mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Comhrá Oscailte as Gaeilge (Irish Only) » Archive through December 26, 2008 » Feasta/Comhar Aibreáin : Eagarfhocail « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 248
Registered: 06-2006
Posted on Tuesday, April 24, 2007 - 09:21 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Caitheann FEASTA súil siar ar Lá 'le Pádraig agus na polaiteoirí ag filleadh abhaile óna gcaidreamh phoiblí.
Tá FEASTA admhálach go bhfuil an t-eachrannach in éad linn leis an fhéile seo cé go mbíonn sí gáifeach agus beag baint le Pádraig fhéin.

Deir FEASTA go raibh Conradh na Gaeilge gafa leis an fhéile seo céad bliain ó shoin ach go raibh Dubhghlas de hÍde ag cáineadh an ól ar an lá seo.

Deir FEASTA gur chuir Conradh na Gaeilge tús le Seachtain na Gaeilge in 1902.

Ach is údar plé ag COMHAR an toghchánaíocht. Tréimhse amhrais é ina bhrúann an rialtas billí tríd an Dáil gan a gceart plé. Bíonn páirtithe le hairgead ag cur tús le "réamhfheachtais" roimh tréimhse an fheachtais. Ach d'fhéadfadh fógairt lá an toghcháin bheith ina mhíbhuntaiste ag an rialtas: má chailltear postanna sa tréimhse nó má leantar le drochchomharthaí geilleagair. Luann sé go bhfuil fadhbanna ann nár réitigh an rialtas.

Más dona an córas, maíonn COMHAR go bhfuil sé níos fearr ná choras SAM.



©Daltaí na Gaeilge