Author |
Message |
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 379 Registered: 06-2006
| Posted on Monday, July 02, 2007 - 08:44 am: | |
i. Nuair ná sásódh aon ní Aithirne file - d'ainneoin ar riaradh d'fhéile is d'iostas air - ach an t-aon súil amháin a bhí fanta ina chloigeann ag Eochaidh mac Luchta, rí Chonnacht, d'ardaigh Eochaidh lámh chreatach dá éadan, shín sliotar fluich fuilteach isteach i maothláimh an fhile: Agus nuair a threoraigh a ghiolla don loch é chun a fhuil a ghlanadh dá rí-aghaidh nua-liochta tháinig dath dearg ar an uisce idir Port Omna agus Cill Garbhán. |
|
Mise_fhéin
Member Username: Mise_fhéin
Post Number: 175 Registered: 11-2006
| Posted on Monday, July 02, 2007 - 08:49 am: | |
Deas Ar chum tú fhéin é, má chum, maith thú go deo. |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 380 Registered: 06-2006
| Posted on Monday, July 02, 2007 - 09:17 am: | |
Níor chum. Tomhais cé a chum is a ainm! |
|
Mise_fhéin
Member Username: Mise_fhéin
Post Number: 176 Registered: 11-2006
| Posted on Monday, July 02, 2007 - 09:55 am: | |
barúil dá laghad agamsa ar aon nós |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3152 Registered: 02-2005
| Posted on Monday, July 02, 2007 - 08:24 pm: | |
Biddy Jenkinson? "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 381 Registered: 06-2006
| Posted on Tuesday, July 03, 2007 - 06:00 am: | |
"Biddy Jenkinson?" Aidhe!, d'fhéadfainn á shamhlú ag sileadh óna peannsa, ach ní hé. |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 382 Registered: 06-2006
| Posted on Tuesday, July 03, 2007 - 06:09 am: | |
Dán eile, file eile: ii (sliocht) Caitheann na mná muincí troma thart faoina muineál is na fearaibh ceirteacha dearga nó rud ar bith a chlúdódh rian na sceolbhach. Deireann an dochtúir liom go bhfuil an sine siain ar lár in alán acu. Caitear an ribe tuathail i mbarr a gceann a stoitheadh nó é a chuimilt go maith le céir sara gcnagfaidh sí seo thar n-ais iontu. "Ar gcualaís an cnag?" |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 383 Registered: 06-2006
| Posted on Thursday, July 05, 2007 - 06:39 am: | |
iii. Bráisléad flannbhuí de shoilse ag sméideadh chugainn ó Bhinn Éadair fad a ligh an sáile púróga duirlinge thíos fúinn d'imigh d'anáil i bhfad amach sa spás gur dhúisigh réalta na maidine, aife an lá dár gcionn meirbh lomairí leictreacha ag crónán, cad a dhéanfaidh an samhradh? an labhróidh an fharraige arís linn an gcloisfead arís monabhar ár ndúile cois cladaigh ag líonadh is ag trá análú amach is isteach an chosmais. |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 384 Registered: 06-2006
| Posted on Friday, July 06, 2007 - 05:42 am: | |
iiii. oscailím mo dhán do nithe geala. iiiii. Sileann an canbhás Deora na beatha nár tugadh dó. |
|
Mise_fhéin
Member Username: Mise_fhéin
Post Number: 184 Registered: 11-2006
| Posted on Friday, July 06, 2007 - 06:15 am: | |
an scaoilfear do rún choíche |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 385 Registered: 06-2006
| Posted on Friday, July 06, 2007 - 06:49 am: | |
An dtomhaiseoidh tú choíche ? ;-) |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 387 Registered: 06-2006
| Posted on Saturday, July 07, 2007 - 06:11 am: | |
vi. Dá n-ísleodh an tsíleáil Aon orlach amháin breise Phléascfainn. vii. Brisigí na rialacha go léir |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 388 Registered: 06-2006
| Posted on Monday, July 09, 2007 - 08:31 am: | |
viii. Sa chúinne thiar tá banc dramhaíl' Is iontaisí an tsaoil ann, Coinnleoir, búclaí, seanhata tuí, Is trúmpa balbh néata, Is citeal bán mar ghé ann. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5862 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, July 09, 2007 - 08:51 am: | |
Aithním seo. Sean Ó Riordáin, Ar Chul an Tí. An bhfuil an cheart agam, a phúca léannta? |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 389 Registered: 06-2006
| Posted on Monday, July 09, 2007 - 08:55 am: | |
Uimhir viii. atá i dtrácht agat, a aonghuis, agus tá iomlán an chirt agat. maith an fear. |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 390 Registered: 06-2006
| Posted on Wednesday, July 11, 2007 - 08:43 am: | |
viiii. An té atá i bpéin mar atáim Ní raibh uaigneach ná ina aonar riamh, Ach ag iompar cuileachtan de shíor Mar bhean lena gin féna coim [Celle qui connait pareille souffrance N'a jamais été solaitaire, Car elle porte sa peine Comme une femme son enfant] |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 391 Registered: 06-2006
| Posted on Thursday, July 12, 2007 - 07:02 am: | |
vv.(sleachta) Mo chailín cathrach fornocht Ina codladh ag áth na gcliath... Ag breith a samhaltas ón bpluda méasasóch [Mon citadine dort Toute nue au gué des claies... Qui puisent leur symbolisme dans la boue mésazoique ] |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 393 Registered: 06-2006
| Posted on Tuesday, July 17, 2007 - 07:08 am: | |
vvi. Nó feac do ghlúin feasta ar uaigh sin an tsléibhe tá na blátha sin feoite agus tá mo chnámhsa dreoite.. [ne fléchis plue ton genou a cette tombe de la montagne ces fleurs-la sont fanées et mes os sont décomposés] |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 394 Registered: 06-2006
| Posted on Tuesday, July 17, 2007 - 10:14 am: | |
Na Dáin :ar eagla gur spéis le héinne cad iad. i. Liam Prút - Loch Deirg Dheirc Nuair ná sásódh aon ní Aithirne file - d'ainneoin ar riaradh d'fhéile is d'iostas air - ach an t-aon súil amháin a bhí fanta ina chloigeann ag Eochaidh mac Luchta, rí Chonnacht, d'ardaigh Eochaidh lámh chreatach dá éadan, shín sliotar fluich fuilteach isteach i maothláimh an fhile: Agus nuair a threoraigh a ghiolla don loch é chun a fhuil a ghlanadh dá rí-aghaidh nua-liochta tháinig dath dearg ar an uisce idir Port Omna agus Cill Garbhán. ii (sliocht) Nuala Ní Dhomhnaill - Na Murúacha a Thriomaigh Caitheann na mná muincí troma thart faoina muineál is na fearaibh ceirteacha dearga nó rud ar bith a chlúdódh rian na sceolbhach. Deireann an dochtúir liom go bhfuil an sine siain ar lár in alán acu. Caitear an ribe tuathail i mbarr a gceann a stoitheadh nó é a chuimilt go maith le céir sara gcnagfaidh sí seo thar n-ais iontu. "Ar gcualaís an cnag?" iii. Gabriel Rosenstock - Aubade Bráisléad flannbhuí de shoilse ag sméideadh chugainn ó Bhinn Éadair fad a ligh an sáile púróga duirlinge thíos fúinn d'imigh d'anáil i bhfad amach sa spás gur dhúisigh réalta na maidine, aife iiii. Gabriel Rosenstock oscailím mo dhán do nithe geala. iiiii. Gabreil Rosenstock - Ginmhilleadh Sileann an canbhás Deora na beatha nár tugadh dó. vi. Liam Ó Muirthile - Théatre Macabre Dá n-ísleodh an tsíleáil Aon orlach amháin breise Phléascfainn. vii. Caitlín Maude Brisigí na rialacha go léir viii. Seán Ó Riordáin - Cúl an Tí Sa chúinne thiar tá banc dramhaíl' Is iontaisí an tsaoil ann, Coinnleoir, búclaí, seanhata tuí, Is trúmpa balbh néata, Is citeal bán mar ghé ann. |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 395 Registered: 06-2006
| Posted on Wednesday, July 18, 2007 - 07:36 am: | |
vvii. Caitheadh amach as neamh mé Is táim ar deoraíocht abhus ó shin. Bíonn orm éisteacht le tafann An ghadhair néaróisigh béal dorais Cur suas leis an gcat a cheapann gur liopard í Nuachtáin a léamh Billí a íoc Dánta a aistriú Agus cúraimí eile ba liosta le háireamh. Níl de shólás agam sa saol seo Ach bualadh amach ó thráth go chéile Féachaint an n-aitheoinn deoraithe eile is iad ar fán Nó iadsan mise a aithint. Cá bhfios? Ráineodh go dtarlódh sé fós - Inniu féinig - Titfidh duileog I bhfanntais An tráthnóna fómhair seo Is sula soipreoidh go bog téiglí faoi chrann - I neomat na scarúna sin - Go n-aitheoimid a chéile. |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 396 Registered: 06-2006
| Posted on Thursday, July 19, 2007 - 08:02 am: | |
vviii. Fuair mé bás Dé Máirt. Sibhse a mharaigh mé, a phobail, le bhur dtost tarcaisneach. Agis Ní mé Cá fada Trí lá. |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 402 Registered: 06-2006
| Posted on Friday, July 20, 2007 - 06:40 am: | |
vviiii. Fúbún fúibh, a shlua Gaeil, ní mhaireann aon neach agaibh; Gaill ag comhroinnt bhur gcríche; le slua síthe bhur samhail. Clann Charthaigh Leatha Mogha, a's a dtoghadh go haon fhear, nl - agus is trua an aithis - neach díobh ar aithris Ghael |
|
Mise_fhéin
Member Username: Mise_fhéin
Post Number: 198 Registered: 11-2006
| Posted on Friday, July 20, 2007 - 07:52 am: | |
Fúbún fúibh, a shlua Gaeil, ní mhaireann aon neach agaibh; Gaill ag comhroinnt bhur gcríche; le slua síthe bhur samhail. Clann Charthaigh Leatha Mogha, a's a dtoghadh go haon fhear, nl - agus is trua an aithis - neach díobh ar aithris Ghael is maith liom an ceann seo, tá leabhar nua filíochta ceannaithe agat ;) Cén leabhar |
|
Mise_fhéin
Member Username: Mise_fhéin
Post Number: 199 Registered: 11-2006
| Posted on Friday, July 20, 2007 - 07:53 am: | |
|
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 403 Registered: 06-2006
| Posted on Friday, July 20, 2007 - 08:05 am: | |
Hí, hí, a mhise fhéin. Níl aon mharcanna ag dul duit as gúgláil ach go míneofar an focal "Fúbún" ? "The word "fúbún" cannot be directly translated, but it carries the sense of "shame on you." ??????????????dar le wwnorton !!!!!!!! |
|
Mise_fhéin
Member Username: Mise_fhéin
Post Number: 200 Registered: 11-2006
| Posted on Friday, July 20, 2007 - 09:13 am: | |
cén leabhar atá agat ar aon nós |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 670 Registered: 11-2004
| Posted on Friday, July 20, 2007 - 09:50 am: | |
"nl - agus is trua an aithis -" Cad is 'nl' ann? Aithis, nó aithris? |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 405 Registered: 06-2006
| Posted on Friday, July 20, 2007 - 11:17 am: | |
vviiii. Fúbún fúibh, a shlua Gaeil, ní mhaireann aon neach agaibh; Gaill ag comhroinnt bhur gcríche; le slua síthe bhur samhail. Clann Charthaigh Leatha Mogha, a's a dtoghadh go haon fhear, níl - agus is trua an aithis - neach díobh ar aithris Ghael |
|
Mise_fhéin
Member Username: Mise_fhéin
Post Number: 201 Registered: 11-2006
| Posted on Friday, July 20, 2007 - 11:53 am: | |
"cén leabhar atá agat ar aon nós?" Bheadh sé níos éasca m'asalín a chasadh ná freagra a fháil uait a fhirn |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 407 Registered: 06-2006
| Posted on Friday, July 20, 2007 - 11:57 am: | |
Is leor nod don eolach ;-) |
|
Mise_fhéin
Member Username: Mise_fhéin
Post Number: 202 Registered: 11-2006
| Posted on Friday, July 20, 2007 - 11:57 am: | |
maidir leis an bhfocal "Fúbún" tagaim leis an saineolaí Gaelach Wille w Ó Neachtain The word "fúbún" cannot be directly translated, but it carries the sense of "shame on you." |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 408 Registered: 06-2006
| Posted on Friday, July 20, 2007 - 11:59 am: | |
Á! Cuireann d'fhreagra díomá orm, a mhise fhéin. Nach dtabharfá faoi arís ;-) |
|
(Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Saturday, July 21, 2007 - 12:33 pm: | |
An bhféadfá míniú a thabhairt dom, maith an fear, níor chuala mé an focal sin roimhe seo. B'fhéidir... "cac ort" nó a leithéid "Is leor nod don eolach ;-)" Céard faoin aineolach bocht |
|
Mise_fhéin
Member Username: Mise_fhéin
Post Number: 203 Registered: 11-2006
| Posted on Saturday, July 21, 2007 - 12:35 pm: | |
mo leithscéal, rinne mé dearmad lógáil isteach, sin mise fhéin "Mise fhéin" thuas.. |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 409 Registered: 06-2006
| Posted on Monday, July 23, 2007 - 10:48 am: | |
Nach mairg nach dtéann eolas thar gúgláil? Fúbún = faux bond (Fraincis) faire faux bond = duine a ligean síos, a fhágáil san fhaopach; cailliúint ar dhuine |
|
Mise_fhéin
Member Username: Mise_fhéin
Post Number: 204 Registered: 11-2006
| Posted on Monday, July 23, 2007 - 11:40 am: | |
Agus Fraincis de scoth aige freisin, nach tusa an Gael cliste... cén leabhar dála an scéil |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 410 Registered: 06-2006
| Posted on Monday, July 23, 2007 - 11:41 am: | |
"cén leabhar atá agat ar aon nós" Éigse xv http://www.nui.ie/eigse/ |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 411 Registered: 06-2006
| Posted on Monday, July 23, 2007 - 11:45 am: | |
"...nach tusa an Gael cliste... ?" An mbíonn a mhalairt ann ? ;-) |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 412 Registered: 06-2006
| Posted on Monday, July 23, 2007 - 11:50 am: | |
vvv. héiliceaptar airm ar foluain os Loch nEathach - snáthaid an diabhail |
|
Mise_fhéin
Member Username: Mise_fhéin
Post Number: 205 Registered: 11-2006
| Posted on Monday, July 23, 2007 - 12:00 pm: | |
"An mbíonn a mhalairt ann ? ;-)" Bíonn.. cinnte " Éigse xv" an-mhaith, gura míle |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 413 Registered: 06-2006
| Posted on Tuesday, July 24, 2007 - 07:04 am: | |
Ó viiii go vvv. viiii. Ceathrúintí Mháire Ní Ógáin le Máire Mhac an tSaoi An té atá i bpéin mar atáim Ní raibh uaigneach ná ina aonar riamh, Ach ag iompar cuileachtan de shíor Mar bhean lena gin féna coim vv.(sleachta) Aifreann na Marbh le Eoghan Ó Tuairisc Mo chailín cathrach fornocht Ina codladh ag áth na gcliath... Ag breith a samhaltas ón bpluda méasasóch vvi. Aimhréidhe le Caitlín Maude Ná feac do ghlúin feasta ar uaigh sin an tsléibhe tá na blátha sin feoite agus tá mo chnámhsa dreoite.. vvii. Krishnamurphy ar deoraíocht le Gabriel Rosenstock Caitheadh amach as neamh mé Is táim ar deoraíocht abhus ó shin. Bíonn orm éisteacht le tafann An ghadhair néaróisigh béal dorais Cur suas leis an gcat a cheapann gur liopard í Nuachtáin a léamh Billí a íoc Dánta a aistriú Agus cúraimí eile ba liosta le háireamh. Níl de shólás agam sa saol seo Ach bualadh amach ó thráth go chéile Féachaint an n-aitheoinn deoraithe eile is iad ar fán Nó iadsan mise a aithint. Cá bhfios? Ráineodh go dtarlódh sé fós - Inniu féinig - Titfidh duileog I bhfanntais An tráthnóna fómhair seo Is sula soipreoidh go bog téiglí faoi chrann - I neomat na scarúna sin - Go n-aitheoimid a chéile. vviii. Stanza Written in Dejection Near Giles’ Quay Lúnasa 1974 le Peigí Rose Fuair mé bás Dé Máirt. Sibhse a mharaigh mé, a phobail, le bhur dtost tarcaisneach. Agus Ní mé Cá fada Trí lá. vviiii. Fúbún fúibh, a shlua Gaeil le File anaithnid timpeall. 1530 Fúbún fúibh, a shlua Gaeil, ní mhaireann aon neach agaibh; Gaill ag comhroinnt bhur gcríche; le slua síthe bhur samhail. Clann Charthaigh Leatha Mogha, a's a dtoghadh go haon fhear, níl - agus is trua an aithis - neach díobh ar aithris Ghael vvv. Haiku le Máire Nic Mhaoláin héiliceaptar airm ar foluain os Loch nEathach - snáthaid an diabhail |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 414 Registered: 06-2006
| Posted on Thursday, July 26, 2007 - 12:01 pm: | |
vvvi. Agus dá screadfainn, Cé chloisfeadh mé ar eagar na n-aingeal? Fiú dá dtagadh i gceist, Is go bhfáiscfeadh de gheit An neach mé len'ucht Nárbh chealú dhom é Fórsa a theacht ar an láthair? Óir níl ins an áilleacht Ach tús an uafáis, is a lorg ar éigean a dh'fhéadam is téann dínn a thuiscint Gur saoth lei 's gur neafais ár gcur ar neamhní. Féach nach uafar go haingeal. |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 415 Registered: 06-2006
| Posted on Friday, July 27, 2007 - 09:01 am: | |
vvvi.(ar leanúint) Staonaim dá réir sin Is sloigim an ghairm Is scolfairt nan-osnaithe ciara. Och! Cé hair ár mbraith? Ní har aingil ná ar dhaoine é, Is na beithígh , a chuireann ár rian, Aithníd nach ró-bhuan dúinn Ag baile sa domhain amhrastúil seo. Tharlódh gur ar chrann ar bhruach faille é, A cífí laethúil dúinn Arís 's arís eile; Fanta againn, seans go mbeadh sráid an lae inné Agus peata 'thaithí, 'bhain pléisiúir as ár gcuibhreann, D'fhan dílis is farainn. |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 416 Registered: 06-2006
| Posted on Monday, July 30, 2007 - 07:19 am: | |
vvvi.(ar leanúint) Cuimhnigh an oíche 'S an ghaoth dhomhanfhóirleitheadúil - Ár gcontanós creimthe aice - Cé ná carann an oíche le tnúth, A míne 's a fealltacht? Ise, tuar duaidh don uaigneach, An caoin chun leannána í? Mo chreach! I bhfolach óna ndán iad ar scátha a chéile. An dall air tú fós? Tleig an follús san ód bhaclainn Sna réimsí análach lasnáirde, Braithfidh na héanlaithe an bhreis ins an spéir Is in inní na léime. |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 417 Registered: 06-2006
| Posted on Tuesday, July 31, 2007 - 07:36 am: | |
vvvi.(ar leanúint) Níor shlán it' éamais timpeall na nEarrach; Iontofa thú le réalta nuair aithnír iad; Brúchtann ólaí aníos chugat sa tseanam; Is, ar do chuaird thar fhuinneog oscailte, Nár ghéill bheidhlín í féin romhat? B'in iad do dhintiúirí. Ach ar thapaís an deis? Ná raibh do shúil riamh thar do chuid ar strae? Arbh fhiú leat uile iad seach ciairseach mhná? (Cá mbeidh coimeád uirthi sin Agus na smaointe móra deoranta Ar cuaird chugat? Isteach leo is amach, is ag fanacht thar oíche.) ach más in é do mhian, Bíodh an lucht seirce id' laoi; is fada cáil ar a racht Is fós, ar a shonsan, ní leor Mar dhíon ar an mbás. Gráiteoirí tréigthe, Bhís-se, geall leis de, in éad leo; B'ansa leat iad Ná'n dream ab fhéidir a shásamh. Crom as an nó ar an moladh Nach dual dó comhlíonadh; Tuig mar 'mhaireann an laoch: Fiú ina chríoch tá a shaolú thar n-ais Agus tosca na beatha. An cumann, má sea, Aisghlacann an dúlra pléite é arís insa mbroinn; Ní hann ar ndó dosna cumhachta Nár mhór athuair chun aithbhreithe. Meabhraigh do dhóthair scéal na mná uaisle sin, Gaspera Stampa; Cailín bocht éigin a meallfaí le fear, Dá mb'eolach di sampla ardluaiceach A grá súd, Le fonn isea 'leanfadh: Á rá di, 'Dá mbeinnse mar ise!' An féidir go n-iompóidh trua an léin sheanda Chun tairfe fós? 'Bhfuil sé aige suirígh in am Dul saor óna n-ionmhana? Broic le creathán? Mar 'bhroiceann an saighead leis an gcorda Ag cruinniú dhó chun lingthe, Ag sarú na hacmhainne singile? Níl in aon láthair lonnú ar an bhfód. |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 687 Registered: 11-2004
| Posted on Tuesday, July 31, 2007 - 05:30 pm: | |
Nach iontach é go bhfuair tú cead ó gach éinne ag a bhfuil cóipcheart chun na dánta seo a chur anseo... |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 418 Registered: 06-2006
| Posted on Wednesday, August 01, 2007 - 06:22 am: | |
Nach iontach nár iarr mé cead ortsa dán do chuid a chur suas? ;-) |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 419 Registered: 06-2006
| Posted on Wednesday, August 01, 2007 - 07:36 am: | |
vvvi.(ar leanúint) Glórtha ar muin ghlórtha: Éist istigh ionam, a chroí, Fé mar ná héistíonn ach naoimh, Nuair 'ardaíonn An scairt ábhalmhór iad ó thalamh, Iad ar a nglúine gan aithne, Gan cumas, feadh 'n ama, Chomh tréan-san a n-éisteacht. Ní hé gur tualaing guth Dé thú - I bhfad uaidh - Ach clois insa ghaoith An tuairisc gan bhearna Á scaoileadh sa chiúineas Cogar i gcluais uathu súd a cailleadh go hóg. Pé uair duit fén díon in aon eaglais, Labhróidh leat a n-íde go suaimhneach, I Náplas, sa Róimh. Nó cuifidh inscríbhinn it' aire Í féin os ard, Mar 'dhein le déanaí an leac san I Santa Maria Formosa. Díom, cad ab' áil leo? Go ndéanfainn leasú le díscréid Ar impreisiún na héagóra A bhacann beagán a n-anama uaireanta Ar ghluaiseacht 's ar ghlaine. |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 420 Registered: 06-2006
| Posted on Friday, August 03, 2007 - 07:22 am: | |
vvvi.(ar leanúint) Go deimhin ach baineann greannúireacht Le gan m'reachtaint feasta ar talamh: Ar éigean foghlamtha an gnás Roimh staonadh ón gcleachtadh; Gan míniú an ama le teacht - De réir daoine - A cheangal le rós, Ná le haon ní fós seachas é, Agus sinn ina thinneas gan spás, Ní hé siúd a thuilleadh sinn; Fiú an t-ainm díleas Scaoileann le sruth é Fé mar 'brisfí bréagán. Greannúireacht: An mian ba mhian linn Ní mian níos faide; Greannúireacht: Amharc ar gach ar bhain linn Ar folauin, saor insa bhfairsinge. Stádas piolóideach é an bás, Is a bhfuil ann de leorghníomh le déanamh, Diaidh ar ndiaidh, roimh bhlaiseadh, beagán, Den tsíoraíocht. Mar sin fhéin, Is earráideach gach n-aon ina bheathaigh A shamhlaíonn gur docht é an dealú. Is minic nach feas dosna haingil, Deirtear, An idir mharaíbh dóibh Nó ar bheoibh. Scuabann an sruthlam síoraí Na glúnta uile le tuile Trasna an dá réigiún Is bánn a mbruacha araon. |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 421 Registered: 06-2006
| Posted on Tuesday, August 07, 2007 - 06:44 am: | |
vvvi.(deireadh an tsleachta) Ar deireadh thiar, Mochóirithe na deasghabhála, Ní bhraithid uathu níos mó sinn; Scoitear go mín iad ósna hábhair shaolta Mar phatalóg den mháthairchín ró-mhánla. Ach cad 'nar dtaobh-na? Ollmhistéirí rúin Ní mór dúinn; Minic ár bhfeabhsú tré chumha; An inghnímh sinn gan chaill? An in aisce an finscéal 'eachtraíonn Ar Linos á chaoineadh tráth? Nuair 'theann an chéad cheol riamh Le coráiste Sa triomach gan anam isteach? Den gcéad uair riamh sa spás scanrúil - Mar ar cheiliúir go hobann 's go deo An t-ógánach Ba gheall, nach mór, lesna déithe - Mhacallaigh duíbh'gán le tinneall an aoibhnis A bheir, sa lá 'tá inniu ann, Dúinn faoiseamh is cónamh. ____________________________________________________ Anois cé a thabhaigh ríchíos de dhroim dáin vvvi? Cé a scríobh agus cad é an dán? |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 427 Registered: 06-2006
| Posted on Thursday, August 09, 2007 - 07:28 am: | |
vvvi. Marbhnaí Dhúínó: 1. le Rainer Maria Rilke Wer, wenn ich schriee, hörte mich denn aus der Engel Ordnungen? und gesetzt selbst, es nähme einer mich plötzlich ans Herz: ich verginge von seinem stärkeren Dasein. Denn das Schöne ist nichts als des Schrecklichen Anfang, den wir noch grade ertragen, und wir bewundern es so, weil es gelassen verschmäht, uns zu zerstören. Ein jeder Engel ist schrecklich. Und so verhalt ich mich denn und verschlucke den Lockruf dunkelen Schluchzens. Ach, wen vermögen wir denn zu brauchen? Engel nicht, Menschen nicht, und die findigen Tiere merken es schon, daß wir nicht sehr verläßlich zu Haus sind in der gedeuteten Welt. Es bleibt uns vielleicht irgend ein Baum an dem Abhang, daß wir ihn täglich wiedersähen; es bleibt uns die Straße von gestern und das verzogene Treusein einer Gewohnheit, der es bei uns gefiel, und so blieb sie und ging nicht. O und die Nacht, die Nacht, wenn der Wind voller Weltraum uns am Angesicht zehrt -, wem bliebe sie nicht, die ersehnte, sanft enttäuschende, welche dem einzelnen Herzen mühsam bevorsteht. Ist sie den Liebenden leichter? Ach, sie verdecken sich nur mit einander ihr Los. Weißt du's noch nicht? Wirf aus den Armen die Leere zu den Räumen hinzu, die wir atmen; vielleicht daß die Vögel die erweiterte Luft fühlen mit innigerm Flug. Ja, die Frühlinge brauchten dich wohl. Es muteten manche Sterne dir zu, daß du sie spürtest. Es hob sich eine Woge heran im Vergangenen, oder da du vorüberkamst am geöffneten Fenster, gab eine Geige sich hin. Das alles war Auftrag. Aber bewältigtest du's? Warst du nicht immer noch von Erwartung zerstreut, als kündigte alles eine Geliebte dir an? (Wo willst du sie bergen, da doch die großen fremden Gedanken bei dir aus und ein gehn und öfters bleiben bei Nacht.) Sehnt es dich aber, so singe die Liebenden; lange noch nicht unsterblich genug ist ihr berühmtes Gefühl. Jene, du neidest sie fast, Verlassenen, die du so viel liebender fandst als die Gestillten. Beginn immer von neuem die nie zu erreichende Preisung; denk: es erhält sich der Held, selbst der Untergang war ihm nur ein Vorwand, zu sein: seine letzte Geburt. Aber die Liebenden nimmt die erschöpfte Natur in sich zurück, als wären nicht zweimal die Kräfte, dieses zu leisten. Hast du der Gaspara Stampa denn genügend gedacht, daß irgend ein Mädchen, dem der Geliebte entging, am gesteigerten Beispiel dieser Liebenden fühlt: daß ich würde wie sie? Sollen nicht endlich uns diese ältesten Schmerzen fruchtbarer werden? Ist es nicht Zeit, daß wir liebend uns vom Geliebten befrein und es bebend bestehn: wie der Pfeil die Sehne besteht, um gesammelt im Absprung mehr zu sein als er selbst. Denn Bleiben ist nirgends. Stimmen, Stimmen. Höre, mein Herz, wie sonst nur Heilige hörten: daß sie der riesige Ruf aufhob vom Boden; sie aber knieten, Unmögliche, weiter und achtetens nicht: So waren sie hörend. Nicht, daß du Gottes ertrügest die Stimme, bei weitem. Aber das Wehende höre, die ununterbrochene Nachricht, die aus Stille sich bildet. Es rauscht jetzt von jenen jungen Toten zu dir. Wo immer du eintratst, redete nicht in Kirchen zu Rom und Neapel ruhig ihr Schicksal dich an? Oder es trug eine Inschrift sich erhaben dir auf, wie neulich die Tafel in Santa Maria Formosa. Was sie mir wollen? leise soll ich des Unrechts Anschein abtun, der ihrer Geister reine Bewegung manchmal ein wenig behindert. Freilich ist es seltsam, die Erde nicht mehr zu bewohnen, kaum erlernte Gebräuche nicht mehr zu üben, Rosen, und andern eigens versprechenden Dingen nicht die Bedeutung menschlicher Zukunft zu geben; das, was man war in unendlich ängstlichen Händen, nicht mehr zu sein, und selbst den eigenen Namen wegzulassen wie ein zerbrochenes Spielzeug. Seltsam, die Wünsche nicht weiter zu wünschen. Seltsam, alles, was sich bezog, so lose im Raume flattern zu sehen. Und das Totsein ist mühsam und voller Nachholn, daß man allmählich ein wenig Ewigkeit spürt. - Aber Lebendige machen alle den Fehler, daß sie zu stark unterscheiden. Engel (sagt man) wüßten oft nicht, ob sie unter Lebenden gehn oder Toten. Die ewige Strömung reißt durch beide Bereiche alle Alter immer mit sich und übertönt sie in beiden. Schließlich brauchen sie uns nicht mehr, die Früheentrückten, man entwöhnt sich des Irdischen sanft, wie man den Brüsten milde der Mutter entwächst. Aber wir, die so große Geheimnisse brauchen, denen aus Trauer so oft seliger Fortschritt entspringt -: könnten wir sein ohne sie? Ist die Sage umsonst, daß einst in der Klage um Linos wagende erste Musik dürre Erstarrung durchdrang; daß erst im erschrockenen Raum, dem ein beinah göttlicher Jüngling plötzlich für immer enttrat, das Leere in jene Schwingung geriet, die uns jetzt hinreißt und tröstet und hilft. |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 428 Registered: 06-2006
| Posted on Friday, August 10, 2007 - 07:28 am: | |
vvvii. An mhéar a stop ag a ainm san innéacs An mhéar a tharraing an truicear, trí orlach óna chluais An mhéar a ghearr a scornach i modh grinn ar chlos a ainme An mhéar le béal nuair a pléadh a bhás sa tacsaí dhubh B'in a roinnt de láimh dhearg Uladh |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 433 Registered: 06-2006
| Posted on Monday, August 13, 2007 - 09:37 am: | |
vvviii. Techt do Róim, mór saítho, bec torbai; in Rí con-daigi i foss, mani mbera latt ní fhogbai |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5950 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, August 13, 2007 - 10:34 am: | |
Is fíor san. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5952 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, August 13, 2007 - 03:51 pm: | |
Sagart óir agus cailísí crainn A bhí ann le linn Phádraig in Éirinn; Ach sagart chrainn agus cailísí óir i ndeireadh an domhan dearóil (Is mó fírinne atá ansan anois ná mar a bhí nuair a scríobadh é!) |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 434 Registered: 06-2006
| Posted on Tuesday, August 14, 2007 - 06:59 am: | |
Tá fealsúnacht is dearcadh saoil is spioradáltacht thar barr i ndán vvviii.dar liom. Baineann "sagart óir" le caitheamh i ndiaidh an am atá caite agus i ndiaidh an idéil; dhá rud a théann in aimhréidh a chéile ar uairibh. |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 435 Registered: 06-2006
| Posted on Tuesday, August 14, 2007 - 07:11 am: | |
vvviiii. Nuair a tháinig an sagart ag m'athair inniu, mar a thagann de ghnáth ag tús na míosa, le lón na beatha a roinnt ar fhear nach bhfágann an chlúid in aon chor le tamall ní hé an gnás ab ait liom féin. Ní hé ba mhó ba bhun le m'iontas fear dá chlú dá chleacht, dá éirim ar cuairt na sean i dtús na míosa le comhairle a leasa a chur ar dhream nach bhfágfadh clúid na haithrí choiche, ach Críost a theacht i gcarr athláimhe a cheannaigh an sagart ó fhear i Ros Comáin. |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 444 Registered: 06-2006
| Posted on Wednesday, August 15, 2007 - 11:50 am: | |
vvvv. Gogal-gogal-gogal: Gogal-gogal-gog! Mise Taidhgín Turcaí Gogal-gogal-gog! Ní labhraímse os íseal Ní labhraímse go bog, Gogal-gogal-gogal: Gogal-gogal-gog! |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 446 Registered: 06-2006
| Posted on Thursday, August 16, 2007 - 07:30 am: | |
xvvi.(sliocht) Críonna is tréigthe sciorann na scamaill thar ghorm suthain, is mall a sleamhantriall An ghrian go neamhairdiúil i gcónaí luaineach. Siúlann neach go rábach as an tírdhreach. Nochtann ansin an snámhóir thuas sa spéir. Suas leis agus síos ar thonnta fuaime. Ceol neimhe ag bualadh ar gach taobh de ach amhail abhainn ag éirí diúltaíonn don damhsa. Os cionn na ndíonta in airde éalaíonn bíc as agus gothaí an éadóchais air tumann san imigéin laistir de scamall, bán le cuthach gan teorainn. Gabhann neach thar bráid, croitheann a ghuaillí. |
|
Mise_fhéin
Member Username: Mise_fhéin
Post Number: 220 Registered: 11-2006
| Posted on Thursday, August 16, 2007 - 08:24 am: | |
"Gogal-gogal-gogal: Gogal-gogal-gog! Mise Taidhgín Turcaí Gogal-gogal-gog! Ní labhraímse os íseal Ní labhraímse go bog, Gogal-gogal-gogal: Gogal-gogal-gog!" is maith liom an ceann seo... is féidir liom é a thuiscint... sílim |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 449 Registered: 06-2006
| Posted on Thursday, August 16, 2007 - 08:27 am: | |
aithníonn ciaróg/turcaí ciaróg/turcaí eile ;-) |
|
Mise_fhéin
Member Username: Mise_fhéin
Post Number: 223 Registered: 11-2006
| Posted on Thursday, August 16, 2007 - 08:33 am: | |
"aithníonn ciaróg/turcaí ciaróg/turcaí eile ;-)" sin é é, nach bhfuil. Bhfuil aithne agat ar an Dánín eile, téann sé ar nós Gúgailigh gúg gúgailigh gúg srl |
|
Mise_fhéin
Member Username: Mise_fhéin
Post Number: 224 Registered: 11-2006
| Posted on Thursday, August 16, 2007 - 08:35 am: | |
mo leithscéal, ní raibh sé i gceist agam an ard-intleacht sa bpost seo a ísliú |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 451 Registered: 06-2006
| Posted on Thursday, August 16, 2007 - 08:38 am: | |
Cad a bhí i gceist agat? |
|
Mise_fhéin
Member Username: Mise_fhéin
Post Number: 226 Registered: 11-2006
| Posted on Thursday, August 16, 2007 - 08:42 am: | |
"Cad a bhí i gceist agat?" bhuel, maidir le ard-intleacht á taispeáint ins na dánta eile agus ansin tagaim isteach le Gúgailigh gúg gúgailigh gúg |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 453 Registered: 06-2006
| Posted on Thursday, August 16, 2007 - 08:45 am: | |
Agus....? |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 458 Registered: 06-2006
| Posted on Friday, August 17, 2007 - 10:14 am: | |
xvvii. Is sceirdiúil an áit í seo, áit fhuar fhliuch gan dídean, ina ndíoltar tae agus giúirléidí beannaithe. Ach d'athain mé a aghaidh an fhir ag déanamh thuras na Croise is ar shúil dhonn na girsí cuachta isteach le balla is ag ithe aráin as a póca gur mó atá anseo ná seachrán ban a chonaic an scáil ar an mballa |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 465 Registered: 06-2006
| Posted on Friday, August 24, 2007 - 05:09 pm: | |
xvviii. Thà an cuan na thàmh is an ceò na laigh air Thà bruadar gam chlisgadh |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 469 Registered: 06-2006
| Posted on Tuesday, August 28, 2007 - 07:33 am: | |
xvviv Bhíodh gaotha na gcnoc ag trupáil fán tairseach amhail buachaillí bradacha nach ligfí isteach agus muidne le mugaí móra galach le tae 'nár suí go sochmaidh os comhair an tseanchaí; drithleoga dearga a bhriathra ina spréacha ag lasadh na samhlaíochta ionainn go réidh |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 472 Registered: 06-2006
| Posted on Thursday, August 30, 2007 - 09:37 am: | |
vvvvv. Is maith le hAntaine bláthanna. Is maith le hAntaine an brat mór liath ar an mballa ar chúl a dheilbhe. Is maith le hÍosa bláthanna -- an tÍosa cailce ar bhaclainn láidir Antaine. D'imigh bean ar a glúin lá os comhair na beirte beannaithe, a béal ag obair, mar dhea, gur ag cogaint na hurnaí a bhí sí. Chorraigh an tÍosa cailce, a chogar i gcluais a oide chríonna -- "Meas tú, ab é a dheanfas sí na bláthanna a ithe?" |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 491 Registered: 06-2006
| Posted on Monday, September 03, 2007 - 10:44 am: | |
vvvvvi. Lanquan li jorn son lonc e may M'es belhs dous chans d'auzelhs de lonh, E quan mi suy partitz de lay, Remembra'm d'un' amor de lonh. Vau de talan embroncx e clis Si que chans ni flors d'albespis No-m valon plus que l'yverns gelatz I mBealtaine agus fad ag teacht sa lá, Is geal liom ceol éanacha i gcéin; A's mo chuimhne ag imeacht lei ar fán, Meabhraíonn dom an grá seo liom i gcéin. Imím liom a's cruit orm le fonn A's ní fearr liom ceol nó bláth an droighneáin doinn Ná an geimhreadh faoina shioc agus a reo. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 6112 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, September 03, 2007 - 10:47 am: | |
Níorbh eol dom gur canúint den Ghaeilge an Langue d'Oc. |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 493 Registered: 06-2006
| Posted on Monday, September 03, 2007 - 11:14 am: | |
Bhal, a aonghuis, tá daoine ann a shíleann gur chanúint den Bhéarla an ghaeilge. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 6113 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, September 03, 2007 - 11:56 am: | |
|
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 494 Registered: 06-2006
| Posted on Tuesday, September 04, 2007 - 09:08 am: | |
vvvvvii. Fágaimis an áit seo feasta. Tiocfaidh an cailín ar ball agus tógfaidh chun siúil na cupáin. Le héadach tais glanfaidh sí an bord. Socrófar na cathraoireacha. Leagfar an bord. Beidh an salann ar lár, is an t-anlann. Ní bheidh a fhios ag duine faoin spéir ár léithéid a bheith riamh ar an mbaile |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 499 Registered: 06-2006
| Posted on Wednesday, September 05, 2007 - 08:53 am: | |
vvvvviii. soilsí sí ar altóir néata a rinne as Muire bábóg gan éifeacht. Dia gan frídíní a múineach dúinne. |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 503 Registered: 06-2006
| Posted on Thursday, September 06, 2007 - 08:59 am: | |
vvvvviiii. Ag brostú Abhaile Chugat Chomhairíos N'fheadar Cé mhéid Ainmhithe Is a bputóga Ag deargú An róid. Fís Díotsa Amháin A shlánaíonn Ár ndomhan Fola. |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 505 Registered: 06-2006
| Posted on Friday, September 07, 2007 - 12:03 pm: | |
vvvvviiiii. Le do gháire gléigeal aoil cuireann tú leas ar thalamh domasaí mo dhuaircis. Le do lámha talmhaí déanann tú giollaíocht ar ghort mo chéadfaí. Nuair a bhíonn tú faram, a bhráthair gaoil, bheir tú na garbhchríocha seo atá istigh ionam chun cineáil. Faoi do chúram tigim chun toraidh: aibím. |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 507 Registered: 06-2006
| Posted on Thursday, September 13, 2007 - 08:25 am: | |
31. Ó, tá muid ag fí ár dtodhchaí as ár ndúchas; ag Magee-áil ár mbréidín brocach buí, ag Levi-áil ár mbristí de chorda an rí, Ó, tá muid ag ag fí ár dtodhchaí as ár ndúchas. Tá muid ar strae áit inteacht idir Cath Chionn tSáile agus an Chinese Takeaway. Tá snáithe ár scéil in aimhréidh idir Tuirne Mháire agus Fruit of the Loom. Tá ág gcuid Gaeilge ag lobhadh le plaque an Bhéarla, cé go sruthlaimid ár dteanga gach lá i dtobar an dúchais. Tá ár mbolg thiar ar ár dtóin i ngorta an éadóchais is gan de chothú le fáil lenár dtarrtháil ach slisíní seanchais agus na greabhrógaí grinn a thit idir an Greim Gasta agus an Golden Grill. Tá muid leath-postmodern intertextúil. gheofá muid inniu go tiubh sa tsiúl ag buachailleacht dinosaurs le Fionn Mac Cumhaill; agus amárach thiocfá orainn ag súgradh go searcúil le Cáit Ní queer; nó teannta go teolaí i gcluiche strip po ker le Méabha Chonnachta. Amanta eile i marbhthráth na hoíche tchífeá muid ag joyrideáil ar luas na gaoithe, ag Subaru-áil i Leitir Ceanainn i gceann de chuid chariots Chú Chulainn Treasnú le Cathal Ó Searcaigh |
|
Mise_fhéin
Member Username: Mise_fhéin
Post Number: 254 Registered: 11-2006
| Posted on Thursday, September 13, 2007 - 08:32 am: | |
ar fheabhas go deo |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 521 Registered: 06-2006
| Posted on Friday, September 14, 2007 - 10:38 am: | |
32. Mairg atá gan béarla binn Ar dteacht an iarla go hÉirinn: Ar feadh mo shaoil ar chlár Chuinn Dán ar bhéarla dobhéaruinn. Dáibhidh Ó Bruadair |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 530 Registered: 06-2006
| Posted on Monday, September 17, 2007 - 07:53 am: | |
33. Freres humains qui apres nous vivez, N'ayez les cuers contre nous endurcis, Car, se pitie de nous povres avez, Dieux en aura plus tost de vous mercis. Vous nous voiez cy attaches, cinq, six: Quant de la chair, que trop avons nourrie, Elle est pieca devoree et pourrie, Et nous, les os, devenons cendre et pouldre. De nostre mal personne ne s'en rie; Mais priez Dieu que tous nous vueille absouldre! Se freres vous clamons, pas n'en devez Avoir desdaing, quoy que fusmes occis Par justice. Toutefois, vous scavez Que tous hommes n'ont pas bon sens rassis; Excusez nous, puis que sommes transsis, Envers le fils de la Vierge Marie, Que sa grace ne soit pour nous tarie, Nous preservant de l'infernale fouldre. Nous sommes mors, ame ne nous harie; Mais priez Dieu que tous nous vueille absouldre! La pluye nous a debues et lavez, Et le soleil dessechiez et noircis; Pies, corbeaulx, nous ont les yeux caves, Et arrachie la barbe et les sourcis. Jamais nul temps nous ne sommes assis; Puis ce, puis la, comme le vent varie, A son plaisir sans cesser nous charie, Plus becquetez d'oiseaulx que dez a couldre. Ne soiez sonc de nostre confrairie; Mais priez Dieu que tous nous vueille absouldre! Prince Jhesus, qui sur tous a maistrie, Garde qu'enfer n'ait de nous seigneurie: A luy n'ayons que faire ne que souldre. Hommes, ici n'a point de mocquerie; Mais priez Dieu que tous nous vueille absouldre! Ballade Des Pendus le François Villon |
|
Mise_fhéin
Member Username: Mise_fhéin
Post Number: 275 Registered: 11-2006
| Posted on Monday, September 17, 2007 - 08:56 am: | |
Sin Gaeilge aisteach, nach ea! |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 532 Registered: 06-2006
| Posted on Monday, September 17, 2007 - 09:03 am: | |
Mar a dúirt an fógra Gaeilge fadó : Tá sé ag teacht. [Ar aon nós, is maith promhadh anois is arís féachaint a bhfuil éinne a léamh ] |
|
Mise_fhéin
Member Username: Mise_fhéin
Post Number: 277 Registered: 11-2006
| Posted on Monday, September 17, 2007 - 09:40 am: | |
"Mar a dúirt an fógra Gaeilge fadó : Tá sé ag teacht." Ní chuimhin liom an ceann sin |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 533 Registered: 06-2006
| Posted on Monday, September 17, 2007 - 09:53 am: | |
Tá tú ró-óg nó díreach tagtha amach as an bhloisc. Fógrán do GhUINNESS a bhí ann: fir thostmhar i dtabhairne ar oileán éigin; ansin radharc ar churach ag déanamh ar an oileán, an fhoireann ag rámhadh ar a mine ghéire agus ceaig GhUINNESS leo. Ar ais ag an tabhairne, tagann duine isteach is glaonn : Tá sé ag teacht. Is dóigh lim go bhfuil fógráin Gaeilge uile GhUINNESS ar an idirlíon in áit éigin. |
|
Mise_fhéin
Member Username: Mise_fhéin
Post Number: 279 Registered: 11-2006
| Posted on Monday, September 17, 2007 - 10:03 am: | |
Á, is cuimhin liom anois...sílim, ach tá an ceart agat, bhí mé óg agus Gaeilge ar bith agam ag an am |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 536 Registered: 06-2006
| Posted on Monday, September 17, 2007 - 10:08 am: | |
...agus GUINNESS ar an ngobán agat? ;-) Mhaígh Séamas Ó Grianna riamh gur ón chliabhán a thug sé a chuid Gaeilge ;-) |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 538 Registered: 06-2006
| Posted on Monday, September 17, 2007 - 11:14 am: | |
33.(sliocht) A bhráithre daonna ar beo daoibh fós dár n-éis, Ná cruadh bhur gcroí inár gcoinne le bhur gcead, Óir más trua libh sinn, bhur ngaol bocht féin, Is luaithe chughaibhse trócaire Dé dá dheasc'. Crochta os bhur gcomhair atáimid, a sé, a seacht: Mar leis an chorp a bheathaigh muid thar beart, Is stróicthe lofa atá sé anois le seal, Is sinn na cnámha ag titim i luaith is i gcré. Fán olc seo orainn ábhacht ná déanadh neach, Ach guíg' go maithe Dia dhúinn go léir. |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 539 Registered: 06-2006
| Posted on Tuesday, September 18, 2007 - 05:27 am: | |
33. (ar leanúint) Más bráithre a deirimid libh, ní móide is cóir Gur beag oraibh sin, cé daoradh sinn chun báis Le hiomlán ceart is dlí. Ach daoibh is eol Nár gealladh ciall is stuaim de ghnáth do chách; Gabhaigí leor linn, triallta anonn mar atáim 'S ar Aonmhac án na Maighdine Muire na nGrás, A cheansacht linn nár thé i ndísc ná i dtrá, Dár gcumhdach fós ar Ifreann is ar a chaor. Marbh mar atáimid, ná bíodh éinne ár gcrá, Ach guíg' go maithe Dia dhúinn go léir |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 540 Registered: 06-2006
| Posted on Wednesday, September 19, 2007 - 07:58 am: | |
33. (ar leanúint) Nite báite atáimid le stoirm is síon, Sceallta ag grian is sinn chomh dubh le gual; Na súile stróicthe as ár mblaosc ag feannóg is fiach, Féasóg is fabhraí is malaí stoite anuas. Go deo is go bráth ní heol dúinn síth ná suan, Ár suaitheach anonn is anall le gaoth is le cuach, De réir a dtola gan sos ár seoladh ar cuairt, Níos criathraí ná méaracáin ag éin aeir. Ná ceanglaígí mar sin inár gcomhaltas trua, Ach guíg' go maithe Dia dhúinn go léir. |
|
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 504 Registered: 06-2006
| Posted on Wednesday, September 19, 2007 - 08:52 am: | |
Úúú! Tá sé sin saghas urghránna. Cé na daoine a bhí i gceist? Tá fáilte roimh chuile cheartú! |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 542 Registered: 06-2006
| Posted on Wednesday, September 19, 2007 - 09:17 am: | |
Tabharfaidh mé míniú air nuair a chuirim an chuid dheireannach thuas. [Ar bhfuair tú freagairt ar do fhógrán ar LÁ MUA go fóill?] |
|
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 505 Registered: 06-2006
| Posted on Wednesday, September 19, 2007 - 10:20 am: | |
Is é an chaoi a bhfuair. Níor chuala mé oiread is focal mar thoradh air ar feadh seachtaine nó mar sin, ach ansin tháinig trí fhreagra ar shála a chéile. Tá fáilte roimh chuile cheartú! |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 6206 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, September 19, 2007 - 10:28 am: | |
Iontach. Go mbainfidh tú taitneamh as! |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 543 Registered: 06-2006
| Posted on Wednesday, September 19, 2007 - 10:31 am: | |
A trí oiread san! |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 544 Registered: 06-2006
| Posted on Wednesday, September 19, 2007 - 10:55 am: | |
33. (a chríoch) A Íosa, a Ardfhlaith, ár dual duit ceannas cách, Díon ar Ifreann is a ansmacht sinn go brách, Gan páirt againn leis, ná a cháin le díol go daor. A fheara, ní magadh sin puinn mar is trua ár gcás Ach guíg' go maithe Dia dhúinn go léir. Amhrán na Croiche le François Villon (1431 - 1463?) Breandán Ó Doibhlin a chuir Gaeilge air. Áirítear Villion anois ar fhilí móra na Fraince ach , cé go raibh sé ina mháistir sna healaíona de chuid Ollscoil Phárais, chuaigh sé le drabhlás agus le coiriúlacht ina shaol, go dtí sa deireadh gur daoradh chun a chrochta é. Scríobh sé an feartlaoi iomráiteach seo an oíche roimh a bhás. Ach tugadh pardún dó ar an nóiméad deireanach, agus níl tásc ná tuairisc le fáil air ina dhiaidh sin. Ní morán ar fad a scríobh sé, ach an chuid is mó de ar ghnáth-théamaí na Meánaoise - neamhbhuaine an tsaoil seo, scéin an bháis, grá agus grá éagmaise - ach bhí úire iomlán agus mothú fíreannach sa bhfrioral a chleacht sé. Is minic a bhíonn blas ar na bhéarsaí a chuirfeadh fílí na Gaeilge sa 17ú agus san 18ú aois i gcuimhne duit, cé nach bhfuil an oiread sin cosúlachta, b'fhéidir, idir an dán seo agus an feartlaoi eile a chum fear sular crochadh é, Priosún Chluain Meala |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 545 Registered: 06-2006
| Posted on Thursday, September 20, 2007 - 05:18 am: | |
34. Ó, bliain is an lá amárach 'sea d'fhágas an baile ag triall go hArd Phádraig ag cur lásaí lem hata. bhí buachaillí bána ann agus rás acu ar Ghallaibh agus mé go dubhach uaigneach i bpríosún Chluain Meala. tá mo shrian is mo dhiallait ar iasacht le fada, mo chamán ar fiaradh faoi iarthar mo leaba, mo liathróid á bualadh ag buachaillí an ghleanna is go mbuailfinn poc báire chomh hard leis na feara. A Chiarraí, bí ag guí liom, is bog binn liom bhur nglórthaí, is beag a shíleas-sa choíche ná fillfinnse beo oraibh go mbeidh ár dtrí gcinn-ne ar spící mar sheó acu faoi shneachta na hóiche is gach síon eile a ngeobhaidh chugainn. Go hUíbh Ráthach má théann tú beir scéal go dtí mo mhuintir go bhfuilim daor ar an bhfód seo is nach bhfuil beo agam ach go hAoine. Bailigh gléas tórraimh agus cómhrá breá im thimpeall. Sin críoch le Ó Dónaill is go deo bí ag guí orm. Príosún Chluain Meala |
|
Mise_fhéin
Member Username: Mise_fhéin
Post Number: 280 Registered: 11-2006
| Posted on Thursday, September 20, 2007 - 05:29 am: | |
A Dhonncha Brúin 's deas do chraithfinn lámh leat Agus ní le grá duit ach le fonn do ghabháil Cheanglóinn suas thú le rópa cnáibe Agus chuirfinn mo "Spír" i do bholg mór. Mar is iomaí buachaill maith chuir tú thar sáile Thiocfas anall fís is cúnamh leo Faoi chultaibh dearga agus hataí lása 'S beidh an droma Francach a' seinm leo! A chrann duilleach, má chríon do do bhláthsa, mo chreach níor dhaingnigh do fhréamhacha mar tháinig an donas orm le linn na bhFrancach is an t-arm Gallda ar gach uile thaobh. Cén bhrí an cluiche seo go dtaga an Spáinneach is imeoidh an pharlaimint ó chumhacht an rí, seo é an imirt a bhfaighidh muid sásamh beidh an talamh bán againn ar bheagán cíos'. Ag teacht an tséasúir déanfaidh muid sléachtadh, maróidh muid céad agus dhá mhíle bó, beidh buailí Shasana le beagán géimní ag teacht an tséasúir má bhíonn muid beo. Beidh leathar fairsing ag na gréasaithe Gaelach is ní iarrfaidh muid péire orthu níos lú ná coróin, beidh bróga againne gan Dia dá méadú is ní íosfaidh muid béile níos mó gan feoil. A Johnny Gibbons mo chúig chéad slán leat, is fada uaim thú in sa nGearmáin is é do chroí gan chealgadh a bhí riamh le suairceas ar an cnoc seo thuas tá ár gcúnamh fann. Tá sé dá aithris dúinn ó bhéal an údair go loiscfidh an slúp linn nár baisteadh a dhream, mura dtaga tú de relief orainn ins' aimsir chruatain is mór an truaí muid faoi bharra gleann. Tá Johnny Gibbons is ár nAthair Maol're agus iad á gcaomhúint amach faoin móin, faoi thart is faoi easonóir is fhuacht na hoíche is níl fiú an bhraoin dí acu ná dram lena ól, Ní mar sin a chleacht siad ach fuíoll na bhfuíoll agus shoraidh díofa nach dtug aire dó, is rímhór m'fhaitíos mura bhfuil ag íosa go mbeidh siad síos leis, agus tuilleadh leo. Tá a fhios ag an saol nár mharaíos caora in san oíche is nár speir mé bó, Má tá i ndán is go n-éireoidh an lá linn go bhfaighidh muid sásamh in san gcúis seo fós. Bronnann muid Camas ar an Athair Maolra is Baile an Mhaoil le haghaidh a bhó is ní bheidh muid choíche arís ár ndíbirt gan bhia gan dídean amach faoin móin. Tá bullán bacach faoi bharr an tsléibhe is deir gach aon neach nach mbeidh i bhfad beo, Coirnéal Máirtín 'tá ina cheann ar an taobh sin agus measaim féin gur aige is cóir. Tá céad fear acu a chuir an t-airgead le chéile nár ghearr féith is nár ith an fheoil, ach, a chlann Mhig Eochagáin, má tá tú in Éirinn ná lig an léirscrios go hIorras Mór. Aontaine Ó Reachtaire (Message edited by Mise_Fhéin on September 20, 2007) |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 547 Registered: 06-2006
| Posted on Thursday, September 20, 2007 - 05:40 am: | |
Fáilte croíúil ar bord, a Mhise Fhéin |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 556 Registered: 06-2006
| Posted on Friday, September 21, 2007 - 01:06 pm: | |
|
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 720 Registered: 11-2004
| Posted on Friday, September 21, 2007 - 10:51 pm: | |
Ach cad faoi Gabriel Rosenstock? |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 557 Registered: 06-2006
| Posted on Tuesday, September 25, 2007 - 12:43 pm: | |
36. Cara agus eascara an fhearg, maith a's saith dúiseacht dhíbhearg: cá hobair díobh nach doiligh? síth a's cogadh cumhdaighidh. Gnáth ar tosach ag teacht di fuarú cairde fána chéile. a bhruth go dtugann a theas guth ina haghaidh ní háineas Siúite Seirce le Mánas Ó Dónaill |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 559 Registered: 06-2006
| Posted on Wednesday, September 26, 2007 - 11:07 am: | |
37. Thit bean i ngrá le fear tráth. Cheannaigh sí lomaire faiche dó dá bhreithlá. Chuir sé sin an síneadh fada trasna air! Féar le Mícheál Ó Ruairc |
|
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 520 Registered: 06-2006
| Posted on Thursday, September 27, 2007 - 12:05 pm: | |
AGOA - ceann maith, a Fhirn! Tá fáilte roimh chuile cheartú! |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 560 Registered: 06-2006
| Posted on Friday, September 28, 2007 - 06:00 am: | |
38. De réir na leabhar gramadaí tá an focal 'cailín' firinscneach. Seo chugainn an cailín is baininscní dá bhfaca éinne riamh. Nach mbeadh sé go hiontach dá bhféadfaí séimhiú a chur ar a chonsan tosaigh taréis an ailt (ar ndóigh!) é a leathnú nó a chaolú sa Tuiseal Ginideach Uimhir Uatha (fágaimis an Uimhir Iolra faoi shamhlaíocht an léitheora!) ach faoi mar atá cúrsaí gramadaí i láthair na huaire caithfear fanacht go ndéanfar 'bean' as ar dtús is baolach! An Cailín le Mícheál Ó Ruairc |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 563 Registered: 06-2006
| Posted on Monday, October 01, 2007 - 11:40 am: | |
39. Ionúin scríbhinn scaoiltear ann:* mór an bíogadh a bhain asam. Saor, a Dhé, ó athleonadh sinn - athbheochan é do m'intinn. Dá mairidís a bhfacas féin d'uaisle Gael Ghort ríNéill, bheadh fáth faoilte ag an bhuíon** i dtráth scaoilte don scríbhinn. An naíon a tháinig thar toinn, bíodh nach bhfuil ina Ó Dónaill, díol é gach muirne, dá mhéid. Go raibh ár gCoimdhe dá choimhéad. Aodh Ó Dónaill -- gá dtám dó -- gan d'aois ann ach seacht mbliana , damhna mo rí*** róbhá linn. Scoláire a scríobh thú, a scríbhinn. *Is mór liom an litir atá oscailte agam anois **Dá mbaireadh na huaisle a b'aithin dom féin, bheadh cúis lúcháire acu sa litir seo. ***An té ar dual dó a bheith mar rí agam. Dán le Eoghan rua Mac an Bhaird |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 571 Registered: 06-2006
| Posted on Friday, October 05, 2007 - 11:30 am: | |
39. (A Chúlra) I measc na 99 duine a d'imigh ó Éirinn le hImeacht na nUaisle, bhí maicín óg Ruairí Uí Dhonaill agus gan é ach ina bhunóc aon bhliain d'aois. Tugadh chun na Róimhe é, ach nuair a fuair a athair bás ansin, d'fhill deirfiúr a athar, Nuala Ní Dhonaill, go Lóbháin leis sul a raibh sé trí bhliain d'aois le go bhfaigheadh an gasúr oideachas ó na Frionsiasaigh Éireannacha ansin. Bunadh an coláiste i Lóbháin ceithre mhí roimh imeacht na nUaisle. Dán ceanúil é seo (1613), mar mholadh ar litir a fuair an file ón ghasúr beag, oidhre ar phrionsaí Thír Chonaill. Bhí an gasúr le bás a fháil mar oifigeach óg i seirbhís na Spáinne i gcomhrac leis na Francaigh. |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 572 Registered: 06-2006
| Posted on Monday, October 08, 2007 - 06:37 am: | |
40. Quand vous serez bien vieille, au soir, à la chandelle, Assise auprez du feu, devidant et filant, Direz, chantant mes vers, en vous esmerveillant: Ronsard me celebroit du temps que j'estois belle. Lors vous n'aurez servant oyant telle nouvelle, Desja sous le labeur à demy sommeillant, Qui au bruit de Ronsard ne s'aille resveillant, Benissant vostre nom de louange immortelle. Je seray sous terre, et fantosme sans os, Par les ombres myrteux je prendray mon repos; Vous serez au fouyer une vieille accroupie, Regrettant mon amour et vostre fier desdain. Vivez, si m'en croyez, n'attendez à demain, Cueillez dès aujourd'huy les roses de la vie. Sonnets pour Hélène le Pierre de Ronsard (1524 - 1598 ) http://www.etudes-litteraires.com/ronsard-sonnets-pour-helene.php |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 6290 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, October 08, 2007 - 08:25 am: | |
Cen chanúint í seo? |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3260 Registered: 02-2005
| Posted on Monday, October 08, 2007 - 03:05 pm: | |
Seanlitriú atá ann, sin an méid. An-deas! quote:Vivez, si m'en croyez, n'attendez à demain, Cueillez dès aujourd'huy les roses de la vie. Cf. Gather ye roses while ye may, Old time is still a-flying; A world where beauty fleets away Is no world for denying. Níl a fhios agam an bhfuil aon rud mar sin againn i nGaeilge. "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 6293 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, October 08, 2007 - 05:04 pm: | |
Ag magadh a bhí mé, ó tharla muid a bheith sa chúinne "Gaeilge amháin"! |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 573 Registered: 06-2006
| Posted on Tuesday, October 09, 2007 - 05:56 am: | |
40. (Sa Ghaeilge) Nuair a bheirse dulta in aois, a's na coinnle lasta i ndeireadh lae, Ar leac na tine i do shuí, a's tú ag tochras is ag sníomh, Déarfair leat féin le hiontas agus mo rannta agat á ríomh: Ba chuid cheiliúrtha ag Ronsard mé nuair a bhíos i mbarr mo scéimh'. Searbhónta ní bheidh farat an t-am sin dá gcloiseann uait an scéal, Ag míogarnach chun suain faoi thuirse agus faoi scíth, Nach gclisfidh aníos ina dhúiseacht iar lua mo cháil a's a cling, Ag cur míle beannacht le d'ainm a's glóir nach dtéann in éag. Beadsa faoi na fóide sínte, i mo ghósta gan chreat gan chnámh, Ar fud an Arais thíos faoi smúit na gcraobh ar scáth: Beirse crom cois teallaigh i do sheanbhean seirgthe liath, Ag mairgneach faoin ghrá a thugas duit a's do dhímheas díomasach féin. Mair do sheal, creid m'fhocal ann, ná fan le casadh an lae: Bain díot an lá atá inniu ann blátha bána an tsaoil. Soinéad do Eiléan le Pierre de Ronsard. Sa soinéad seo a fuair Yeats an líne: "When you are old and gray and full of sleep.." Más file cúirte é Ronsard, atá morálach as a chuid filíochta léannta ag aithris ar Phiondar agus Petarca agus as a dhánta teagascacha agus conspóideacha, is ar dhéantús simplí agus grástúil a chuid soinéad a gheibhimid blas inniu: dánta beaga in onóir do Chassandra Salviati, Marie Dupin agus (an ceann seo) do Hélene de Surgeres, ar chuir sé aithne uirthi i ndeireadh a shaoil. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 6294 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, October 09, 2007 - 06:13 am: | |
Cé d'aistrigh? C'est belle! |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 574 Registered: 06-2006
| Posted on Tuesday, October 09, 2007 - 06:35 am: | |
Breandán Ó Doibhlín. [ Il est beau ! ;-) ] |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 744 Registered: 11-2004
| Posted on Tuesday, October 09, 2007 - 10:27 am: | |
An fhilíocht, nó an dán? Es ist egal. |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 575 Registered: 06-2006
| Posted on Tuesday, October 09, 2007 - 10:52 am: | |
Naturlich, Heinrich !! ;-) |
|
Jenny
Member Username: Jenny
Post Number: 2 Registered: 10-2007
| Posted on Tuesday, October 09, 2007 - 11:02 am: | |
cé a dúirt é seo mar atá cósúil le T.S Eliot; comhthionól fuinniúil fúinte (guessing game arís cosúil le Fearn) |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 576 Registered: 06-2006
| Posted on Wednesday, October 10, 2007 - 04:49 am: | |
Mairtín Ó Cadhain? Cé mar atá sé cosúil le Eliot? |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 577 Registered: 06-2006
| Posted on Wednesday, October 10, 2007 - 05:00 am: | |
Mairtín Ó Cadhain? Cé mar atá sé cosúil le Eliot? |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 578 Registered: 06-2006
| Posted on Wednesday, October 10, 2007 - 05:03 am: | |
41. Sur mes cahiers d’écolier Sur mon pupitre et les arbres Sur le sable sur la neige J’écris ton nom Sur toutes les pages lues Sur toutes les pages blanches Pierre sang papier ou cendre J’écris ton nom Sur les images dorées Sur les armes des guerriers Sur la couronne des rois J’écris ton nom Sur la jungle et le désert Sur les nids sur les genêts Sur l'écho de mon enfance J’écris ton nom Sur les merveilles des nuits Sur le pain blanc des journées Sur les saisons fiancées J’écris ton nom Sur tous mes chiffons d'azur Sur l’étang soleil moisi Sur le lac lune vivante J’écris ton nom Sur les champs sur l’horizon Sur les ailes des oiseaux Et sur le moulin des ombres J’écris ton nom Sur chaque bouffée d’aurore Sur la mer sur les bateaux Sur la montagne démente J’écris ton nom Sur la mousse des nuages Sur les sueurs de l'orage Sur la pluie épaisse et fade J’écris ton nom Sur la vitre des surprises Sur les lèvres attentives Bien au-dessus du silence J’écris ton nom Sur mes refuges détruits Sur mes phares écroulés Sur les murs de mon ennui J’écris ton nom Sur l’absence sans désirs Sur la solitude nue Sur les marches de la mort J’écris ton nom Sur la santé revenue Sur le risque disparu Sur l’espoir sans souvenir J’écris ton nom Et par le pouvoir d’un mot Je recommence ma vie Je suis né pour te connaître Pour te nommer Liberté. Saoirse le Paul Éluard http://www.wikilivres.info/wiki/index.php/Libert%C3%A9 |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 746 Registered: 11-2004
| Posted on Wednesday, October 10, 2007 - 10:52 am: | |
Viva la Graffiti! |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 579 Registered: 06-2006
| Posted on Wednesday, October 10, 2007 - 01:40 pm: | |
Cad é? |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 747 Registered: 11-2004
| Posted on Wednesday, October 10, 2007 - 02:47 pm: | |
"J’écris ton nom"...ar fud na háite...verstehst? Nó nach bhfuil cead agam tusa a duzen? ;-) |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 580 Registered: 06-2006
| Posted on Thursday, October 11, 2007 - 07:52 am: | |
41. ( Sa Ghaeilge ) Ar mo chóipleabhair scoile Ar mo bhinse ar na crinnte Ar an ngaineamh ar an sneachta Inscríobhaim t'ainm Ar gach leathanach léite Ar gach leathanach bán Ar chloch fhuil pháipéar luaith Inscríobhaim t'ainm Ar na híomhánna órga Ar armas na laoch Ar choróin na ríthe Inscríobhaim t'ainm Sa bhfásach sa díseart Ar neadreacha ar aiteann Ar mhacalla m'óige Inscríobhaim t'ainm Ar mhíorúiltí na hoíche Ar arán geal na laetha Ar shéasúir na leannán Inscríobhaim t'ainm Ar gach giobal gorm Ar an linn ghriandreoite Ar an loch gealachbheo Inscríobhaim t'ainm Ar na páirceanna ar íor na spéire Ar sciatháin na n-éan Ar mhuileann na scáthanna Inscríobhaim t'ainm Ar gach leoithne mhochmhaidne Ar an muir ar na báid Ar shliabh na buile Inscríobhaim t'ainm Ar chúr bán na néalta Ar allas na stoirme Ar an mbáisteach thiubh leamh Inscríobhaim t'ainm Ar fhíoracha íongheala Ar chloigíní na ndathanna Ar fhírinne an choirp Inscríobhaim t'ainm Ar na casáin mhúscailte Ar na bóithre scartha Ar na plásóga plódaithe Inscríobhaim t'ainm |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 585 Registered: 06-2006
| Posted on Tuesday, October 16, 2007 - 09:21 am: | |
41. ( ar leanúint ) Ar an lampa atá lasta Ar an lampa atá múchta Ar mo thithe le chéile Inscríobhaim t'ainm Ar an dtoradh scaoilte Dem' scáthán is dem' sheomra Ar mo leaba shliogán folamh Inscríobhaim t'ainm Ar mo mhadra caoin craosach Ar a chluasa bioraithe Ar a lapa liopaiseach Inscríobhaim t'ainm Ar thairseach mo thí Ar a ghnáthnithe nádúrtha Ar shruth na tine beannaithe Inscríobhaim t'ainm Ar gach colainn chaoin Ar chláréadan mo chairde Ar gach lámh sínte Inscríobhaim t'ainm Ar fhuinneog na n-iontas Ar bheola airdeallacha go hard os cionn ciúnais Inscríobhaim t'ainm Ar mo thearmainn scriosta Ar mo thithe solais tite Ar bhallaí mo thuirse Inscríobhaim t'ainm Ar dheoraíocht gan dúil Ar uaigneas nocht Ar mháirseáil an bháis Inscríobhaim t'ainm Ar an tsláinte bhisithe Ar an gcontúirt imithe Ar an dóchas gan chuimhne Inscríobhaim t'ainm Agus trí chumhacht an Bhriathair 'Sea a athosaím mo shaol Rugadh mé le haithne a chur ort Le thú 'ainmniú as t'ainm féin Saoirse. Seán Mac Mathghamhna a chuir Gaeilge air |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 754 Registered: 11-2004
| Posted on Tuesday, October 16, 2007 - 09:45 am: | |
Mílitriú atá ann. Seoirse! |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 592 Registered: 06-2006
| Posted on Tuesday, October 16, 2007 - 09:52 am: | |
Hí Hí, is beag! ;-) |
|
Jenny
Member Username: Jenny
Post Number: 7 Registered: 10-2007
| Posted on Tuesday, October 16, 2007 - 11:34 am: | |
quote; Mairtín Ó Cadhain? Cé mar atá sé cosúil le Eliot? dúirt Máirtín Ó Cadhain an comhthionáol fuinniúil fúinte ar an ráiteas a bhí ag T.S Elliot the local organic community Jenny |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 596 Registered: 06-2006
| Posted on Tuesday, October 16, 2007 - 11:38 am: | |
Ní raibh fhios agam gur ghoid sé an ráiteas ó Eiliot! |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 602 Registered: 06-2006
| Posted on Wednesday, October 17, 2007 - 06:37 am: | |
42. Cac nó gan cac - sin í an fhadhb: Arb uasalmhéiní turraingí agus saigheada na neamh-mhísce a chéasadh Nó ceadú do lear mór caca, iompar, dualgas, sinseracht, a mhadhmadh. Mairg, mairg nach bás, nach suan é! Gan a thuilleadh a bheith ina thimpeall! As suan, as aisling, críoch a chur leis na mílte daigh is dual don cholainn. Is mór é mo thnúth leis. Bás, suan, aisling-chac b'fhéidir: Sin í an fhadhb, mo léan, dán gan ainm le Máirtín Ó Cadhain faoi anáil Liam Mac Croithshleá |
|
Jenny
Member Username: Jenny
Post Number: 8 Registered: 10-2007
| Posted on Wednesday, October 17, 2007 - 07:38 am: | |
Hi a fhearn, an bhfuil bailliúcháin d'filíocht ollmhóra agat sa bhaile? Jenny |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 604 Registered: 06-2006
| Posted on Wednesday, October 17, 2007 - 08:03 am: | |
Is fearr liom na mionduanairí agus is breá liom ionadh na filíochta |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 613 Registered: 06-2006
| Posted on Friday, October 19, 2007 - 08:14 am: | |
43. Ná bí cruaidh agus ná bí bog, Agus ná tréig do charaid ar do chuid, A mhic ó, ná déan troid, Ach ná loic í más éigean duit. Rann traidisiúnta |
|
Mise_fhéin
Member Username: Mise_fhéin
Post Number: 315 Registered: 11-2006
| Posted on Friday, October 19, 2007 - 09:44 am: | |
"Ná bí cruaidh agus ná bí bog, Agus ná tréig do charaid ar do chuid, A mhic ó, ná déan troid, Ach ná loic í más éigean duit. " is breá liom an ceann seo. Caithfidh mé é a fhoghlaim |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 619 Registered: 06-2006
| Posted on Tuesday, October 23, 2007 - 08:41 am: | |
44. 'Sé dlí te na bhfear As fíonchaor ginid fíon As gual ginid tine As póga ginid fir 'Sé dlí crua na bhfear A gcoinneáil féin go docht D'ainneoin chogadh is anró D'ainneoin chontúirt an bháis 'Sé dlí caoin ma bhfear Solas a dhéanamh d'uisce Gníomh a dhéanamh den Aisling Cairde a dhéanamh de naimhde Dlí an-sean agus úrnua Atá á bisiú féin go síoraí Ó íochtar chroí an linbh Go buaic na céille críonna. Cothrom na Féinne le Paul Éluard Seán Mac Mathghamhna a chuir Gaeilge air |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 622 Registered: 06-2006
| Posted on Wednesday, October 24, 2007 - 09:16 am: | |
45. Tá fear ar lár nach raibh de sciath chosanta aige Ach nadúr a chroí mhóir féin Tá fear ar lár nach raibh de mhian aige Ach ród na bpiléar a dhíbirt dá chroí Tá fear ar lár atá ag troid choíche In aghaidh an bháis is na díchuimhne Mar gach ní a theastaigh uaidh Theastaigh uainne freisin Agus teastaíonn uainn inniu Go lasfadh solas an tsonais Duibheagán na súl is duibheagán an chroí Is go mbeadh an ceart faoi réim sa saol Tá focail ann a chothaíonn beatha is beo Agus is focail shimplí iad An focal nádúr an focal muinín An focal grá is ceart is saoirse An focal páiste is an focal mánla Is ainmneacha áirithe bláthanna is torthaí An focal misneach is an focal foghlaim Agus an focal deartháir is an focal comrádaí Cuirimis leo siúd ainm is anam Péri D'éag Péri ar son gach ní A thugann beatha dúinn Glaoimis ár ndeartháirín air gona bhrollach pollta Agus bímís buíoch de gur fearr anois ár n-aithne ar a chéile Agus glaodh gach duine againn cara ar a a chéile Agus maireann a dhóchas dóchas Péri Gabriel Péri le Paul Éluard Seán Mac Mathghamhna a chuir Gaeilge air |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 637 Registered: 06-2006
| Posted on Monday, October 29, 2007 - 10:17 am: | |
46. Bhain an aimsir di a clóca D'fhuacht, de bháisteach, de ghaoith Agus ina áit chuir uimpi Lásaí geala den ghrian úrnó. Níl éan ná ainmhí, beag nó mór, nach bhfuagraíonn dá ghlór fíor: 'Bhain an aimsir di a clóca D'fhuacht, de bháisteach, de ghaoith'. Caitheann gach tobar, sruthán, abhainn mhór Feisteas gleoite, airgead is ór buí gach éinne anois ina éide nó bíonn óir bhain an aimsir di a clóca. Bhain an aimsir di a clóca le Charlaes d'Orléans Seán Mac Mathghamhna a chuir Gaeilge air http://fr.wikipedia.org/wiki/Charles_d%27Orl%C3%A9ans_%281394-1465%29 |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 653 Registered: 06-2006
| Posted on Tuesday, November 06, 2007 - 08:29 am: | |
47. Dia do bheatha, a naoidhe naoimh, Isan mainséar cé taoi bocht, Meadhrach saidhbhir atá tú 'S glórmhar id dhún féin anocht. Míle fáilte a–nocht i gclí Le mo chroidhe dom rígh fial; In dá nádúir ó do-chuaidh, Póg is fáilte uaim do Dhia. A naoidhe bhig atá mór, A leanbáin óig atá sean, San mainséar ní chuire a lán Cé nach bhfagha áit ar neamh. Ar neamh dhíbh gan mháthair riamh, Gan athair 'nar n-iath a-nos, It fhírDhia riamh atá tú Is id dhuine ar dtús a-nocht. Dia do bheatha, a Íosa, a-rís, Dia do bheatha i gclí ón óigh, A ghnúis is áille nó an ghrian, Na mílte fáilte do Dhia óg. Uch, dá lamhainn dul is–teach — Atá a–muigh led chead, a rí — Le fáilte do-bhéarainn fós Míle 'gus míle póg dhíbh. Póg dod bhéal, a bhráthair gaoil, Póg, a phápa naoimh, dod chois, Póg dod láimh ós tú mo rí; Is duit uile, a Dhia, mo thoil. A Mhuire, a mháthair, a ógh, Oscail doras an chró dhamh Go n–adhrainn ardrí na ndúl — Nach córa dhúinn ná do dhamh? Do–ghéan seirbhís do Dhia i bhfos, Faire go moch is go mall; Gadhair na mbuachaill ón tsliabh Buailfead ón triath atá fann. An t–asal fós is an damh Ní leigfead i ngar dom rígh; Do–ghéan féin a n-áitsin dó — Asal mé is bó Mhic Dé Bhí. Do–bhéar uisce liom go moch, Scuabfad urlár bocht Mhic Dé; Do–ghéan tine san anam fhuar 'S tréigfead tré dhúthracht mo chorp claon. Nighfead a bhochtbhréide dhó, Is dá dtuga, a ógh, cead damh, Mo cheirt féin do bhainfinn díom Dá cur mar dhíon ar do mhac. Ní iarrfad airgead ná ór Acht uair san ló póg dom rígh; Do–bhéar mo chroidhe féin uaim 'S glacaidh é mar luach an trír. A Phádraig ón leanbhsa fuair Bachall Íosa mar bhuaidh grás, A ghein gan domblas id chlí, 'S a Bhrighid, bí linn de ghnáth. A phátrúin oileán na naomh, Faghaidh grása ó Dhia dhúinn; Mar chruimh in uamhaidh Dé a-nocht Glacthar bráithrín bocht ó Dhún. *************** A Naoidhe Naoimh Aodh 'Mac Aingil' / Aodh Mac Cathmhaoil (1571—1626) a chum an dán cráifeach seo i dtús an 17ú haois. I gContae an Dúin a rugadh an file. Chuaigh sé isteach in Ord San Proinsias agus chuidigh sé le bunú na gcoláistí Éireannacha i Lobháin agus sa Róimh. Ceapadh ina ArdEeaspag ar Ard Mhacha é sa bhliain 1626 ach fuair sé bás sa Róimh go gairid ina dhiaidh sin. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 6416 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, November 06, 2007 - 09:00 am: | |
Níl sé ach tús mí na Samhna. Tá tú rud beag luath... |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 655 Registered: 06-2006
| Posted on Tuesday, November 06, 2007 - 10:48 am: | |
Bhal tá brath orm críoch a chur leis an snáth seo i gceann dán nó dhó eile. Ach, cogar, dúirt Máistir Ecart, go bhfuil níos mó ná an bhreith stairiúil Dé ann, go mbeirtear Íosagán ionú i ndiaidh a chéile i gcroí gach duine http://www.eckhart.de/index.htm?werk.htm |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 6421 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, November 06, 2007 - 12:00 pm: | |
Is fíor, agus is meanár dhó. |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 681 Registered: 06-2006
| Posted on Friday, November 16, 2007 - 11:24 am: | |
48. Óró nach í an diamhair í, lán iontas agus feart! Osclaígí roimpi, a dhaonnaithe, bhur súile agus bhur gcroí; A's, a Shéaraifíní íona, a Shlua na nAingeal naomh, Taraigí in bhur n-ealta loiscneacha ar chlár na talún thart. An Té a mbíonn sibh á mholadh le bhur gceolta oíche a's lá, Tá tréigthe aige ar feadh sealaid a áitreamh ar Neamh na néal; A éide sholais, tá folaithe faoi ghiobal agus bréid A's Pálás a ghlóire ar mhalairt aige ar bhothóg shuarach táir. Tiarna tréan na n-aoiseann', tá abhus ina leanbh lag: Tá an Do-fheicthe le feiceáil: tá Dia féin beirthe beag; An Bithbheo tá déanta básmhar, agus an Éigríoch do ghabh críoch. Chím romham faoi dheoidh é i measc na mbeithíoch ina gcró; A's gáirim le barr lúcháire: A Neacht shíoraí ar an saol seo thíos, Móide liom is cuid adhartha thú úirísleacht seo do chló. Saolú ár Slánaitheora le Laurent Drelincourt Breandán Ó Doibhlín a chuir Gaeilge air Tá sé aitheanta feasta go dtáinig litríocht na Gaeilge in aibíocht sa 17ú aois agus go bhfuil a lorg fágtha uirthi ag íogaireacht Eorpach na linne, an spiorad barócach sin a bhí comhdhéanta de dhíograis chreidimh, anacracht shíceolaíoch agus cúirialtacht friotail. Ministir Úgónach ab ea Drelincourt ( a dtáinig cuid dá mhuintir go hÉireann nuair a cealaíodh an Édit de Nantes.) Bhí cáil air mar sheanmóirí, agus is athfhriotal ar ábhar a chuid seanmóirí na soinéid a scríobh sé. Níor mhiste an ceann seo a chur i gcomparáid le dán Caitliceach ar an téama céanna, agus lorg an bharócachais air freisin, "Dia Dhuit, a Naoidhe naoimh" le hAodh Mac Aingil ( Uimhir 47 thuas). |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 715 Registered: 06-2006
| Posted on Wednesday, December 05, 2007 - 12:32 pm: | |
49. [blas den tSeanGhaeilge] Int én bec ro léic feit do rinn guip glanbuidi: fo-ceird faíd ós Loch Laíg, lon do chraíb charnbuidi http://www.leabharmor.net/bardachd_gaidhlig.php?id=3 Nóta: Ní fíor gur chumadh an dán seo ag manach le linn a shos caife maidin Dé Sathairn, 18 Mí na súl buí, 1045. |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 1015 Registered: 06-2006
| Posted on Wednesday, August 20, 2008 - 11:17 am: | |
Feicfidh mé spéartha eile agus súile eile Ólfaidh mé as tobar bhéil eile níos fionnuaire ná liomóidí Codlóidh mé faoi dhíon chinn gruaige eile mar fhothain ón anaithe, Ach gach bliain, nuair a chuireann rum an earraigh mo chuimhne Le barr lasrach Líontar le cumha i ndiaidh an bhaile mé, agus an bháisteach Ó do shúile ar an sabhána stiúgtha." Léopold Sédar Senghor |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 1017 Registered: 06-2006
| Posted on Thursday, August 21, 2008 - 08:47 am: | |
51. Is finné mo linne mé is minic feicthe agam marbháin san aer mar a bhfuil m'fhuil á dó. Tchicaya U Tam'si |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 1025 Registered: 06-2006
| Posted on Friday, August 22, 2008 - 08:56 am: | |
52. Maidin Chásca. Ach domsa tá an charraig mhór gan rollú. Laistigh dem thuamba fliuch dorcha tá an tsíocháin ghonta fós gan bhalsam, na dealga giobtha fós mar choróin. Abioseh Nicol |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 1029 Registered: 06-2006
| Posted on Wednesday, August 27, 2008 - 06:32 am: | |
53. Marbh nó beo tá an síol ionam i ngile uilíoch mo chnámha. José Craveirinha |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 1037 Registered: 06-2006
| Posted on Monday, September 08, 2008 - 11:14 am: | |
54. "Sé Críost an tEarrach" le Sealal Ad Dín Tá deireadh ite ag gach duine agus iad ina gcodladh. Siúlaimid amach sa ghairdín agus ligimid don úll casadh ar an bpéitseog, le teachtaireachtaí a iompar idir an rós agus an tseasmain. Sé Críost an t-earrach a thógann plandaí na máirtíreachta óna dtaisí. Oscailítear a mbéal le buíochas, ar iarraidh a bpógadh. Fágann luisne an róis agus na tiúilipe go bhfuil lóchrann laistigh. Critheann duilleog. Crithimse in áileacht na gaoithe mar shíoda na Tuirceastáine. Fadaítear lasair ón túiseán. Sí an ghaoth an Spiorad Naomh. Sí Muire na crainn. Féach mar a shúgraíonn fear is bean cluichí chaola lena lámha. Caitear péarlaí mhodartha ón Áidin thar an leannán mar nós na bainise. Téann boladh léine Iosaf faoi Iacob. Cloistear grianchloch dhearg de gháire Éimineach ag Machmad i Meice. Labhraimid faoi súd is faoi seo. Níl sos ann ach sna nóimintí chraobhacha seo. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7507 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, September 09, 2008 - 06:21 am: | |
An Sufi an fear seo? Is maith liom an íomhá "Sé Críost an t-earrach a thógann plandaí na máirtíreachta óna dtaisí" Más buan mo chuimhne, sé creidimh na Mosalamach gurbh é Íosa a bheás ina bhreitheamh ar Lá an Luáin (in ainneoin gur fáidh seachas mac Dé é dóibh). N'fheadar an bhfuil macasamhail an Dán seo ag Eoin na Croise? Ní fear mór filíochta mé - táim ró phragmatach! |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 1038 Registered: 06-2006
| Posted on Tuesday, September 09, 2008 - 09:51 am: | |
Ba Sufí Sealal Ad Dín . Dá raibh macasamhail an dáin seo ag críostaí, tagaim leat gur dóigh ná a mhalairt a bheadh sé ag Eoin na Croise. Níor aimsigh mé go fóill an dóithín. Nach dúshlán agat é, eití filíochta a chuir faoi do chuid phragmatachais? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7508 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, September 09, 2008 - 10:38 am: | |
quote:Nach dúshlán agat é,... Sea, ach... tá an oiread san droch filíochta ann; is deacair teacht ar sheoda mar seo! |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 1039 Registered: 06-2006
| Posted on Tuesday, September 09, 2008 - 11:22 am: | |
Amhail daoine ! ;-) |
|