Seo iad na leabhair is fearr a thatin liom i mbliana:
1. Los cuentos de Eva Luna, Isabel Allende
http://www.amazon.com/Stories-Eva-Luna-Isabel-Allende/dp/055357535X Gearrscéalta iad seo ó bhean a thuigeann mná agus nach bhfuil eagla uirthi a guth fhéin a úsáid. Suite i Meiriceá Theas le draíocht agus an fhírinne meascaithe go nádúrtha i stíl cliste is teachtaireachtaí cliste. Tugann sé meas do dhaoine a chreideann iontu féin agus a úsáideann an ciall atá iontu féin in áit rialacha seafóideacha a leanúint.
2. The Men Who Stare at Goats, Jon Roúson
http://www.jonronson.com/goats_nytimes.html Má ceapann tú go dtuigeann tú an seafóid is an feall atá i bhforéigan agus cogadh, beidh do shúile oscailte agat ag an leabhar seo. Tá i bhfad níos mó seafóid ann ná is féidir a shamhlú mar a fhoghlaimímid insan leabhar cliste, greannmhar seo. beidh tú ag gáire ós ard nó beidh do bhéal lán ar oscailt agat.
3. La Fiesta del Chivo, Mario Vargas Llosa
http://www.complete-review.com/reviews/vargas/fiestac.htm Scéal dorcha é agus níl sé easca an cuid ag an deireadh a léamh ach cur síos maith atá ann ar an réim uafásach Trujillo insan Dominican Republic (Gaeilge ar seo, éinne?).
Cén leabhair a léigh sibh a thaitin libh i mbliana?