Author |
Message |
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 539 Registered: 11-2004
| Posted on Sunday, April 08, 2007 - 11:40 am: | |
oraibh go léir. "Ná bíodh scéin oraibh. Íosa an Nazairéanach, an té a céasadh, atá sibh a lorg. D’éirigh sé. Níl sé anseo. Féach an áit inar chuir siad é." (Marcas 16:6) |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5091 Registered: 08-2004
| Posted on Sunday, April 08, 2007 - 12:56 pm: | |
Amen. Solas Chríost linn go léir. |
|
Tríona (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Sunday, April 08, 2007 - 09:16 pm: | |
Fáilte ar ais. |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 540 Registered: 11-2004
| Posted on Monday, April 09, 2007 - 10:33 am: | |
Go raibh maith agat. |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 250 Registered: 06-2006
| Posted on Tuesday, April 24, 2007 - 09:29 am: | |
"Bí i do Sholas duit Fhéin" An Búda |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 549 Registered: 11-2004
| Posted on Tuesday, April 24, 2007 - 11:24 am: | |
Ní dhéanann sin gnó, de ghnáth, dar leis an mBíobla: "Tá fearg Dé á foilsiú ó neamh in aghaidh éagráifeacht agus urchóid uile na ndaoine úd atá ag coinneáil na fírinne i ngéibheann lena gcuid urchóide. Óir tá a bhfuil le foghlaim faoi Dhia soiléir dóibh de bhrí gur nocht Dia féin dóibh é. Mar ó chruthú an domhain i leith tá a thréithe do-fheicthe – a chumhacht shíoraí agus a dhiagacht – le haithint agus le feiceáil sna nithe atá déanta. Más ea, níl aon leithscéal acu, mar, cé go raibh eolas ar Dhia acu, níor thug siad dó an ghlóir ná an buíochas ba dhual dó mar Dhia. Is amhlaidh a chuaigh siad chun mearbhaill ina gcuid smaointe agus a dalladh an aigne dhúr iontu. Agus iad ag maíomh gur lucht gaoise iad féin, d’imigh siad le baois; mhalartaigh siad glóir an Dé neamhbhásmhair ar íomhánna a raibh cló an duine bhásmhair orthu nó cló éanlaithe nó ainmhithe nó péisteanna. Sin é an fáth ar thug Dia suas iad don mhígheanmnaíocht de réir ainmhianta a gcroí, sa tslí gur thug siad tarcaisne dá gcoirp eatarthu féin. Mhalartaigh siad fírinne Dé ar an mbréag agus thug ómós agus seirbhís don chréatúr mar rogha ar an gcruthaitheoir, moladh go deo leis. Amen." RÓMHÁNAIGH 1:18-25 |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 253 Registered: 06-2006
| Posted on Wednesday, April 25, 2007 - 07:47 am: | |
Is mór ag mo dhuine fearg dé, cinnte. Agus tá rud beag éirí in airde ag baint leis. Cad a rinne na Rómhánaigh air, ar aon nós? |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 550 Registered: 11-2004
| Posted on Wednesday, April 25, 2007 - 09:16 am: | |
Níor chuala tú trácht ar an Eaglais Romhánach riamh? |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 254 Registered: 06-2006
| Posted on Wednesday, April 25, 2007 - 10:10 am: | |
Níor chuala! |
|