Author |
Message |
An Dub (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Saturday, May 12, 2007 - 07:38 pm: | |
Chonaic mé an scannán "Saol Daoine Eile/The Lives of Others" le déanaí san UCG i lár Bhaile Átha Cliath. Is scannán Gearmánach é agus taispeáineadh é le fotheidil as Béarla. Is scannán an-mhaith é (im thuairimse). Tarlaíonn an scéal in Oirthear na Gearmáine i ré na gCumannach. Is iad na príomhcharaictéirí ná dramadóir agus an t-oifigeach díograiseach Stasi atá ag déanamh spiaireacht air. Ní inseoidh mé an scéal anseo ach is fiú díobh é a fheiceáil. Taispeáineann sé an saghas saoil a bhí ag daoine i "stát póilíneach". Is scéal brónach é i ndáiríre ach críochnaíonn sé le píosa beag áthais. Na ceisteanna ata agam ná:- a) an fiú leagan a dhéanamh le fotheidil as Gaeilge? b) cén costas a bheadh ar an obair? |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 588 Registered: 11-2004
| Posted on Monday, May 14, 2007 - 10:09 am: | |
Chuala mé go raibh sé go han-mhaith. Ba mhaith liom é a fheiscint. Seans nach bhfeicfidh mé go dtí an uair go mbeidh sé ar DVD nó ar an teilifís, ámh. Ní minic a théim go dtí an amharclann. |
|
as lathair (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Saturday, May 19, 2007 - 12:18 pm: | |
ma raibh daoine i eire a niraidh an scanann a fheicail as gaeilge is fiu e a chur le fotheidil gan smaoineamh ach nil ceist faoi beidh costas saghas ard ar ach cen fa nach sheolfa poist leictreach go TG4 agus an ceist a chur orthu taim cinte go mbeidh freagra acu in aon chur go neiri leat! |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 320 Registered: 06-2006
| Posted on Saturday, May 19, 2007 - 01:37 pm: | |
smaoineamh maith, a as láthair ! |
|