Author |
Message |
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 267 Registered: 06-2006
| Posted on Monday, April 30, 2007 - 08:17 am: | |
Tá cur síos ar FEASTA ar imeachta Sheachtain na Gaeilge agus imeachtaí eile. Tá cur síos ag Brian mac a' Bhaird/COMHAR ar an triúr is deise ach is mí-ámharaí den lucht siúil dar mhair riamh. Is geal le mo chroí aon rud a scríobh Máirtín Ó Cadhain nó a scríobhtar ina leith. Deir Fidelma Ní Ghallchobhair ina haltsan go raibh fonn ar Mháirtín dul le drámaíocht ach gur dhiúltaigh Amharclann na Mainistreach dó. Tá dul na drámaíochta riamh ina chuid scríbhneoireachta áfach. Pléann Fidelma "An Eochair", gearscéal leis ar mhaígh Alan Titley, más buan mo chuimhne, gur úrscéal den scoth a bhí ann. Pléann sí go sonrach na deismireachtaí is rabairní friotail i gcaint na gcarachtaer. Is trua go gcaillfidh mé an dara chuid den alt seo an mhí seo chugainn. |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 562 Registered: 11-2004
| Posted on Monday, April 30, 2007 - 10:09 am: | |
An bhfuil tú ag fáil bháis (slán mar a n-insítear é)? |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 269 Registered: 06-2006
| Posted on Monday, April 30, 2007 - 10:20 am: | |
Cé nach bhfuil ag fáil bháis (slán mar a n-insítear é)? |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 564 Registered: 11-2004
| Posted on Monday, April 30, 2007 - 10:30 am: | |
Sin éasca. An tá atá marbh cheana. |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 270 Registered: 06-2006
| Posted on Monday, April 30, 2007 - 10:32 am: | |
Ó! Dóbair dom titim as mo shuí. ;-) |
|