Author |
Message |
Eoin
Member Username: Eoin
Post Number: 189 Registered: 10-2004
| Posted on Sunday, June 17, 2007 - 11:53 am: | |
Tá mé ag dul go hArizona - Scottsdale a feadh 4 lá agus ansin mar thuarasóir ó thuaidh - Grand Canyon - agus an sin ó dheas go Tombstone. Meas sibh bhfuil Gaeltacht ar bith sa bhfásach ansin? :-) Nuacht Ghaeltacht na Gaillimhe agus Deisceart Mhuigheó http://anghaeltacht.net/ce |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3091 Registered: 02-2005
| Posted on Sunday, June 17, 2007 - 07:08 pm: | |
Bhuel, tá bean as an Eilean Sgitheanach a mhúineann Gàidhlig i dTucson: http://www.murielofskye.com/muriel/Welcome.html "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 632 Registered: 11-2004
| Posted on Monday, June 18, 2007 - 09:45 am: | |
Seo réamhradharc duit: http://www.scoilgaeilge.org/Jim/vacation2005/g_index.htm (Message edited by Séamas_Ó_neachtain on June 18, 2007) |
|
Bearn
Member Username: Bearn
Post Number: 35 Registered: 06-2007
| Posted on Monday, June 18, 2007 - 10:06 am: | |
An d'fhásadh cactaigh (cactai) in Éirinn? |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3092 Registered: 02-2005
| Posted on Monday, June 18, 2007 - 11:57 am: | |
Sílim go bhfaca mé Opuntia polyacantha ("prickly pear") nó cachtas eile cosúil leis ag fás i gCiarraí. Inimircigh a bheadh iontu, ar ndóigh. "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5662 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, June 18, 2007 - 12:01 pm: | |
Ach an ndeanfaidh siad leas na Gaeilge? |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3094 Registered: 02-2005
| Posted on Monday, June 18, 2007 - 12:07 pm: | |
Bhuelllll.... is inimircigh iad na deora dé i gCiarraí, agus bronnadh ainm deas Gaeilge orthu a thaithníonn lena lán daoine! "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Eoin
Member Username: Eoin
Post Number: 190 Registered: 10-2004
| Posted on Tuesday, June 19, 2007 - 11:08 am: | |
Gura maith agaibh - go mór mór Séamus - is íontach na pictiúirí iad - Tá mé ag súil go mór leis an dturas anois. Beidh mé ag dul isteach Phoenix ar an Aoine agus chun carr a fháil ansin agus dul go Scotsdale..ag obair go dtí oíche Luain agus ansin as go brach linn ó thuaidh..dhá lá sa tuaisceart agus ansin ag an deireadh lá amháin ó dheas i Tombstone... Abhaile go déanach ar an Aoine!!!! Hey ho Silver! E Nuacht Ghaeltacht na Gaillimhe agus Deisceart Mhuigheó http://anghaeltacht.net/ce |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 635 Registered: 11-2004
| Posted on Tuesday, June 19, 2007 - 11:10 am: | |
Tá cara idirlín agam in aice le tombstone. Ní fhacasa an deisceart ansin riamh, ach cloisim go bhfuil sé go hiontach. Bain sult as to thuras. Tá éad orm. Ba bhreá liom dul ar ais arís. |
|