Author |
Message |
Liz
Member Username: Liz
Post Number: 325 Registered: 07-2005
| Posted on Saturday, April 07, 2007 - 09:45 pm: | |
Ó ham go ham téim chuig Clár Plé Beo agus léim cuid de na scéalta. (Bíonn scéalta Mhíshásta an-ghreannmhar i gcónaí, mar shampla). Chuaigh mé ansin inniu, agus seo an fógra a chonaic mé. Cad a tharla ansin? An bhfuil a fhios ag duine ar bith?? "27/03/2007 Curtha ar ceall go réiteofar deacrachtaí mí-úsáid. Suspended due to unauthorised use." Tá sé ar intinn dom, mo shraith féin "Mo thuras go hÉirinn" a chríochnú lá éigin. Ach nílim cinnte den áit a bheadh oiriúnach dó. |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 535 Registered: 11-2004
| Posted on Sunday, April 08, 2007 - 11:27 am: | |
Bíonn fáilte romhat ag scoilgaeilge.org/liosta, a Liz. Ach ní fheadar an léafar do chuid ansin. Cad tá cearr leis an bhfóram seo? DAS - deacrachtaí mí-úsáide, nach sin ceart? Níl aon ionadh orm, mar tá mí-úsáid ar an gclár plé sin le blianta. (Message edited by séamas_Ó_neachtain on April 08, 2007) (Message edited by séamas_Ó_neachtain on April 08, 2007) |
|
Taidhgín
Member Username: Taidhgín
Post Number: 72 Registered: 07-2006
| Posted on Tuesday, April 17, 2007 - 07:35 pm: | |
Tá clár plé BEO! beo arís ach ... Is ar éigean a bheidh an smacht céanna air is atá ar an gclár seo ag Daltaí atá ar fheabhas. Aontaím le Liz gur seoid é Mí-shásta ach is seoid annamh í féin chomh maith agus í molta dá mbeinn i mo thost. Nára fada uainn go bhfeicimid ar BEO! an chéad ghabháil eile de d'iomramh ar fud na hÉireann, a Liz. |
|
|