mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Comhrá Oscailte as Gaeilge (Irish Only) » Archive through December 26, 2008 » Do na Meiriceánaigh a bhfuil Fraincis acu « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Lughaidh
Member
Username: Lughaidh

Post Number: 1767
Registered: 01-2005
Posted on Friday, July 06, 2007 - 09:11 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Sin rud a léigh mé anseo: http://www.tlfq.ulaval.ca/axl/amnord/usa_2pol-federale.htm

"6.8 La propagande américaine à la télévision

Les informations véhiculées par les chaînes américaines concourent toutes à une sorte de propagande destinée à donner à leur auditoire l’impression que le monde entier parle l’anglais. Que ce soit en France, en Inde ou en Indonésie, la caméra doit toujours fixer une affiche en anglais. Lorsqu’il existe des affiches bilingues, comme en Inde, le cameraman se doit de ne montrer que l’inscription anglaise. Dans la plupart des pays non anglophones, certains journalistes n’hésiteraient même pas à trafiquer des séquences montrant des affiches anglaises inexistantes, ou plutôt créées pour la circonstance. Évidemment, les journalistes américains s’organisent toujours pour que les personnes interviewées parlent anglais, de telle sorte que les téléspectateurs de leur pays croient vraiment que le monde entier parle leur langue."


Cad é mur mbarúil fá dtaobh dó sin? An rabh ’fhios agaibh ?

Learn Irish pronunciation here: www.phouka.com/gaelic/sounds/sounds.htm

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fear_na_mbróg
Member
Username: Fear_na_mbróg

Post Number: 1736
Registered: 08-2004
Posted on Friday, July 06, 2007 - 09:49 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Bhaineas trial as "Uirlisí Teanga Ghoogle" agus seo an t-aistriúchan a fuaras i mBéarla:

The information conveyed by the American chains contributes all to a kind of propaganda intended to give to their audience the impression which the whole world speaks English. That it is in France, India or Indonesia, the camera must always fix an English poster. When there are bilingual posters, as in India, the cameraman must show only the English inscription. In the majority of the nonanglophone countries, certain journalists would not even hesitate to adulterate sequences showing of the English posters non-existent, or rather created for the circumstance. Obviously, the American journalists always organize themselves so that the interviewed people speak English, so that the televiewers of their country really believe that the whole world speaks their language.

Cinnte níl an t-aistriúchán foirfe, ach chun roinnte Béarlachais a úsáid: Faighim an pictiúr!

Ach caithfidh mé rá gurb ag lucht labhartha an Bhéarla a bhíonn an tréimhse is éasca i dtíorthaibh eile. Sula dtéann cainteoir Béarla go tír eile, glacann siad go mbeidh siad ceart go leor toisc go mbeidh roinnt desna daoinibh in ann labhairt leo! Inniu díreach, chuaigh roinnt des mo chairdibh chun na Téalainne agus níor smaoinigh siad le dá seicind go mbeadh fadhb theanga acu.

-- Fáilte Roimh Cheartú --
Muna mbíonn téarma Gaoluinne agaibh ar rud éigin, bígí cruthaitheach! Ná téigí i muinín focail Bhéarla a úsáid, údar truaillithe é sin dod chuid cainte.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Lughaidh
Member
Username: Lughaidh

Post Number: 1768
Registered: 01-2005
Posted on Saturday, July 07, 2007 - 09:27 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Sin aistriúchán giota beag níos fearr i mBéarla:

The information conveyed by the American channels contributes all to a kind of propaganda intended to give to their audience the impression that the whole world speaks English. May it be in France, India or Indonesia, the camera must always show an English language poster or notice. When there are bilingual posters, as in India, the cameraman must show only the English inscription. In the majority of the nonanglophone countries, certain journalists would not even hesitate to tamper up sequences showing false English posters, or rather created for the circumstance. Obviously, American journalists always do their best so that the interviewed people speak English, so that the televiewers of their country really believe that the whole world speaks their language.

Learn Irish pronunciation here: www.phouka.com/gaelic/sounds/sounds.htm

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

(Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Saturday, July 07, 2007 - 05:28 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

níor smaoinigh siad le dá seicind go mbeadh fadhb theanga acu

B'fhéidir go mbeadh "níor smaoinigh siad ar feadh dhá shoicind go mbeadh fadhb theanga acu" níos fearr.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Gearóidmuar
Member
Username: Gearóidmuar

Post Number: 1
Registered: 10-2006
Posted on Wednesday, July 11, 2007 - 01:23 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

An t-eolas d'réir na bealaí Púncánacha, tugann sé le tuiscint go labhatar Béarla i ngach ao'bhall. Pé acu sa bhFrainc, san Ind nú i dtír na mórtoinne caithfear fógra i mBéarla a theaspeáint, agus i gcás tíortha détheangacha, mar an Ind, teaspeántar an leagan Béarla. I bhformhór desna tíortha gan Béarla mar theanga acu, ní mór a spreagfadh iriseoirí áirithe chun fógra i mBéarla a cheapadh. Cinnte, bíonn iriseoirí Púncánacha ar a ndícheall chun daoine le Béarla a chuir fé agallamh, i dtreo go gceapfaidh an lucht féachana sa bhaile go labhartar Béarla i ngach aon áit, ambasa/

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Séamas_Ó_neachtain
Member
Username: Séamas_Ó_neachtain

Post Number: 651
Registered: 11-2004


Posted on Wednesday, July 11, 2007 - 04:17 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Mar is iondúil san Eoraip na laethanta seo, ní dóigh liom go dtuigean údar an ailt thuas an cás i Meiriceá (agus is dócha go mbíonn a mhalairt fíor minic go leor). Ní dóigh liom go bhfuil aon chomhcheilg ann chun bob a bhualadh ar mhuintir na tíre seo go labhraítear Béarla gach aon áit. Mé féin, d'fhás mé aníos ag féachaint ar Jaques Cousteau ar an teilifís agus iad ag caint as Fraincis an t-am ar fad. (Ach bhí Béarla ag Jaques féin...)
Tuigtear anseo go mbíonn cainteoirí Béarla i ngach aon chathair mhór san Eoraip (agus ar domhain). Go hiondúil, tá Béarla ag cúpla duine beagnach gach aon áit, sna tíortha móra, agus sna háiteanna a théann turasóirí. Níl éinne anseo den tuairim go labhraítear Béarla i gcónaí san Fhrainc, seachas Fraincis. Ní bolscaireacht a bhíonn ann, ach iarrachtaí chun na cláir a dhéanamh intuigthe do Bhéarlóirí, más amhlaidh ar chor ar bith.

Chonaic mé clár aréir faoin nGearmáin, agus bhíomar ag eitilt thar roinnt di. Ach an léiritheoir, Sasanach ab ea í, agus ní dhearna sí iarracht dá laghad chun na logainmneacha a fhuaimniú mar Ghearmáinis. Bhí ionadh orm.

Ach i bhfírinne, ní minic a fheicim aon rud ar an teilifís faoin Eoraip...Ach is féidir nuacht ón bhFrainc, as Fraincis, a fheiscint (uair sa tseachtain, sílim), agus d'fhéach mé air cúpla uair.

(Message edited by Séamas_Ó_neachtain on July 11, 2007)

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Lughaidh
Member
Username: Lughaidh

Post Number: 1778
Registered: 01-2005
Posted on Wednesday, July 11, 2007 - 04:48 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Mé féin, d'fhás mé aníos ag féachaint ar Jaques Cousteau ar an teilifís agus iad ag caint as Fraincis an t-am ar fad. (Ach bhí Béarla ag Jaques féin...)

Béarla greannmhar aige Jacques-Yves Cousteau :)

Tuigtear anseo go mbíonn cainteoirí Béarla i ngach aon chathair mhór san Eoraip (agus ar domhain).

Ins an nuaíocht Fhrancach, nuair a chuirtear ceist ar dhuine nach bhfuil Fraincis aige, bíonn cineál ’dubbing’ ann.

Níl éinne anseo den tuairim go labhraítear Béarla i gcónaí san Fhrainc, seachas Fraincis.

Níl mé iomlán cinnte. Chuala mé go rabh daoiní i Meiriceá nach rabh ’s acu cá háit a rabh Washington ná Nua-Eabhrac :-D

Chonaic mé clár aréir faoin nGearmáin, agus bhíomar ag eitilt thar roinnt di. Ach an léiritheoir, Sasanach ab ea í, agus ní dhearna sí iarracht dá laghad chun na logainmneacha a fhuaimniú mar Ghearmáinis. Bhí ionadh orm.

Is dócha nach rabh Gearmáinis aici... Is minic a tharlas sin ar an teilifís Fhrancach. Níl ach Fraincis agus droch-Bhéarla aige na hiriseoirí. Níl siad ábalta aon teangaidh eile a dh’fhuaimniú.

Ach i bhfírinne, ní minic a fheicim aon rud ar an teilifís faoin Eoraip...

Cha gcuireann sin iontas orm.

Learn Irish pronunciation here: www.phouka.com/gaelic/sounds/sounds.htm

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Séamas_Ó_neachtain
Member
Username: Séamas_Ó_neachtain

Post Number: 652
Registered: 11-2004


Posted on Thursday, July 12, 2007 - 10:19 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Is iomaí duine i Meiriceá nach dtuigeann go labhraítear Béarla anseo, mar atá...



©Daltaí na Gaeilge