a thuig mé, tá sé ag lorg tuairimí dhaoine eile ar litríocht na gaeilge le foilsiú" Is é seo anois do sheans Aonghuis |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 397 Registered: 06-2006
| Posted on Thursday, July 19, 2007 - 08:06 am: | |
Tá na poist fós ar tairiscint. Cé a leomhfadh cur isteach orthu? |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 665 Registered: 11-2004
| Posted on Thursday, July 19, 2007 - 09:19 am: | |
Muise, tá stór focal iontach agat, a Fhirn. Leomh mise. |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 398 Registered: 06-2006
| Posted on Thursday, July 19, 2007 - 09:23 am: | |
Leomhaim! |
|
Mise_fhéin
Member Username: Mise_fhéin
Post Number: 194 Registered: 11-2006
| Posted on Thursday, July 19, 2007 - 10:53 am: | |
SÓN "Leomh mise." F "Leomhaim!" goa :) 'bhfuil Gaeilge ó dhúchas agat a Fhirn? |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 399 Registered: 06-2006
| Posted on Thursday, July 19, 2007 - 02:38 pm: | |
Bhal, ó thaobh na Gaeilge de, "chonaic mé cheana thú", mar a dúirt an cat leis an bainne te ;-) |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 667 Registered: 11-2004
| Posted on Thursday, July 19, 2007 - 03:16 pm: | |
Aimsir chaite vs. aimsir láithreach atá thuas. |
|
Mise_fhéin
Member Username: Mise_fhéin
Post Number: 196 Registered: 11-2006
| Posted on Thursday, July 19, 2007 - 04:07 pm: | |
"chonaic mé cheana thú", mar a dúirt an cat leis an bainne te Ní féidir liom ciall a bhaint as an seanfhocal sin :( |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 1791 Registered: 01-2005
| Posted on Thursday, July 19, 2007 - 04:33 pm: | |
leis an bhainne/mbainne Learn Irish pronunciation here: www.phouka.com/gaelic/sounds/sounds.htm |
|
Mise_fhéin
Member Username: Mise_fhéin
Post Number: 197 Registered: 11-2006
| Posted on Friday, July 20, 2007 - 04:05 am: | |
"leis an bhainne/mbainne" Óra... nach bhfuil aon ní eile le rá agat? |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 401 Registered: 06-2006
| Posted on Friday, July 20, 2007 - 05:56 am: | |
Bheadh sé níba dheise domsa, a Lughaidh, dá gcuirfeá ar mo shúile dom cad é mar a chuirfinn athrú ar bhotúin cló . "Aimsir chaite vs. aimsir láithreach atá thuas" nó: Aimsir chaite vs.modh ordaitheach ? Cé a chuir an cluiche? |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 668 Registered: 11-2004
| Posted on Friday, July 20, 2007 - 09:45 am: | |
...modh ordaitheach ? Bhuel, bíonn tú ag caint leat féin, is dócha... Bíodh misneach agat! |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 404 Registered: 06-2006
| Posted on Friday, July 20, 2007 - 11:14 am: | |
"Leomh (mise)" = modh ordaitheach ;-) |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 704 Registered: 11-2004
| Posted on Wednesday, September 05, 2007 - 02:26 pm: | |
Nochtadh sa nuachtán inniu go mbeidh Concubhar ina eagarthóir go fóill as seo amach, agus go mbeidh sé in ann obair sa bhaile i gCorcaigh. Treise leis! (DAS, fuair mé leabhair le mheas uathu inné...) (Message edited by Séamas_Ó_neachtain on September 05, 2007) |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 502 Registered: 06-2006
| Posted on Thursday, September 06, 2007 - 08:22 am: | |
Sea, níl fhios agam cad tá ar siúl i saol meáin na Gaeilge. Bhí eagarthóirí LÁ NUA agus BEO le héirí as agus leanaí breithe ag beirt iriseoir LÁ NUA. Tá Conchubhair le choinneáil é anois thar foisceacht scread buama i gCúil Aodha (?). Nár dhúirt mé leat, a shéamais, cur isteach ar an phost? Ach beidh mé ag súil le do mheas (neamhchlaonta :-) ) leabhair! |
|
Rg_cuan
Member Username: Rg_cuan
Post Number: 55 Registered: 04-2007
| Posted on Monday, September 10, 2007 - 09:29 am: | |
'scread buama' Cad é atá i gceist agat a Fhearn? |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 506 Registered: 06-2006
| Posted on Thursday, September 13, 2007 - 07:57 am: | |
Ná bain as a chomhthéacs é, a RG! |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 732 Registered: 11-2004
| Posted on Wednesday, October 03, 2007 - 09:39 am: | |
|
|
shelley (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Wednesday, October 03, 2007 - 09:46 am: | |
Tá tú an-ghníomhach ar fad a Shéamais. Molann an obair an fear, bail ó Dhia ort. |
|
Dan 125 (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Wednesday, October 03, 2007 - 09:53 am: | |
Tá an ceart ag Shelley, tá an-obair déanta agat le tamall de bhlianta anuas. |
|
Mise_fhéin
Member Username: Mise_fhéin
Post Number: 288 Registered: 11-2006
| Posted on Wednesday, October 03, 2007 - 10:05 am: | |
Dan 125 (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From: shelley (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From: Tá Dan is Sheley ag baint úsáide as an ríomhaire chéanna.. ..agus is as luimneach é/í |
|
Seosamh Mac Muirí (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Wednesday, October 03, 2007 - 10:37 am: | |
Cliste go leor a Mhise Tú Féin. An ceart agat, is i Luimneach atáid agus sa seomra céanna chomh maith atáid, ach is ar ríomhairí éagsúla, i sraith ríomhairí, a leagadar isteach na litreacha. Shíl mé go bhfeicfeadh Aonghus i dtosach é, an tráth bliana a bhfuilimid anois, agus na mic léinn gafa isteach i seomraí/teanglanna ollscoile arís. Thug seisean faoi deara é, arú anuraidh measaim. Nuair a fheiceann Éireannaigh óga a bhfuil scríofa i nGaeilge ag daoine as tíortha eile, is mór an gar é, creidim. Panu, Séamus Ó Neachtain, Lars, Michal Boleslav Mechura, Hilary srl., is iontach a bhfuil curtha i gcrích acu. |
|
Seosamh Mac Muirí (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Wednesday, October 03, 2007 - 10:40 am: | |
Rinne mé leithcheal ar Dennis agus ar dhaoine eile, gan amhras. Bhíodar ag féachaint ar Fhocal an Lae agus ar nithe eile go leor. |
|
Mise_fhéin
Member Username: Mise_fhéin
Post Number: 290 Registered: 11-2006
| Posted on Wednesday, October 03, 2007 - 10:48 am: | |
mo leithscéal a Sheosaimh, Shelly is Dan, tuigim anois. Cheap mé ar dtús go raibh rud eicínt aisteach ag dhul ar aghaidh, sin an méid. |
|
Seosamh Mac Muirí (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Wednesday, October 03, 2007 - 12:39 pm: | |
Tá tú ceart a Mhise, ní dochar ar bith é. Is dóigh go mbeid á léamh anocht sa bhaile nó i mball éigin, amárach. Is deas an teangmháil le daoine. Níl a fhios agam an in Éirinn nó thar lear atáir féin, ach is cuma. |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 733 Registered: 11-2004
| Posted on Wednesday, October 03, 2007 - 03:14 pm: | |
Go raibh maith agaibh go léir. Ní raibh a fhios agam go bhfuil ríomhairí chomh gann sin in Éirinn... ;-) |
|
Seosamh Mac Muirí (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Thursday, October 04, 2007 - 03:31 am: | |
.. go bhfuil ríomhairí chomh gann sin in Éirinn... An-mhaith a Shéamais! Níl sé i bhfad shin ó bhí ríomhaire san oifig abhus a raibh 4 cinn de litreacha an mhéarchláir ar iarraidh. Caithfidh mé gach ríomhphost a fhreagairt anois. |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 735 Registered: 11-2004
| Posted on Thursday, October 04, 2007 - 09:33 am: | |
Tá súil agam gur Q, W, Y, agus K a bhí ar lár...nó b'fhéidir J,X, Z agus V? |
|
Seosamh Mac Muirí (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Friday, October 05, 2007 - 05:17 am: | |
Is cuimhin liom go raibh M ar lár. Ba shin é mo dhóthain le mé a choinneáil amach uaidh. |
|