Author |
Message |
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 252 Registered: 06-2006
| Posted on Wednesday, April 25, 2007 - 07:39 am: | |
Ansin tagann na hailt polaitíochta. Pléann Seán Ó Loingsigh/FEASTA iarmhairt an chruinnithe idir An Dr. Iain Paeslaoi agus Gearóid Mac Adaimh. Beidh le féacháil, ach tá an Taoiseach is PríomhAire na Breataine sásta, agus is sleamhnach an cheird an pholaitíocht. Maíonn sé go bhfuil Sinn Féin ag déanamh an-dul chun cinn sa tír ar fad. Tá athrú eile sa Tuaisceart, deir Seán Ó Loingsigh/FEASTA go bhfuil vóta na nAontachóirí ag athrú is ag laghdú. Daoine óga aontachtóirí ag tabhairt Sasana orthu fhéin gan filleadh. Ní fios an mbeidh Acht Gaeilge ann. Pléann Seán Ó hÉalaí/COMHAR Éamonn Mac an tSaoir, ceannaire an Pháirtí Náisiúnaigh nach bhfuil ann anois. Ghlac an SDLP a áit, agus anois tá Sinn Féin ag glacadh a áitsean. Tá cur síos stuama ag Anton Mac Cába/COMHAR ar chlaontaí vótaíochta an Tuaiscirt. Tá monainilís déanta aige. |
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 982 Registered: 06-2005
| Posted on Wednesday, April 25, 2007 - 11:10 am: | |
Ag tabhairt Sasana orthu fhéin? Ag fágáil éireann gan teacht ar ais? Sin an ciall? Aye, tá 4 suíochán níos lú ag na hAontachóirí anois más buan mo chuimhne. Anseo i nGaeltacht Iarthar Bhéal Feirste, níl aontachtach ar bith tofa, Cúigear ag Sinn Féin agus Duine ón sdlp sin an méid. Chaill an bhean ghránna sin ón dup a suíochán anseo :) A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 256 Registered: 06-2006
| Posted on Wednesday, April 25, 2007 - 11:23 am: | |
"Ag tabhairt Sasana orthu fhéin? Ag fágáil éireann gan teacht ar ais? Sin an ciall?" Rinne Seán Ó Loingsigh/FEASTA tagairt do Ghearóid Mac Gearailt agus a cholún ar an irish times mar bhunús na tagairte seo. Ach seandheilín an an Gearailteach é seo, más buan mo chuimhne |
|
Mise_fhéin
Member Username: Mise_fhéin
Post Number: 91 Registered: 11-2006
| Posted on Thursday, April 26, 2007 - 06:37 am: | |
ach an bhfuil SF ag déanamh dhul chun cinn sa tír ar fad? Níor chuala mé faic uathu (seachas ar ndó an rud sin ,*gúlb *gúlb, le mo dhuine Ferris thiar i gCiarraí) maidir leis an olltoghchán? |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 258 Registered: 06-2006
| Posted on Thursday, April 26, 2007 - 06:57 am: | |
Deireann Seán Ó Loingsigh/FEASTA gur cinnte gur aidhm ag Sinn Féin dul chun cinn mór a dhéanamh ar an taobh seo den teorainn.Glacaim gur an stát ó dheas a bhfuil sé a rá. |
|