Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 255 Registered: 06-2006
| Posted on Wednesday, April 25, 2007 - 10:34 am: | |
Tá trí dhán ag Liam Prút ar FEASTA agus dán ar COMHAR. Iad gearr snoite rithimeach. Feictear dom go bhfuil an bás agus an mhuir mar dhá shnáth tríothu ar fad. Ar COMHAR, chuir Aodh Ó Canainn Gaeilge ar chaint a thug an scríbhneoir Mario Vargas Llosa sa Rómáin 2005. Is maith liom glinne, léargas, is friotal na scríbhneoirí móra; cé nár léigh mé Mario riamh. Pléann sé an scríbhneoireacht mar fhorbairt ar scéalaíocht a bhí ann ó chianaibh. Deir sé go bhfuil cáilíocht ag gach duine: intleacht, samhlaíocht is mianta aige a thugann air míle saol seachas a shaol féin a shantú. Gairm álainn na mbréag is ainm na cainte. Cuireann saol seo na mbréag amhras, eagla agus namhadachas ar dhaoine ar mhaith leo an saol daonna a eagrú ó thús deireadh. Cothaíonn an litríocht díogras is ardú meanmain. Is den samhlaíocht é. Is den díogras é. Éilíonn spiorad an daonlathais é. Deir sé: "Is í an tsaoirse an ní is dlúithe atá ceangailte lenár ngairm." |