mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Comhrá Oscailte as Gaeilge (Irish Only) » Archive through December 26, 2008 » Ag tógaint leanaí le gaelainn « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Cáitín
Member
Username: Cáitín

Post Number: 1
Registered: 05-2007
Posted on Tuesday, May 08, 2007 - 03:57 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

An bhfuil aon tuairimí ag éinne timpeall ar seo, má thá Gaeilge ag duine amháin de na tuismitheoirí, agus gan aon Ghaeilge ag an duine eile, conas a oibríonn sé seo má thá tú ag iarraidh do chuid leanaí a thógaint le Gaeilge....?? Aon chabhair ag éinne?
C

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 5274
Registered: 08-2004


Posted on Tuesday, May 08, 2007 - 04:58 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Oibríonn sé.

Tá sé tabhachtach cloí le teanga amháin agus tú ag labhairt le do leanbh.

Téir i dteagmháil le www.comhluadar.ie, tá leabhrán an-cabhrach acu.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Domhnall
Member
Username: Domhnall

Post Number: 1028
Registered: 06-2005


Posted on Wednesday, May 09, 2007 - 11:34 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Bíonn sé éasca do pháistí léim ó theanga go teanga. Mar sin, cén fáth nach labhrófa i nGaeilge led pháiste agus is féidir leis an tuismitheoir eile Béarla a labhairt leis/leí?

A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Cáitín
Member
Username: Cáitín

Post Number: 3
Registered: 05-2007
Posted on Wednesday, May 09, 2007 - 12:58 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Sin é an rud a bhíos ag ceapadh. I mo thigse nuair a bhios óg is Gaelainn ar fad a bhí sa tigh so bhí sé deacair dom a shamhlú conas a oibreodh sé le dhá theanga....

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 5285
Registered: 08-2004


Posted on Wednesday, May 09, 2007 - 04:17 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Tá Gearmáinis agus Gaeilge sa bhaile againne.
Feidhmíonn sé!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Cáitín
Member
Username: Cáitín

Post Number: 5
Registered: 05-2007
Posted on Wednesday, May 09, 2007 - 05:05 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Wow tá sé sin go hiontach, tugann sin spreagadh dom! C

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

John
Member
Username: John

Post Number: 1
Registered: 05-2007
Posted on Thursday, May 10, 2007 - 04:27 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Táimse féin ag iarraidh mo mhac (14 míonna) a thógáil le Gaoluinn.
Seo iad mo smaointe.
Tá ceithre deacrachtaí (ar a laghad!) agam:

Níor thógadh mé féin le Gaoluinn - agus níl cruinneas ná líofacht agam. Tá súil agam go mbeidh mo chuid Gaoluinne ag dul i bhfeabhas is a bhfuil an leanbh ag fás aníos.

Táimid in ár gcónaí i Sasana - mar sin níl na h-áiseanna céanna don bhfoghlaimeoir anseo is a bhfuil ar fáil in Éirinn - naíonraí, Gaelscoileanna, TG4 ar an ngnáthteilifís agus rl.

Níl mórán Gaoluinn ag mo bhean chéile. Cé go bhfuil sí thar a bheith báúil don teanga, ní Éireannach í agus labhrann sí Béarla lenár mac. Ciallaíonn sé sin go labhraíomar beirt Béarla lenár gcéile freisin. Mar sin, cé go gcloím leis an nGaoluinn an t-am ar fad (mar ar chomharlaigh Aonghus), ní chloiseann seisean Gaoluinn ach ó am go chéile. (Bímse amuigh ag obair i rith na seachtaine, is an leanbh i gcúram a mháthair.)

Sin é mo scéal casta!
Má tá comhairle breise agaibh, bheinn an-bhuíoch daoibh.


J

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 5297
Registered: 08-2004


Posted on Thursday, May 10, 2007 - 04:46 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Níor labhair mo leanaí mórán Gaeilge liomsa, go dtí gur chuala siad leanaí eile á labhairt ar Inis Óirr; bíodh misneach agat mar sin! (Gearmáinis a labhraím le mo bhean, agus is i mBerlín a bhí muid nuair a bhí mo bheirt mhac idir 0 agus 4/5)

1) Téir i dteagmháil le Comhluadar. Chuile seans go mbeadh siad in ann tú a chuir in aithne do chlanna eile i Sasana. Agus bíonn imeachtaí acu i rith an Samhradh a d'fheadfá freastal orthu agus tú ar saoire abhus.

2) Faigh carn mór leabhair do pháistí agus léigh le/do do leanbh iad.

3) Faigh an oiread CDanna agus is féidir leat do phaistí. Tá i bhfad níos mó ann ná mar a bhí agus mé ag tosú. rabhlaí Rabhlaí, Scéilín ó Bhéilín, Cathal Coinín, Gugalaí Gug,

4) Faigh Dora i nGaeilge ar DVD, agus rud ar bith eile is féidir leat!

5) Coinnigh ort!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

John
Member
Username: John

Post Number: 2
Registered: 05-2007
Posted on Friday, May 11, 2007 - 06:52 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Go raibh maith agat.
Tugann sé sin misne dom gan dabht.

Tá cuid mhaith dos na leabhair (agus dlúthdhioscaí) san agam fós.

Sheol Comhluadar leabhair dom freisin nuair a rugadh ar mo mhac - caithfidh mé dul i dteagmháil leo arís.
Bhí suim agam sna laethanta saoire a chuireann siad ar siúl - ach cheapas go mbeadh ar mo bhean chéile fanacht sa bhaile - toisc nárbh fhéadfadh sí páirt ró-mhór a ghlacadh sna himeachtaí.

Leanfaimid ar aghaidh ar aon nós - táimd ag baint an-taitneamh as. Tá sé soiléir cheana féin go dtuigeann an leanbh focail Gaoluinne - agus is iontach an rud é sin.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Cailindoll
Member
Username: Cailindoll

Post Number: 187
Registered: 12-2004
Posted on Monday, May 21, 2007 - 02:17 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post


Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Domhnall
Member
Username: Domhnall

Post Number: 1075
Registered: 06-2005


Posted on Tuesday, May 22, 2007 - 05:26 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Agus céard faoi chlann O'hAilpín... Gaeilge agus Fiji nach ea?!

A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

BRN (Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From: 159.134.221.236
Posted on Wednesday, May 23, 2007 - 09:39 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Níl a mháir ó Fhiji, ach Rotuma. Bíonn an t-oileán 700 maighlz as é/í, agus bíonn an teanga ann ag stad ina haonar, ach b'fheidir go bhfuil sí Polynesian:

http://www.rotuma.net/os/Language.html

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

BRN (Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From: 159.134.221.236
Posted on Wednesday, May 23, 2007 - 09:41 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

ag stad? ag seasamh!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

John
Member
Username: John

Post Number: 3
Registered: 05-2007
Posted on Thursday, May 24, 2007 - 04:45 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

A Chailíndoll

Go raibh maith agat - níor chonaic mé an suíomh sin paistelegailge.com riamh. Beidh mé i dteagmháil leo.


JH

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Labhrás (Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From: 192.149.13.10
Posted on Tuesday, July 31, 2007 - 01:30 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Tá grúpa nua (tuismitheoirí) tosaithe ar Yahoo Groups ag Brian Ó Broin chun daoine atá ag tógáil clainne le Gaeilge a thabhairt le chéile. Seans gur mhaith leat clárú leis an ngrúpa sin. le meas, Labhrás

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Cionaodh
Member
Username: Cionaodh

Post Number: 626
Registered: 05-2005


Posted on Friday, August 03, 2007 - 06:06 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Tá grúpa nua (tuismitheoirí) tosaithe ar Yahoo Groups ag Brian Ó Broin chun daoine atá ag tógáil clainne le Gaeilge a thabhairt le chéile. Seans gur mhaith leat clárú leis an ngrúpa sin.

Seo dhaoibh:

http://groups.yahoo.com/group/tuismitheoiri

http://www.gaeilge.org

FRC - Fáilte Roimh Cheartúcháin

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Lughaidh
Member
Username: Lughaidh

Post Number: 1798
Registered: 01-2005
Posted on Sunday, August 05, 2007 - 07:36 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Tá fadhb eile agam: ba mhaith liom mo pháistí (nach bhfuil agam go fóill) a thógáilt le Gaeilg agus le Briotáinis (agus chuirfeadh mo chailín Fraincis rófa, cé go bhfuil a cuid Fraincise giota beag aistíoch ó am go chéile). Ach tá eagla orm gur barraíocht sin! An bhfuil duine ar bith anseo a thógfadh páistí le trí theangaidh? :-)

Learn Irish pronunciation here: www.phouka.com/gaelic/sounds/sounds.htm

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 5929
Registered: 08-2004


Posted on Sunday, August 05, 2007 - 03:39 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Moltar duine tagartha amháin a bheith ann do gach teanga. An bhfeadfadh dó mhuintir an Briotáinis a labhairt leo?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Lughaidh
Member
Username: Lughaidh

Post Number: 1810
Registered: 01-2005
Posted on Thursday, August 09, 2007 - 01:58 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Léigh mé sin fosta.

Níl focal Briotáinise ar bith aige mo mhuitir. Ba dh’í mo shin-seanmháthair an duine deireanach a rabh Briotáinis aici ’n mo theaghlach (fuair sí bás bliain sular rugadh mé). Dheá ghlúin gan Bhriotáinis, mar sin, agus anois tá ’n teangaidh ar aist liom.

Agus ní féidir liom rogha a dhéanamh eadar Gaeilg is Briotáinis. Tá grá agam don dá theangaidh. Is í ’n Bhriotáinis an teangaidh a bhí aige mo mhuitir uilig leis na céadta. Agus is dóigh liom go bhfuil i bhfad níos mó áiseann i nGaeilg fá choinne na bpáistí (agus thig linn a ghabháil ar saoire go Tír Chonaill), ná in mo chanúint Bhriotáinise.

Tuigeann tú ’n fhadhb...

Learn Irish pronunciation here: www.phouka.com/gaelic/sounds/sounds.htm

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 5941
Registered: 08-2004


Posted on Thursday, August 09, 2007 - 05:26 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Bhuel. Dá mba mise thusa, is dóigh liom go labhróinn Briotáinis leis an bpaiste ar mhaithe lena fhéiniúlacht Briotánach. Ach chuirfinn na háiseanna i nGaeilge roimhe.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Lughaidh
Member
Username: Lughaidh

Post Number: 1812
Registered: 01-2005
Posted on Thursday, August 09, 2007 - 06:57 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Ceart go leor, ach ba mhaith liom iad Gaeilg Uladh a labhairt (níl áis ar bith i nGaeilg Uladh inniu fá choinne na bpáistí, dar liom), agus ba mhaith liom labhairt leofa i nGaeilg.

Le fírinne, ba dh’é ’n t-aon réiteach simplí bheith ’nár gcónaí in Éirinn, mé a’ labhairt Briotáinise leofa, mo chailín a’ labhairt Fraincise leofa agus iad a’ freastal ar Ghaelscoil (i ndúil go mbeadh Gaeilg cheart aige na múinteoirí...). Ach... cha dtig linn ghabháil a chur faoinn in Éirinn.

Ruith smaoitiú liom: ’síleann tú go n-oibreochadh sé dá labharfainn i nGaeilg lá agus i mBriotáinis an lá ina dhiaidh sin, srl ?

Learn Irish pronunciation here: www.phouka.com/gaelic/sounds/sounds.htm & http://fsii.gaeilge.org/

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 5944
Registered: 08-2004


Posted on Friday, August 10, 2007 - 08:36 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

quote:

’síleann tú go n-oibreochadh sé dá labharfainn i nGaeilg lá agus i mBriotáinis an lá ina dhiaidh sin,



Ní shílim!

quote:

áis ar bith i nGaeilg Uladh inniu



http://www.litriocht.com/shop/product_info.php?manufacturers_id=&products_id=162 6&osCsid=92c3bd7332bbb005a2b606bc8c5efda7

Cathal Coinín Agus Cairde Beaga Eile le CD
Gearóidín Breathnach

http://www.litriocht.com/shop/product_info.php?cPath=59_43&products_id=4391

A Stór is a Stóirín
Pádraigín Ní Uallacháin



Seo moladh dhuit. Labhair tusa Briotáinis leis/lei i dtreo is go mbeidh sé/sí dhátheangach. Ansin, nuair atá an páiste sna déaga luath, seol go Gaoth Dobhair ar feadh roinnt míosa (sa Gheimhridh!) í nó é.

Is mar sin a d'fhoghlaim mise Gearmáinís - chaith mé 10 seachtain san Ostair agus mé 11.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

John
Member
Username: John

Post Number: 9
Registered: 05-2007
Posted on Saturday, August 11, 2007 - 08:51 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

A Luaghaidh

Tá áis eile ar fáil i nGaeilge na hUladh: an leabhar/ dlúthdhiosca 'Gaschaint'.

http://www.litriocht.com/shop/product_info.php?nnmanufacturers_id=&products_id=3 883&osCsid=e8ff5886acba36a0f6910c1a83676eec

Tá leganacha dos na focail/ frásaí Gaoluinne le fáil sna trí mhór-chanúintí ann agus tá dlúth dhioscaí faoi leith do gach ceann acu sa phacáiste freisin.

Ní bhainimse úsáid as an leangan Ultach agus is féidir liom na trí dhlúthdhioscaí sin a sheoladh chugat mas maith leat.


John

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Lughaidh
Member
Username: Lughaidh

Post Number: 1818
Registered: 01-2005
Posted on Saturday, August 11, 2007 - 12:57 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Bheinn breá sásta na dlúthdhioscaí sine a chluinstean, leoga, grma!

An dtig leat inse domh cad é ’n cineál rudaí atá le fáilt ins an leabhar Gaschaint, le do thoil?

Grma, a chara

Learn Irish pronunciation here: www.phouka.com/gaelic/sounds/sounds.htm & http://fsii.gaeilge.org/

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 5948
Registered: 08-2004


Posted on Saturday, August 11, 2007 - 03:10 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

http://www.gaelport.com/index.php?page=clippings&id=805&viewby=date

Tá cur síos ar ansin. De réir mo thuiscint, bunghaeilge do thuismitheoirí a bhfuil paistí acu ar Gaelscoil ata i gceist.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

John
Member
Username: John

Post Number: 10
Registered: 05-2007
Posted on Tuesday, August 14, 2007 - 10:51 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

'bunghaeilge do thuismitheoirí a bhfuil paistí acu ar Gaelscoil ata i gceist.'

Sin é díreach é.

Baineann na caibidilí le gnáthsaol na clainne - 'Ar Maidin', 'Ar Scoil' agus rl.
Tá gach caibidil roinnte de réir téama: 'Ag Éirí', 'Cuir ort do chuid éadaigh' ...
I ngach alt tá liosta frásaí le fáil i mBéarla agus i ngach ceann dos na trí mhórcanúintí. Is féidir leat éisteacht leis an ndlúthdhiosca chomhfhreagrach agus tú ag léamh. Eistím leis sa ghluaisteán.

Níl ach Gaeilge na hArdteistiméarachta (Scoil na mBráithre Trá Lí 1987!) agamsa - mar sin cuidíonn sé go mór dom sa tionscadal útóipeach seo.

A Lughaidh, má tá suim agat ann fós cuir ríomhphost dom le do sheoladh:

john.harrington@liverpool.ac.uk



©Daltaí na Gaeilge