A Chairde,
Tá grúpa bunaithe thall ag
http://groups.yahoo.com/group/caintrosmuc/ a bhfuil de chuspóir aige staidéir a dhéanamh ar Chaint Ros Muc, an leabhar agus na taifid a rinneadh sna 60í.
Scéalta an-suimiúla atá iontu, agus beidh seans againn Gaeilge labhartha a chleachtadh – idir ag éisteacht agus ag caint. Tá rithim bhreá nádúrtha le cloisteáil ó Ghaeilge na dtaifead, agus tá chuile fhocal dhe scríofa sa leabhar.
Beidh muid ag obair mar fhoireann – níos sásúla ná bheith i t’aonar ar ndóigh. Bheadh an grúpa feiliúnach d’éinne a bhfuil Learning Irish, nó cúrsa eile dhá leithéid, léite aige cheana.
Ach ní gá bheith líofa. Má tá Gaeilge cineál ciotach againn, mara mbíonn muid in ann Gaeilge labhartha a thuiscint chomh éasca sin, má tá blas uafásach ar ár gcuid Ghaeilge, tá súil againn na deacrachtaí sin a réiteach thrí obair in éindí le chéile!
Má tá suim agaibh, nó má tá sibh in ann cuidiú linn, beidh fáilte romhaibh.
Éamon