Author |
Message |
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 590 Registered: 11-2004
| Posted on Monday, May 14, 2007 - 11:06 am: | |
An bhfaca aon duine leagan Gaeilge den urnaí seo riamh? Ní bhfuair mé é áit ar bith. http://www.preces-latinae.org/thesaurus/Basics/VSS.html |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 306 Registered: 06-2006
| Posted on Monday, May 14, 2007 - 11:28 am: | |
Tá an pápa sa Bhraisíl ar ala na huaire, ach chomh luath is a thagann sé ar ais, chuirfidh mé ceist air. ;-) |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5318 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, May 14, 2007 - 12:14 pm: | |
Creidim go bhfuil leagan agam áit éigin sa bhaile. Rachfaidh mé ag tochailt. |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 592 Registered: 11-2004
| Posted on Monday, May 14, 2007 - 01:36 pm: | |
Go raibh maith agat. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5320 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, May 15, 2007 - 05:42 am: | |
Níor éirigh liom lámh a leagan air, ach tá leabhar nó dhó nach bhfuair mé. Beidh mé amuigh anocht; amanathar beidh freagar agam dhuit, lcd. |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 594 Registered: 11-2004
| Posted on Tuesday, May 15, 2007 - 09:48 am: | |
Fuair duine eile é seo: http://www.legion-of-mary.ie/Prayers/Prayers/irish.html Ach tá na síntí fada ar lár ann, agus cúpla fadhb eile. Seo mar a rinne mé de: Tar a Spioraid Naoimh, líon croíthe do chreidmheach agus las iontu do ghrá. V. Cuir amach do Spioraid agus cruthófar iad. R. Agus déanfaidh tú aghaidh na talún d'athnuachaint. Guímis. A Dhia a rinne croíthe na gcreidmheach do theagasc le soilsiu an Spioraid naoimh, tabhair dúinn blas d'fháil sa Spioraid céanna ar na nithe atá cóir agus síor-lúcháir do bheith orainn trína sholas. Trí Chríost ar dTiarna. Amen. An é seo an leagan atá agatsa? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5322 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, May 15, 2007 - 10:38 am: | |
Níl fhios agam! Is dóigh liom go bhfuil leagan níos nadúrtha feicthe agam; tá blas an Bhéarla ar san. |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 309 Registered: 06-2006
| Posted on Wednesday, May 16, 2007 - 06:14 am: | |
D'iarr A Naofacht orm A leithscéal a ghábháil. Tá tuirse Air i ndiaidh A chuirte agus tá Sé ag déanamh A scíste sna hAlpa. Ach d'iarr sé ort gan ró-thabhacht a thabhairt do phusacháin chráifeacha na meánaoiseanna Eorpaigh roimh saíocht na hÉireann. Molann sé seo mar agús sa Phaidrín páirteach gaelach: Paidir is Aibhe Máiria le gach áit a bhfeicfidh tú sinn idir dhá chomhairle, lenár seoladh ar bhealach ár leasa, ár seachaint ar bhealach ár n-aimhleasa, agus ár sábháil ar ár namhaid ó thaobh anma agus coirp; na leannáin pheacaí is mó atá ag leanúint dínn a scrios agus a dhíbirt uainn, grásta Dé agus na Maighdeana Muire a ligint chugainn ina n-áit: lenár sábháil ar an-oidhe, ar an-bhás, ar an-chathú an diabhail, an tsaoil agus na colla; uair na ngrásta ar uair ár mbáis, dea-bhás agus dea-lá chun na cille go gcuire sé chugainn, a Thiarna |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 600 Registered: 11-2004
| Posted on Wednesday, May 16, 2007 - 03:14 pm: | |
Seo leagan eile a bhfuair mé: Tar, a Spioraid Naoimh. Líon anama na bfíréan agus las tine do ghrá iontu. Seol uait do Spiorad agus cruthófar iad agus athnuachfaidh tú an domhan go léir. Tusa a theagasc croíthe na bhfíréan trí sholas an Spioraid Naoimh. Deónaigh, trí dheóntas an Spioraid chéanna go mbeidh muid i gcónaí fíor-chríonna agus go síorraí gliondrach i n-a shonas. Trí Chríost Ár dTiarna. Amén |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5333 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, May 16, 2007 - 04:48 pm: | |
sin níos fearr. Tá sé ag cinnt orm faoi láthair an leabhar atá uaim d'fháil. |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 313 Registered: 06-2006
| Posted on Thursday, May 17, 2007 - 04:57 am: | |
"Paidir is Aibhe Máiria le hanamneacha bochta Purgadóra, an chuid is mó pian agus is lú cairde, go háirithe ár bhfíormhuintir fhéin nó créatúr ar bith eile atá ag diúl lenár bpaidir, lena bhfuascailt as pianta purgadóra, agus a gcuid de ghlóir na bhflaitheas a thabhairt dóibh" |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 316 Registered: 06-2006
| Posted on Friday, May 18, 2007 - 06:38 am: | |
"Paidir is Aibhe Máiria le sinn a bheith níos fearr bliain ó anocht ná atáimid anocht, lenár dtabhairt saolach, slán ó bhris agus ó chaill na bliana, gach áit a bhfeicfidh tú sinn, ar muir agus ar tír, lenár dtabhairt as gan bhris gan chaill, gan náire shaolta; lenár sábháil ar ghalair ghránna , ar dhrochaicídeacha na bliana agus go háirithe ar an bhfiabhras." |
|