Author |
Message |
(Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Monday, April 02, 2007 - 03:15 pm: | |
An bhfuil fhios ag éinne conas sushi a dhéanamh? An chuireann sé sin luaidh i do pheann luaidh? Fear gan luaidh? |
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 921 Registered: 06-2005
| Posted on Tuesday, April 03, 2007 - 04:24 am: | |
Clú dá laghad agamsa, ach ní bia slántiúil atá ann an ea? Deirtear gur cúis ailse atá ann? A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 245 Registered: 06-2006
| Posted on Tuesday, April 03, 2007 - 06:55 am: | |
Sú Sí? bhal, faigh sí. Is cuma an sí bheag nó sí mhór í. Déan í a fháisceadh le do dhearna. Ól é cosnocht. Dar ndóigh, an rud is deacra teacht ar Sí! |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 538 Registered: 11-2004
| Posted on Sunday, April 08, 2007 - 11:37 am: | |
Is tábhachtach go reoitear an t-éasc sula n-itear é, chun na baictéir a mharú. Agus dar ndóigh, ní mór éasc úr a úsáid. An gcuireann sin isteach ar luí do luaidhe, a Louie Louie? |
|
Suaimhneas
Member Username: Suaimhneas
Post Number: 260 Registered: 08-2006
| Posted on Wednesday, April 11, 2007 - 11:47 am: | |
Nach raibh grupa ann, Su Si agus na Banshees |
|
Cailindoll
Member Username: Cailindoll
Post Number: 184 Registered: 12-2004
| Posted on Sunday, April 15, 2007 - 11:41 am: | |
An bhfuil tú ag rá gur cúis ailse é an sushí? Conas gur féidir -- nach stuif nádúrtha ón fharraige atá ann? Ionadh orm nach bhfuil tuairimí ag éinne faoi sushi. Is cuimhin liom an céad uair go bhfaca mé mo mháthair ag ithe dílisc (sp?). Bhí mé óg agus bhí comharsan ar ais ó cuairt go hEirinn agus b'shin an rud a iarr mo mhám uirthi thabhairt ar ais dí. B'shin an cead uair go raibh amhras orm faoi rud a bhfaca mo mhám a dhéanamh -- tá a fhios agaibh, go dtí pointe airithe, creideann gach pháiste go bhfuil a thuistí mar déithe , ach ansin tosaíonn na rudaí a athrú ... Bhuel, chuir sí a lámh isteach i mala páipéar agus d'ardaigh sí an stuif gránna corcra go dtí a béal. B'amhail is go raibh sí ag ithe feithidí domsa. Bímse rud beag amhrasach faoi bia ar bith atá baint aige le feamainn gan thrácht ar iasc amh, ach shilfeá go mbeidh muintir na hEireann fíor 'into' sushí. An ea nach ach closet iteoir sushi sibh? An ea nach ach closet iteoir sushi sibh? |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 543 Registered: 11-2004
| Posted on Monday, April 16, 2007 - 10:01 am: | |
Cén rud sin a d'ith sí? Sin an chéad cheist atá agam. Ní thuigim an focal sin. Maidir leis an ailse, is féidir go raibh Domhnall ag smaoineamh ar an méad mearcaire a bhíonn ann go minic san iasc. Ach is fíor sin le bia mara ar bith, go bhfios dom, agus is cuma más amh nó cócaráilte é. |
|
(Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Sunday, May 13, 2007 - 07:50 pm: | |
Tuilleadh eolais faoi Sushi, nó ár n-iarracht beag bheith ag caint faoi. Bhí sé an-bhlásta ar fad. http://www.youtube.com/watch?v=qp9jFGHItr0 |
|