mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Comhrá Oscailte as Gaeilge (Irish Only) » Archive through December 26, 2008 » Scéilín.29 « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 237
Registered: 06-2006
Posted on Thursday, March 29, 2007 - 08:16 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Seo an chéad uair don ógánach Nua Eabhrach bheith i dTeicseas.
Ar fheiceáil tréad buabhall dó, fiafraíonn sé cad iad.
"Ó sin muca allta. Is mór millteach gach rud i dTeicseas."
Níos déanaí, feiceann sé scata iolar agus fiafraíonn sé cad iad.
"Ó sin meantáin. Is mór millteach gach rud i dTeicseas."
Níos déanaí san oíche, tá mo dhuine ar thóir an leithris is titeann sé isteach sa linn snámha.
Ag teacht go barra uisce dó, screadann sé amach "Ar son Dé, ná sruthlaigh an leithreas".

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Mise_fhéin
Member
Username: Mise_fhéin

Post Number: 86
Registered: 11-2006
Posted on Thursday, March 29, 2007 - 08:36 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

an ceann is fearr go dtí seo gan amhras.
Maith thú Fearn



©Daltaí na Gaeilge