Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 264 Registered: 06-2006
| Posted on Friday, April 27, 2007 - 06:58 am: | |
Deireann Seán Ua Cearnaigh/FEASTA ina léirmheas ar ANNA & NIKO le Gabriel Rosenstock agus ceathrar eile go bhfuil an scríbhneoireacht ar fheabhas, an t-aicsean croíúil corraitheach , agus na comhráite go sneasta deisbhéalach. Ar an leathanach céanna, tá leagan Gaeilge de dhán Rabindranath Tagore leis an Gabriel céanna. Líon Suas Arís É le "Murchadh Mac an Aighnis"/FEASTA is ainm spraoiúil ar an chéad alt eile. Pléann sé Rotha Mór an tSaoil le Micí Mac Gabhann, leabhar nár léigh mé ó bhí mé ar scoil, Dia go deo leis na laethanta sin. |