Léigh mé leabhar le Gearóid Mac Unfraidh tamall ó shoin. Oifigeach in Arm na hÉireann ab ea é agus scríobh sé i dtaobh a sheal leis na Náisiúin Aontaithe sa Liobáin. Is trua nach bhfuil a thuilleadh leabhar mar sin ann.
Ach, de réir dealraimh, tá Gearóid imithe le dlí anois. San alt seo, tugann sé spléachadh dúinn faoin chaoi a ndeachaidh an dlí agus an chaoi a d'fhéadfadh sé dul chun sochair cheart na Gaeilge. Tugann sé samplaí na hÉireann agus SAM dúinn.
Molann sé dúinn go mbeadh straitéis againn dul i ngleic an dlí go héifeachtúil seachas fanacht go dtagann an dlí chugainn.
Molann sé Fondúireach a chur ar bun a chruinneodh an neart, na scileann, an fhoireann, a leagfadh amach pleananna chun na ceartanna a bhaint amach.
An chuid is laige dena argóint ná go mbeadh deacrachtaí airgid ann i gcónaí. Tagraíonn sé do seo, ach níl go leor smaointe caite leis; agus tá drogall ar gach eagras Gaeilge roimh an dlí cionn is go bhfuil faitíos orthu go gcaillfeadh siad a deontaisí Rialtais.
http://www.feasta.ie/2007/eanair/alt5.html