Author |
Message |
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 372 Registered: 06-2006
| Posted on Sunday, June 03, 2007 - 06:12 pm: | |
Agus scannán an deireadh seachtaine : The Color Purple. Níor chaill Whoopi riamh é, aisteoir maith maille le bheith ina fuirseoir maith, ach chaill Opray é, bhí sí ina bean mhór an lá úd. ( Is maith liom scannáin i dtaca le teangeolaíocht is le sanasaíocht is le gramadach na Gaeilge a phlé i mbéarla ) Gur fada buan Whoopi. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3040 Registered: 02-2005
| Posted on Monday, June 04, 2007 - 12:44 pm: | |
Chonaic mé Will Smith in The Pursuit of Happiness ar an eitleán abhaile ó Heathrow ag deireadh na míosa seo caite. Ba dheas an scannán é -- níos mó ná sin ní déarfaidh mé faoi -- ach thaitnigh Smith riamh liom ó chonaic mé in Men in Black é! Agus aontaím go hiomlán leat faoi Whoopi. "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 375 Registered: 06-2006
| Posted on Tuesday, June 05, 2007 - 05:52 pm: | |
Coinneoidh mé súil amach dó. Is maith liom scannáin deasa. |
|
Fear_na_mbróg
Member Username: Fear_na_mbróg
Post Number: 1645 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, June 06, 2007 - 10:46 pm: | |
An scannán a mholfainnse go déanach ná "Deja Vu", an scannán is fearr a chonaic mé le tamall. -- Fáilte Roimh Cheartú -- Mura mbíonn téarma Gaeilge agaibh ar rud éigin, bígí cruthaitheach! Ná téigí i muinín focail Bhéarla a úsáid, údar truaillithe é sin dod chuid cainte. |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 624 Registered: 11-2004
| Posted on Thursday, June 07, 2007 - 10:02 am: | |
Ar chúis éigin, braithim go bhfaca mé an ceann sin cheana féin... |
|
Mise_fhéin
Member Username: Mise_fhéin
Post Number: 147 Registered: 11-2006
| Posted on Thursday, June 07, 2007 - 10:18 am: | |
ní fhaca mé The Color Purple go fóill ach tá sé i gceist agam é a fheiceáil . Sílim go bhfuil roinnt drogall orm roimhe mar gheall ar Whoopi. ní cheapaim, go pearsanta, gur aisteoir maith í. Leis an fhírinne déanta. Chonaic mé Spiderman le déanaí, agus mholfainn do lucht Daltaí é a sheachaint. Scannán gan mhaith is ea é.. "Ar chúis éigin, braithim go bhfaca mé an ceann sin cheana féin..." Ó... tá fadhb éicint leis an Matrix mar sin!! |
|
Paul (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Thursday, June 07, 2007 - 02:01 pm: | |
A chairde, Chonaic me scannan an-mhaith dar tideal Children of Men cúpla oíche ó shin. Bhí sé ar fheabhas. Is scannan an-an-dorcha é, ach is maith liom scannain mar sin, go háirithe scannain faoin todhchaí (Blade Runner, srl). Tá Children of Men suite i sa bhlian 2027, agus tá fadhb an-dáiríre orainn: bíonn gach duine neamhthorthúil. Tá an paiste is óige ocht mbliana d’aois. Rinne an stiurthóir Alfonso Cuarón é: tá taithi fada ag Cuarón mar stiurthóir faisnéise, agus tá stíl faisnéise ag “Children.” Paul |
|
Caitriona (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Sunday, June 10, 2007 - 08:34 pm: | |
Na cinn is fearr a chonaic mé le déanaí: 1. Osama – Uimhir a haon – an ceann is fearr! Chonaic mé é tar éis The Magdalene Sisters (arís) agus níl dabht ar bith go bhfuil saol crua ag mná i ngach tír ach is uafásach ar fad an chaoi ‘na raibh sé ag Osama bocht. Ní féidir gráin mar seo a thuiscint. 2. Pan’s Labyrinth – Iontach, iontach, iontach… faigh é inniu. Tá sé deacair breathnú air in áiteachaí mar gheall ar an bhforéigean ach sin mar atá cúsaí i gcogadh agus is aoibheann liom an ceangail idir an scéaltaíocht agus an fhírinne. 3. City of God – Caithfidh gach duine an scannán seo a fheiceáil. Foréigean go leor ann ach ceann a bhrisfidh do chroí. 4. Babel – Spéisiúl, go mór mór an cuid sa tSeapáin 5. The Road To Guantánamo – An-mhaith. Nach mór an trua nach gcloisimid an fhírinne sa tír seo. 6. Take My Eyes – Scéal dorcha ach coitianta. Buíochas le Dia go bhfuil scannáin ag insint na scéalta nach bhfaigheann dóthain ama san nuacht. 7. Dancer in the Dark – Tóg Kleenex leat: cliste, aisteach, brónach agus neart amhránaíocht ann (le Bjork). 8. The Sea Within – Cuirfidh sé ag smaoineamh thú. Scéal brónach faoi fear atá ag iarraidh cead a fháil bás a fháil. Bhí The Barbarian Invasions leis an téama céanna an-mhaith freisin. 9. Maria Full of Grace – Scannán ag plé le drugaí agus an chaoi ’na n-úsáideann said mná: álainn, brónach, fíor… ar fheabhas! 10. Spring, Summer, Fall, Winter... And Spring - álainn Beidh mé ag breathnú ar Once anocht. Tá súil agam go mbeidh sé go maith. Moladh go deo le Netflix! |
|
Fear_na_mbróg
Member Username: Fear_na_mbróg
Post Number: 1658 Registered: 08-2004
| Posted on Sunday, June 10, 2007 - 10:23 pm: | |
bhFaca éinne an scannán Hannibail nua? "Silence of the Lambs" ab ea an chéad cheann, ansin "Hannibal", ansin "Red Dragon". Agus anois, "Hannibal Rising" is ainm don cheann nua. Ceapaim gurb é an ceann is fearr sa sraith! Mholfainn daoibh go léir é a fheiceáil. -- Fáilte Roimh Cheartú -- Mura mbíonn téarma Gaeilge agaibh ar rud éigin, bígí cruthaitheach! Ná téigí i muinín focail Bhéarla a úsáid, údar truaillithe é sin dod chuid cainte. |
|
Caitriona (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Monday, June 11, 2007 - 01:52 am: | |
Chonaic mé na cinn eile ach ní fhaca mé Hannibal Rising fós. Go raibh maith agat. Ceart agat, a Phóil. Bhí Children of Men ar fheabhas agus an-bhaint aige leis na fadbhanna atá againn sa tír seo. Tarlaíonn sé leis an iomarca mórtas cine i dtír agus cruthaíonn sé eagla roimh agus gráin do dhaoine atá difriúil. Na ‘fugees’ a bhí acu sa scannán sin. Ach bhí beagáinín díoma orm leis an deireadh. Tá scannán eile ag Alfonso Cuarón a thaitin go mór liom: Y TU MAMA TAMBIEN Tá áthas orm go bhfuil ag éirí go geal leis na stiurthóirí ó México le déanaí. |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 376 Registered: 06-2006
| Posted on Monday, June 11, 2007 - 10:53 am: | |
A chaitríona, Ní fhaca mé ach uimhir 1 is 3 ar do liosta ach is maith liom an dúil s'agatsa i scannáin. Coinneoigh mé súil amach do na scannáin eile ar do liosta. Is trua nach ndéantar scannán in Éirinn mar Osama seachas an ráiméis más greannmhar é a mbíonn acu. Scéal le chroí atá in Osama, uile i nDaris (teanga de chuid na hAfgánistáine) ar bheagán acmhainní. Thug mé mo chroí freisin do City of God. Ar bhfaca tú American History X riamh? Foréigean arís, ach fós téann sé i ngleic le dearcadh is mothúcháin daoine nach bhfuil ró-dheas |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3067 Registered: 02-2005
| Posted on Monday, June 11, 2007 - 11:02 am: | |
quote:Y TU MAMA TAMBIEN An-scannán! Is fean de chuid Gael García Bernal mé. "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Mise_fhéin
Member Username: Mise_fhéin
Post Number: 148 Registered: 11-2006
| Posted on Monday, June 11, 2007 - 11:40 am: | |
City of God. iontach go deo |
|
Mise_fhéin
Member Username: Mise_fhéin
Post Number: 149 Registered: 11-2006
| Posted on Monday, June 11, 2007 - 11:46 am: | |
Thaitin an scannán The Motorcycle Diaries go mór liom |
|
Criostóir
Member Username: Criostóir
Post Number: 12 Registered: 07-2005
| Posted on Monday, June 11, 2007 - 08:00 pm: | |
Ach ní maith liom scannáin. |
|
Caitriona (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Saturday, June 16, 2007 - 04:56 pm: | |
Once - Ní leor once; chonaic mé é faoi dhó. Tá eolas, reviews agus an ceol anseo: http://www.foxsearchlight.com/once/ Tá mé i ngrá leis an scannán seo anois. Scaip an scéal. Caithfidh gach duine féachaint ar an gceann seo. Tá áthas an domhain orm go bhfaca mé é agus níl mé in ann dearmad a dhéanamh ar an gceol. Briseann sé rialacha agus má tá croí ar bith agat bainfidh tú taitneamh as. A Chriostóir, An maith leat leabhair, mar sin? |
|
Criostóir
Member Username: Criostóir
Post Number: 13 Registered: 07-2005
| Posted on Monday, June 18, 2007 - 07:32 pm: | |
Is maith liom leabhair, cinnte. Nuair a bhíonn tú ag féachaint ar scannán, ní féidir leat aon rud a dhéanamh ach suí ansin ar nós práta nó glasra, ag cur do chuid am amú gan aon mhaith a bhaint as, agus d'inchinn ag éiri bog agus lofa an t-am ar fad. Nuair a bhíonn tú ag léamh, is éigean d'aigne obair a dhéanamh--agus tá sé sin i bhfad níos sláintiúil. Sin an fáth nach maith liom scannáin (ach amháin scannáin le Clint Eastwood, ar ndoigh). |
|
Caitriona (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Tuesday, June 19, 2007 - 12:20 am: | |
Fiú amháin The Bridges of Madison County? |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3097 Registered: 02-2005
| Posted on Tuesday, June 19, 2007 - 01:01 am: | |
So is maith leat High Plains Drifter mar sin? An baile dearg ar bhruach Loch Mono? "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3098 Registered: 02-2005
| Posted on Tuesday, June 19, 2007 - 01:10 am: | |
quote:Fiú amháin The Bridges of Madison County? Is maith liom an cheist sin! Bhí an t-úrscéal ceart go leor. Ní fhaca mé an scannán riamh. "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Caitriona (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Tuesday, June 19, 2007 - 04:21 pm: | |
Cén chaoi 'bhfuil tú Dennis o mejor decir ¿Qué onda? ós rud é go raibh tú sa Spáinn le déanaí (chuala mé). B'fhéidir nuair atá seans agat go n-inseoidh tú scéalta ó do chuid ama ansin dúinn? Is aisteach an rud é ach i gcás The Bridges...tá mé ag ceapadh go raibh an scannán níos fearr ná an leabhar. Ach le Meryl agus Clint ann, b'fhéidir nach mór an t-ionadh é. Nach iontach an fear é Clint mar sin fhéin agus é in ann scannáin cosúil le Letters From Iwo Jima a thabhairt dúinn ag an gcuid seo dá shaol. A Chriostóir, tá mé ag dul ag scríobh liosta beag de na leabhair a thaitin liom i mbliana ar naisc eile. Ba mhaith liom do liosta a fheiceáil ann freisin má tá an t-am agat. Fáilte roimh moltaí ó gach duine ansin mar, faoi dheireadh, tá am saor agam agus beidh mé ag an linn snámha chuile lá le leabhar i mo lámh agam le cúnamh Dé. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3102 Registered: 02-2005
| Posted on Wednesday, June 20, 2007 - 12:13 pm: | |
quote:¿Qué onda? Bhuel... ós ag caint ar leabhair atá muid anois, léigh mé dhá úrscéal i Spáinnis a thaithnigh liom ar na mallaibh: El Club Dumas agus La Cena Secreta. Chríochnaigh mé an dara ceann nuair a bhí mé thall, agus cheannaigh ceann nua, La Sombra del Viento, ach níor thosaigh mé fós é. Séard atá á léamh agam faoi láthair ná Les Gaules, ceann de na sé leabhar a cheannaigh mé ar an ábhar sin nuair a bhí mé i bPáras ag deireadh an turais. Maidir leis an mbia -- ábhar eile atá gar do mo chroí! -- bhí an bia a fuair mé sa Spáinn an-deas, cé go bhfui sé beagáinín trom. Tá mé ag iarraidh gazpacho andaluz a chur le chéile i mo chistin anseo atá chomh maith céanna leis an gazpacho a bhlais mé thall! Agus beidh mé ag obair ar salmorejo agus ajo blanco, dhá anraith fuar eile, freisin. "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Criostóir
Member Username: Criostóir
Post Number: 14 Registered: 07-2005
| Posted on Monday, July 09, 2007 - 06:53 pm: | |
A Chaitriona, Mholfainn cúpla leabhar duit, muna bhfuil siad léite agat cheana: "Lámh Láidir" le Joe Steve Ó Neachtain, úrscéal faoin saol i gConamara sna 1950í, "An Ród seo Romham", le Liam Mac Uistín, beathaisnéis Pádraic Mac Piarais, "Scéalta ó Theach na mBocht", le Eugene McCabe, gearrscéalta faoin Ghorta Mhóir. Sin iad na leabhair a thaitin go mór liom i mbliana. Ach is maith liom scannáin le Clint Eastwood freisin. |
|
Caitriona (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Sunday, July 15, 2007 - 02:19 pm: | |
Gabh mo leithséal; bhí mé caillte i leabhair agus ceol le déanaí. faighim sólás iontu. Maith agaibh. Tá mé fós ag léamh ach caithfidh mé 'Cien años de soledad' a chríochnú ar dtús. Agus tá mé ag éisteach leis an 'Swell Season' fhad is atá mé ag léamh. Iontach! Bhfuil Gaeilge ar multi-tasking ag éinne? |
|
Diolun
Member Username: Diolun
Post Number: 2 Registered: 07-2007
| Posted on Sunday, July 15, 2007 - 03:29 pm: | |
dia dhaoibh, conas ata sibh, is mise matt agas ta me i mo chonai i gcanada, agas ta me ag fhoghlaim na gaelige anois, go raibh maith agat agas slan go foill. |
|
An Dub (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Sunday, July 15, 2007 - 06:19 pm: | |
A Chaitríona, féach anseo: http://www.focal.ie/Search.aspx?term=multitasking Is é iltascáil an focal atá á lorg agat |
|
caitriona (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Sunday, July 22, 2007 - 02:50 pm: | |
Maith 'ad, a chara. Iontach. Anois, cén chaoi a usáidim an téarma? 'Tá mé ag iltascáil.' nó 'Tá iltascáil ar siúl agam.' ? |
|