Author |
Message |
Gaelgannaire
Member Username: Gaelgannaire
Post Number: 29 Registered: 04-2007
| Posted on Saturday, June 30, 2007 - 07:27 am: | |
http://www.bailegaelach.com/index.html Seo suíomh úr BAILE. Silim go bhfuil sé thar a bheith spéisiúil agus tá fios agam go bhfeil na daoine thaobh thiar de an tiománta amach. |
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 1166 Registered: 06-2005
| Posted on Tuesday, July 03, 2007 - 07:03 am: | |
A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5810 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, July 03, 2007 - 08:28 am: | |
Seafóid gan bhunús atá san suiomh úd. Féach ar na riailacha atá sé i gceist ag mo dhuine a chuir i bhfeidhm http://homepage.ntlworld.com/r.a.mccartney/baile_nua/rules.html |
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 1175 Registered: 06-2005
| Posted on Tuesday, July 03, 2007 - 11:43 am: | |
Mar suíomh agus ábhar cheap mé go raibh sé ar dóigh.. Ag léamh an rud ar fad ní raibh an deis agam go dtí seo. A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river |
|
Jamie
Member Username: Jamie
Post Number: 73 Registered: 06-2006
| Posted on Wednesday, July 04, 2007 - 04:57 am: | |
Shíl mise go raibh an t-ábhar an-fhiúntach. Sílim go bhfuil sé thar am do dhaoine a bheith ag tabhairt faoi na féidearthachtaí a bhaineann lena leithéid. Tá an Conradh, Na Gaeil Óga agus Aontas na Mac Léinn in Éirinn tar éis tacaíocht a léiriú dá leithéid le gairid. Má leanann daoine ar aghaidh ag teacht amach ag tacú leis seans go dtosódh an Stát ag smaoineamh air agus de réir a chéile ag tacú leis an gcoincheap....... |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5817 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, July 04, 2007 - 06:17 am: | |
Nílim ag cur i gcoinne lucht Baile. Ach suíomh úd R.A. MacCartney, sin scéal eile. Ní dóigh liom go mbeadh duine ar bith sásta maireachtáil faoin gcórás faisisteach atá á mholadh aige/aice. Mar a dúirt mé ar snáth eile, fosatíocht an eochair. Muna bhfuil fosatíocht uirbeach le Gaeilge ar fáil, agus rud éigin níos leithne ná gaeil ag cur seirbhísí ar fáil do Ghaeil, teip atá i ndán, mar a theip ar "Gaeltacht Park" sna 1960í. Tá cuinsí speisialta i réim i mBóthar Seoighe a chruthaigh pobal dlúth. Ní fheicim go mbeadh na cuinsí sin i gceist ó dheas, ná go deimhin ó thuaidh níos mó. |
|
Mise_fhéin
Member Username: Mise_fhéin
Post Number: 177 Registered: 11-2006
| Posted on Wednesday, July 04, 2007 - 06:25 am: | |
Tá an ceart ar fada ag Aonghus anseo, gan fostaíocht trí mheán na Gaeilge is am amú é a bheith ag smaoineamh faoi fiú (Message edited by Mise_Fhéin on July 04, 2007) |
|
Gaelgannaire
Member Username: Gaelgannaire
Post Number: 33 Registered: 04-2007
| Posted on Wednesday, July 04, 2007 - 07:18 am: | |
A Fheara, Má amharcann sibh ar shuíomh Baile, silim gur léir go bhfuil taighde féidearthacht ar shiúil ina mbeidh cúrsaí gnó / fostaíoctha ceangailte leis sin. Chomh maith le sin, tá mé ag déanamh gur féidir le Gaelscoil maith go leor postanna go cruthú do phobal beag. Nuair a deirim cúrsaí gnó, sin atá i gceist agam - chan a bheith ag bráth ar dheontaisí. Creidim áfach, go bhfuil na daoine a bhfuil na scileanna acu amuigh ansin. Tá, thuaidh agus theas, go leor Gaeil a bhfuil fuinneamh agus misneach acu dul i mbun gnó is gníomh. Tá sé de bhuntaiste ag an ghlúin seo go dtuigeann siad nach dtigidh le daoine ar bith an Ghaeilge a shlánú ach iad féin, ní bheidh an rialtas thuaidh agus theas ag teacht le beart chun a leithead a dhéanamh. Tá sé ráite ag saineolaithe an domhain nach mbeidh ráth ar athbheochan na Gaeilge gan lonnaíochta úra san oirthear. Sa deireadh, is léir go bhfuil gaeil óga (agus Na Gaeil Óga) ag tuigbheáil an teachtaireacht sin. Cha bhíonn sé furast agus ní fios an mbeidh buaidh againn ach troidfear an cáth go fíochmhar, tá mé cinnte de agus sin an rud is tábhachtaí. Cáth Buadach. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5821 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, July 04, 2007 - 07:46 am: | |
fostaíocht a bhí i gceist agam, dar ndóigh. Ní ghineann gaelscoil saibhreas; airgead stáit atá i gceist leis sin, agus mar sin, ní leor é, dar liom. Leithéidí Telegael atá i gceist agamsa: comhlucht domhanda atá lonnaithe sa Ghaeltacht, agus a dhéanann sciar airithe dá gcuid oibre as Gaeilge. (cé nach bhfuil eolas ar bith agam ar chleachtais inmhéanach na comhluchta úd) |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5822 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, July 04, 2007 - 07:48 am: | |
|
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 1177 Registered: 06-2005
| Posted on Wednesday, July 04, 2007 - 07:57 am: | |
Barr 50...... A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5823 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, July 04, 2007 - 08:30 am: | |
Sea. Cnuas acu sin ar aon láthair. Comharchumann i mbun an ruda, agus dlíodóir, cuntasaí, dochtúir agus déidlia fostaithe acu. Caifé, siopa leabhair, leabharlann, siopa bídh, teach tabhairne, amharclann/pictiúrlann, ... Bheadh ar na rudaí seo ar fad freastal air bhéarlóirí chun airgid a dhéanamh, ach ba chuma sin ach tús áite a thabhairt do ghaeilgeoirí agus go hairithe do lonnaitheoirí na gaeltachta úire. Sin an fáth gur seafóid atá i smaoineamh Mac Cartney (dara nasc thuas) cosc iomlán a chuir ar chaidreamh i mBéarla. Ní geiteo atá de dhíth, ach eithne gaelach oscailte don saol mór. Iss fiú paimphléid Mhic Shiomóin ar an ábhar a léamh: http://www.litriocht.com/shop/product_info.php?products_id=4283 |
|
Gaelgannaire
Member Username: Gaelgannaire
Post Number: 34 Registered: 04-2007
| Posted on Wednesday, July 04, 2007 - 08:59 am: | |
Aonghus, Sin é. Is an cheist i gcónaí ná an daingean nó síol an rud atá daoine ag iarraidh. Bheinn féin fós dóchasach gur féidir síol a chur, díreach cosúil leis an síol a chuir muintir Bhóthar Seoighe. Fiú má tá an daingean Gaeilge is láidre sa tír agat, ní bheadh ann ach ceist ama sula mbeadh an Bhéarla a bhrú ar an phobal. |
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 1184 Registered: 06-2005
| Posted on Wednesday, July 04, 2007 - 11:38 am: | |
Ollscoil gaeilge a chur in áit.. Cruthóidh sé sin éileamh do ghnólachtaí gaeilge de ghach sórt. Chan a thuilleadh a thabhairt d'Ollscoileanna Béarla, tabhair an t-airgead don Ollscoil Gaelach.. A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river |
|
Gaelgannaire
Member Username: Gaelgannaire
Post Number: 35 Registered: 04-2007
| Posted on Thursday, July 05, 2007 - 04:30 am: | |
Bhí an scéal ar phríomhleathanach Lá inniu agus bhí eagarfhocal iontach dearfach ann. |
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 1187 Registered: 06-2005
| Posted on Friday, July 06, 2007 - 05:02 am: | |
Tá foirm / suirbhé sa nuachtán inniú freisin, b'fhearr liom é a líonadh amach tríd an rphost ach ní fheicim aon seoladh ann... A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river |
|
Gaelgannaire
Member Username: Gaelgannaire
Post Number: 36 Registered: 04-2007
| Posted on Friday, July 06, 2007 - 05:36 am: | |
Rud 'automatic' atá ann. Líonann tú isteach an foirm agus bíonn a fhios aige féin cén dóigh a bhaile a bhaint amach. |
|