Author |
Message |
Mise_fhéin
Member Username: Mise_fhéin
Post Number: 87 Registered: 11-2006
| Posted on Thursday, March 29, 2007 - 10:11 am: | |
Tháinig an daonáireamh do 2006 amach. Tá laghdú ar líon na ndaoine leis an nGaeilge i gcomparáid leis an daonáireamh roimhe seo. http://www.cso.ie/census/documents/PDR%202006%20Tables%2031-40.pdf |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 238 Registered: 06-2006
| Posted on Thursday, March 29, 2007 - 10:25 am: | |
Bhal, níorbh léir domhsa riamh go raibh líon lucht na Gaeilge ag dul i méid.(Monuar) Is mairg dóibh siúd a chreideann ina gcuid bolscaireachta fhéin |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2970 Registered: 02-2005
| Posted on Thursday, March 29, 2007 - 10:54 am: | |
Ní tuairisc oibiachtúil (.i. réadúil) a bhí sa chuid sin den daonáireamh riamh. "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Liz
Member Username: Liz
Post Number: 315 Registered: 07-2005
| Posted on Thursday, March 29, 2007 - 11:44 am: | |
De réir an daonáirimh, tá níos mó Gaeilge ag na mná ná ag na fir i ngach aois. De réir na huimhreacha, tá ciall leis sin. Cad is cúis leis? |
|
Tríona (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Thursday, March 29, 2007 - 04:46 pm: | |
Maidir le "Tá níos mó Gaeilge ag na mná ná ag na fir i ngach aois": cultúr 'macho' b'fhéidir. An 'Cén maitheas atá sna leabhair sin duit, a mhic? Téigh amach ansin ag imirt peile agus faigh bealach airgead a fháil mar beidh tú ag tabhairt aire don bhean sa todhcaí,' meon aigne b'fhéidir? Gabh mo leithscéal ach d'fhás mé suas leis. Rud spéisiúil ann domsa: ------------ 2002 ------- 2006/ Daoine -- Fir ------ Mná ------ athrú -- % athrú Caitliceach 3,462,606 - 3,681,446 - 1,818,390 - 1,863,056 -218,840 - 6.3 Págánach -- 1,106 --------1,691 ----- -802 - -----889 --------585 ----- 52.9 Éiriú abú! |
|
Mise_fhéin
Member Username: Mise_fhéin
Post Number: 88 Registered: 11-2006
| Posted on Friday, March 30, 2007 - 06:36 am: | |
brón orm bhí breall orm a bheith ag rá go raibh líon lucht na Gaeilge ag laghdú, bhí méadú ar líon na ndaoine ag rá go raibh Gaeilge acub sa Daonáireamh , ach bhí laghdú faoin "céatadán" mar gheall ar an bhfás as cuimse sa daonra in Éirinn. Ar Nuacht TG4 aréir dúradh go raibh laghdú uafásach mór ar líon na bpáistí ag fáil Gaeilge óna dteaghlach sna Gaeltachtaí móra. |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 241 Registered: 06-2006
| Posted on Monday, April 02, 2007 - 07:47 am: | |
an raibh ceist sa daonáireamh: "Cá bhfios duit go bhfuil Gaeilge ar do thoil agat?" Tugaim faoi dheara gur déagóirí is mó a mhaíonn as a líofacht gaeilge. Nach iontach an teanga seo an ghaeilge nach bhfanann i gcloigne i ndiaidh scoile? |
|
Mise_fhéin
Member Username: Mise_fhéin
Post Number: 89 Registered: 11-2006
| Posted on Monday, April 02, 2007 - 08:49 am: | |
tá aithne agam ar bheirt as Gaeltacht Tír Chonaill nach bhféadfadh mórán a rá as Gaeilge de bharr easpa úsáid thar na blianta. Ní bhíonn sé cosúil le rothar ar chor ar bith. |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 242 Registered: 06-2006
| Posted on Monday, April 02, 2007 - 10:26 am: | |
Sin an cheist is dócha: An mó daoine a bhfuil rothar na Gaeilge aige a choinnigh i ngléas é. Ar milleadh é de dheasca a)a phollta,b) meirg air,c) easpa ola,d) D'éirigh tú as e) goideadh é ag an Sasanach is chuir sé i bhfolach é f) chuireadh síos do scornach é sa scoil nó g)is cuma, mar an rialtas is ciontach |
|
Tadhg 9 (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Friday, October 05, 2007 - 11:58 am: | |
Gaeilgeoir dúchasach is ea mise agus rugadh agus tógadh i m.B.Á.C. mé. Dar liom féin, tá i bhfad níos mó suime ag muintir na galltachta an Ghaeilge a labhairt ná go leor daoine atá in ainm is a bheith á labhairt ó lá go lá i gceantracha Gaeltachta. Táim ag déanamh staidéir ar an gceol in ollscoil Luimnigh agus bhuail mé le daoine as an nGaeltacht, ach an mhórchuid acu, Béarla a labhraíodar. Ach cara eile liom anseo, nach cainteoir 'dúchais', mar dhea, í, agus is Gaeilge a labhraímid don chuid is mó. An bhfuil meas níos mó againn ar an teanga mar gur tógadh sa ngalltacht muid? Rud eile, ná caighdeán na Gaeilge sa nGaeltacht. Bhí mé i nGaoth Dobhair le déanaí agus bhí fógra ar an mballa i tábhairne amháin "An Public Bar". B'shin aistriúchán Gaeilge ar 'The Public Bar'!!! Más é a leithéad seo Gaeilge a labhraítear sa nGaelthacht, an fiú a bheith ag maíomh astu in aon chor? |
|
TracyS (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Wednesday, October 10, 2007 - 09:25 am: | |
Is é mo thuairim phearsanta go bhfuil níos lú daoine ag labhairt Gaeilge sa tír seo ar na saolta seo. Is léir nach bhfuil go leor béime ar Ghaeilge sna scoileanna agus mar gheall ar sin, níl aon suim ag na daltaí Gaeilge a labhairt. |
|
(Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Wednesday, October 10, 2007 - 09:45 am: | |
Ní chuirimse mo mhuinín in uimhreacha an Daonairimh. Tá tuairimí difriúla ag daoine i dtaobh ciall na gceisteanna faoin nGaeilge ar an Daonáireamh |
|