Author |
Message |
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 596 Registered: 11-2004
| Posted on Tuesday, May 15, 2007 - 05:26 pm: | |
Tá tuairisc ann faoin duais seo atá urraithe ag Comhar féin. Duais litríochta atá ann (do ghearrscéal). Leathanach atá ann ina leith, faoin teidil 'Ócáid Bhronnta Dhámhachtain Uí Chadhain.' Tosaíonn an t-alt seo faoi ard-chaighdeán na litríochta agus tacaíocht dó, i bpríomhiris liteartha na Gaeilge, mar seo leanas: "Bronnadh Dámhachtain Uí Chadhain 2006 ar Rosanna Lyons ar an Mháirt 13 Márta seo caite ag searmanas i Leabharlann na Cathrach, Sr an Phiarsaigh, BÁC 2, ar an Mháirt 13 Márta seo caite." (B'fhéidir go bhfuilim ag gearrán mar níor fhoilsíodh aon dán de mo chuid san eagrán is déanaí...) |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 308 Registered: 06-2006
| Posted on Wednesday, May 16, 2007 - 05:55 am: | |
(Tiocfaidh do lá) |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 597 Registered: 11-2004
| Posted on Wednesday, May 16, 2007 - 09:17 am: | |
(ar an Mháirt ar an Mháirt?) |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 311 Registered: 06-2006
| Posted on Wednesday, May 16, 2007 - 11:22 am: | |
Á! Tuigim do ghearán anois. Léamh docht na gramadaí, mar is dílis duit. Tuige nach gcuireann tú an mheancóg seo ar súile COMHAR? Bíonn cáithnín fá shúil na comharsan níos feiceálaí ná sail do shúile fhéin ;-) |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 599 Registered: 11-2004
| Posted on Wednesday, May 16, 2007 - 11:42 am: | |
Bíonn a lán botún ann i gcónaí. Cheapfaí nach léann an t-eagarthóir a irisleabhar féin sula gcuirtear i gcló é. Ach ní eagarthóir mise. DAS, ní fadhb ghramadúil a luaigh mé, ach fadhb scríbhneoireachta/eagarthóireachta! Is léir gur tosaíodh ar athscríobh na habairte sin, agus fágadh an dá leagan measctha lena chéile (rud a dhéanaimse go minic ar na cláir phlé...). (Message edited by Séamas_Ó_neachtain on May 16, 2007) |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 602 Registered: 11-2004
| Posted on Thursday, May 17, 2007 - 11:33 am: | |
Na hailt ba shuntasaí, dar liomsa, ná an ceann faoin lucht siúil agus an ceann faoi Bhéal Feirste sna seascaidí. |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 317 Registered: 06-2006
| Posted on Friday, May 18, 2007 - 06:41 am: | |
Bhain mé súp as na hailt go léir, cionn is gur chuir mé romham abairt nó dhó a scríobh ina dtaobh ar an suíomh seo! |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 318 Registered: 06-2006
| Posted on Friday, May 18, 2007 - 10:13 am: | |
Dála an scéil tá cuid de COMHAR na míosa seo ar líne. Seo roinnt dánta le Biddy Jenkinson, a bhainneann craitheadh asam riamh: http://www.comhar-iris.ie/Cartlann.aspx?Eagran=2007-05 |
|