Author |
Message |
(Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Tuesday, April 03, 2007 - 11:02 am: | |
A chairde, is mac léinn ollscoile mé, atá ag dul don Ghaeilge. Tá sé ar intinn agam, am éigin i rith an tsamhraidh dul a chónaí le cainteoir dúchais, duine nach bhfuil mórán Béarla acu(más ann dóibh níos mó). A Lughaidh, ó tharla gur as Tír Chonaill thú, an bhfuil moladh ar bith agat dom? Ag caint ar sheanchaithe léitheid John Uí Dhuibheannaigh atá mé. Nó an bhfuil aithne agaibh ar shaineolaí Gaeilge(aistritheoirí, eagarthóirí) a bheadh sásta glacadh liom don samhradh, sa dóigh gur féidir liom bheith ag plé leis an Ghaeilge, nó leis an ghramadach go príomha. Níl a fhios agam an dtarlaíonn an cineál seo ruda, agus dá réir sin ba mhór agam bhur gcuid moltaí go léir, lena chinntiú nach ndéanaim eala mhagaidh díom féin! GRMA I.S. Scríobh mé seo ar an chlár eile- Béarla agus Gaeilge i ngan fhios dom! |
|
(Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Tuesday, April 03, 2007 - 11:51 am: | |
Halló, Cúpla bliain ó shin bhí mé in Oileán Arainn (Inis Mór) ar cuairt agus chuir mé an cheist chéanna ar an mbean a bhí ag obair in Ionad na dTurasóirí ann. Mhol sí dom dul i dteangmháil le bean éigin, cainteoir dúchais, a chónaigh i gceantar iargúlta ar an oileán. B'fhéidir go bhféadfá glaoch a chur ar chúpla áit in Inis Mór / Inis Meáin / Inis Oírr chun fáil amach an bhféadfaidís cabhrú leat. Le dea-ghuí agus go n-éirí leat, Caiín Gaelach |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 1593 Registered: 01-2005
| Posted on Tuesday, April 03, 2007 - 03:23 pm: | |
Má tá tú ’cuartú Gaeilg mhaith, is dóigh liom go bhfuighidh tú daoiní maithe ar Oileán Thoraí mar shampla, nó i nGort a’ Choirce, i Rann na Feirste nó i nGaoth Dobhair. Níl fhios agam seanchaí beo ar bith ach amháin John Ó Duibheannaigh, monuar. Tá aithne agam ar sheanbhean a bhfuil Gaeilg don scoith aici, Maigí Mhánais is ainm daoithe agus tá sí ina chónaí ar an Bhealtaine, i nGort a’ Choirce. Chaith mise (le cairde) coicís sa toigh s’aici fá choinne cúrsa Gaeltachta le hollscoil Chúil Raithin (Co. Dhoire). Mar shampla, thig leat freastal ar rangannaí sa Chrannóg nó i Mín Lárach agus bheith ag stopadh ag Maigí Mhánais. Níl ’s agam cad é sloinneadh Mhaigí Mhánais. Ní Ghallchóir, b’fhéidir... Learn Irish pronunciation here: www.phouka.com/gaelic/sounds/sounds.htm |
|
(Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Wednesday, April 04, 2007 - 04:08 am: | |
Ach an mbeadh na daoine seo, leithéid Mhaigí Mhánais, John Uí Dhuibheannaigh, nó duine ar bith eile sásta glacadh le duine cosúil liom féin? Nó an mbeadh sé ciotach go maith? Is é atá uaim ach duine a bhfuil scoth na Gaeilge aige/aici sa dóigh go dtig liom foghlaim uathu ó thaobh na foghraíochta de agus a dtiocfadh liom ceisteanna a chur air/uirthi. An mbíonn ranganna ar bun sa Chrannóg nó i Mín Lárach i rith an tsamhraidh? Cad é a bheadh ar bun acu, gramadach, teanga, agus ag cén léibheal? GRMA arís! |
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 927 Registered: 06-2005
| Posted on Wednesday, April 04, 2007 - 10:53 am: | |
A chara, An bhfuair tú m'fheagra sa chuid eile den fhóram? A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 1594 Registered: 01-2005
| Posted on Wednesday, April 04, 2007 - 03:14 pm: | |
Ach an mbeadh na daoine seo, leithéid Mhaigí Mhánais, John Uí Dhuibheannaigh, nó duine ar bith eile sásta glacadh le duine cosúil liom féin? Cuir ceist orthu :-) An mbíonn ranganna ar bun sa Chrannóg nó i Mín Lárach i rith an tsamhraidh? Bíonn, ar ndóighe. Cad é a bheadh ar bun acu, gramadach, teanga, agus ag cén léibheal? Achan rud, achan leibhéal, amharc ar a suíomh idirlín... Learn Irish pronunciation here: www.phouka.com/gaelic/sounds/sounds.htm |
|
Cailindoll
Member Username: Cailindoll
Post Number: 183 Registered: 12-2004
| Posted on Saturday, April 07, 2007 - 04:53 pm: | |
Tá fear ar inis oirr ag lorg cócaire/freastalaí le Gaeilge ar feadh an tsamhradh. Is cainteoir duchais agus duine ana dheas é chomh maith. Cabhroidh sé leat led chuid Gaeilge labharatha. Bhí mé ann ar feadh cóicíse an tsamhraidh seo chaite. |
|
|