mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Comhrá Oscailte as Gaeilge (Irish Only) » Archive through December 26, 2008 » Seanchaithe « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

(Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Tuesday, July 10, 2007 - 05:17 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

An bhfuil a fhios ag aon duine an bhfuil seanchaithe ar bith beo go fóill i gCúige ar bith? GRMA.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Lughaidh
Member
Username: Lughaidh

Post Number: 1775
Registered: 01-2005
Posted on Wednesday, July 11, 2007 - 05:15 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Tá mé ’déanamh go bhfuil John Ghráinne beo go fóill i Rann na Feirste. Níl ’s agam an bhfuil seanchaithe beotha eile i dTír Chonaill. Caithfidh go bhfuil daoiní eile i gConamara fosta.

Learn Irish pronunciation here: www.phouka.com/gaelic/sounds/sounds.htm

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fear_na_mbróg
Member
Username: Fear_na_mbróg

Post Number: 1750
Registered: 08-2004
Posted on Wednesday, July 11, 2007 - 08:26 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

An úsáidtear an frása, "tá mé ag déanamh...", chun rá "I have a feeling..."?

-- Fáilte Roimh Cheartú --
Muna mbíonn téarma Gaoluinne agaibh ar rud éigin, bígí cruthaitheach! Ná téigí i muinín focail Bhéarla a úsáid, údar truaillithe é sin dod chuid cainte.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 5871
Registered: 08-2004


Posted on Wednesday, July 11, 2007 - 08:35 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Níos cosúla le "is dóigh liom", agus go bhfios dom is ó thuaidh amháin a deirtear é.





N'fheadar cén sainmhiniú atá ar seanachaí na laethanta seo. Tá daoine fós i ngach gaeltacht a bhfuil stór mhór bealoidis acu; ach tá lucht éisteachta éirithe tearc.

Fuair Bab Feirtear i gCorca Dhuibhne bás roinnt beag blianta ó shin. Ba seanachaí ise cinnte, agus bhí sé de phribhléid agam í a chlos beo; agus buiochas le Dia rinneadh taiféad de dornán scéalta uaithi. (Ó Bhéal an Bhab)

Tá scéalta Rann na Feirste ar fáil freisin, agus John Ghráinne air:
http://www.rannnafeirste.com/



©Daltaí na Gaeilge