mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Comhrá Oscailte as Gaeilge (Irish Only) » Archive through December 26, 2008 » Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Jamie
Member
Username: Jamie

Post Number: 55
Registered: 06-2006
Posted on Tuesday, April 17, 2007 - 08:45 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Díospóireacht an Olltoghcháin ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge i gCathair na Mart

Beidh Díospóireacht an Olltoghcháin ar siúl ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge, Dé hAoine, 20 Aibreán, ar 21.00 in Óstán Chathair na Mart (Westport Hotel). Is iad Seán Ó Neachtain, MEP, Fianna Fáil, agus Dinny McGinley, TD, Fine Gael, a bheidh ag gabháil i mbun na díospóireachta seo agus cuirfear beartais an dá pháirtí don chéad chlár rialtais eile i leith na Gaeilge in iúl ann. Is í Áine Ní Chiaráin, iriseoir le Foinse, a bheidh mar Chathaoirleach ar an díospóireacht. Is deis mhaith í seo do mhórphobal na Gaeilge a fháil amach cén seasamh atá ag an dá pháirtí pholaitiúla is mó i leith na Gaeilge agus ceisteanna a chur orthu faoi réimse áirithe de chur chun cinn na teanga.

Ar an oíche chéanna osclóidh Treasa Mhic Uidhir, Cathaoirleach Chomhairle Bhaile Chathair na Mart, Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge go hoifigiúil ar 20.30. Is é ‘An tOlltoghchán – Pleanáil, Oideachas agus Cearta’ an téama a bheidh ar an Ard-Fheis i mbliana agus beidh fáiltiú ann i ndiaidh na díospóireachta ar an oíche chéanna.

Dúirt Dáithí Mac Cárthaigh, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: Is mór an onóir dúinn uile sa Chonradh go bhfuil an Ard-Fheis ag teacht go Cathair na Mart i mbliana. Tá an-obair curtha isteach ag an gcraobh áitiúil agus ag an gCoiste Dúiche chomh maith leis an tacaíocht mhór a thug Togra Mhaigh Eo dúinn chun agus í á heagrú.

I measc na nithe is tábhachtaí a bheidh á bplé ag an Ard-Fheis tá straitéis agus fís an rialtais i leith na Gaeilge, múineadh agus foghlaim na Gaeilge sa chóras oideachais agus struchtúr an Chonartha.

Dúirt Mairéad Ní Mhaoilchiaráin, Togra Mhaigh Eo: Tá an-áthas go deo orainn anseo i gCathair na Mart go mbeidh Ard-Fheis an Chonartha i mbaile s’againne i mbliana. Níl amhras ar bith ach go mbeidh an-tionchar ag lucht na hArd-Fheise ar chúrsaí Gaeilge sa bhaile agus ba mhaith liom a rá go bhfuil míle fáilte roimh mhuintir an bhaile bualadh isteach chuig an Ard-Fheis le linn na deireadh seachtaine.

Ar Shatharn na hArd-Fheise pléifear na rúin éagsúla a chuir craobhacha an Chonartha isteach don Ard-Fheis agus beidh ceardlanna ann maidir le forbairt an Chonartha. Chomh maith leis sin, déanfaidh móreagraíochtaí an Chonartha (An tOireachtas, Ógras, Clódhanna Teo. agus Seachtain na Gaeilge Teo.) tuairisc don Ard-Fheis ar an obair uile a bhain siad amach le bliain anuas.

Oíche Dé Sathairn beidh dinnéar na hArd-Fheise ann chomh maith le ceolchoirm na hArd-Fheise le ceol ó Líadan agus Seó an Oireachtais ann.

Tá fáilte roimh chách chuig imeachtaí éagsúla na Ard-Fheise.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 251
Registered: 06-2006
Posted on Tuesday, April 24, 2007 - 09:31 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Cé a thabharfas tuairisc air?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Domhnall
Member
Username: Domhnall

Post Number: 983
Registered: 06-2005


Posted on Wednesday, April 25, 2007 - 11:15 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Bhíos féin ann ach caithfidh go bhfuil tuairisceoir níos fearr ann... Hmmm..

A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 257
Registered: 06-2006
Posted on Wednesday, April 25, 2007 - 11:25 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Ní measa thú ná dhuine, is dócha! ;-)

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Domhnall
Member
Username: Domhnall

Post Number: 986
Registered: 06-2005


Posted on Wednesday, April 25, 2007 - 12:05 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Ní rabhas in ann teacht ar scéal ar nuacht.com ... Ar léigh tú an méid gur scríobh Jamie sa chuid dátheangach?

A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 259
Registered: 06-2006
Posted on Thursday, April 26, 2007 - 06:58 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Níor léigh!



©Daltaí na Gaeilge