Author |
Message |
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 225 Registered: 06-2006
| Posted on Friday, March 23, 2007 - 02:44 pm: | |
Tá sé faoi 1928 (seanscéilín é seo) agus tá an chéad damba in Éirinn le tógáil trasna na Sionainne. Téann Cóilín ó Conamara go láthair na tógála faoi choinne oibre. Cuireadh é faoi scrúdú scríofa. An chéad cheist: Cad a chiallaíonn "hidridinimic"? Scríobhann Cóilín faoi: Ciallaíonn sé nach bhfaighfidh mé an post seo. |
|
Mise_fhéin
Member Username: Mise_fhéin
Post Number: 79 Registered: 11-2006
| Posted on Monday, March 26, 2007 - 09:35 am: | |
thar cionn. :) |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2952 Registered: 02-2005
| Posted on Monday, March 26, 2007 - 11:41 am: | |
Tá pictiúir agam -- grianghraf de phíosa páipéir ar a bhfuil iarracht ar fhadhb mhatamaitice a fhuascailt, actually -- a théann go maith leis an scéilín seo, dar liom. An féidir liom é a chur chuir chuig "Mo Dhuine"? Cén chaoi? "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Mise_fhéin
Member Username: Mise_fhéin
Post Number: 80 Registered: 11-2006
| Posted on Monday, March 26, 2007 - 11:47 am: | |
"Mo Dhuine" mise fhéin "Mise Fhéin"? nó "mo dhuine" duine éicint nach bhfuil aithne againn air? |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2954 Registered: 02-2005
| Posted on Monday, March 26, 2007 - 12:31 pm: | |
An blag atá ag Mo Dhuine atá i gceist agam -- an féidir liom jpg nó íomhá eile mar sin a chur chuig an mblag sin? "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Mise_fhéin
Member Username: Mise_fhéin
Post Number: 82 Registered: 11-2006
| Posted on Monday, March 26, 2007 - 02:09 pm: | |
is liomsa í, an bhlag sin, an bhfuil rochtain agat ar mo sheoladh ríomhphost. An ceann a bhí orm a úsáid chun clárú le Daltaí atá i gceist agam. Bheinn buartha mo ríomhphost a chur suas ar chlár oscailte i ndáiríre |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2955 Registered: 02-2005
| Posted on Monday, March 26, 2007 - 02:47 pm: | |
quote:an bhfuil rochtain agat ar mo sheoladh ríomhphost. An ceann a bhí orm a úsáid chun clárú le Daltaí atá i gceist agam. Níl. Níl ionamsa ach gnáthbhall den chlár seo, cosúil leat féin. Níl aon insider information ("eolas inmheánach"?) agam. Tá mo sheoladh féin ar fáil ar mo shuíomh "Sengoídelc": http://www.sengoidelc.com/ "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Mise_fhéin
Member Username: Mise_fhéin
Post Number: 84 Registered: 11-2006
| Posted on Tuesday, March 27, 2007 - 09:16 am: | |
sheol mé an ríomhphost chugat ansin a Dhonncha |
|
Mise_fhéin
Member Username: Mise_fhéin
Post Number: 85 Registered: 11-2006
| Posted on Wednesday, March 28, 2007 - 09:10 am: | |
chuir mé an pictiúr sin thuas ar an mblag, an-mhaith Dennis |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 618 Registered: 06-2006
| Posted on Tuesday, October 23, 2007 - 08:31 am: | |
Faigheann Colm bás agus téann sé ar Neamh. Lá amháin agus é ag siúl trí páirc ansin, feiceann sé a sheanshagart, an tAthair Ó Colmáin agus spéirbhean óg álainn ina suí ina ucht. Déanann sé díreach ar an sagart, is deireann: " A Athar Uí Cholmáin, ar talamh dúinn, ba thú an sagart ba dhaingne, ba dhoichte, ba dhéine ó thaobh a leithéid de iompair riamh. Tuige a bhfuil ráileach i d'ucht anois agus sinn ar Neamh? Mo náire thú!" "Ara, fóill ort, a mhic, ní cathair mar a tuairisc í. Ní hí an duais atá agam. Is mise an pionós atá aicisean". |
|
Mise_fhéin
Member Username: Mise_fhéin
Post Number: 320 Registered: 11-2006
| Posted on Tuesday, October 23, 2007 - 08:37 am: | |
ar fheabhas go deo :) |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 6369 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, October 23, 2007 - 08:37 am: | |
Ceann deas. Meabhraíonn sé scéal de chuid Keats agus Chapman ó Myles dom. Bhí fís ag Chapman go raibh sé ar neamh. Ach bhí an áit folamh ar fad. Tá's agam, arsa Keats, ní raibh peacach san áit. (Áthas orm a fheiscint gur fhill tú ar an fhoirmle, ach gur árdaigh tú an mhinicíocht.) |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 620 Registered: 06-2006
| Posted on Tuesday, October 23, 2007 - 08:46 am: | |
"(Áthas orm a fheiscint gur fhill tú ar an fhoirmle, ach gur árdaigh tú an mhinicíocht.)" Ní mé cad é an spadhar a bhuail mé inné is inniu! ;-) |
|