mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Comhrá Oscailte as Gaeilge (Irish Only) » Archive through December 26, 2008 » Scéilín.15 « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 205
Registered: 06-2006
Posted on Thursday, March 15, 2007 - 10:23 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Bhí an coinscríobhach seo ag dul timpeall an champa ina aonar chuile lá. Thug na hoifigigh faoi dheara go mbeadh sé ag iniúcadh na talún agus má chífeadh sé giota páipéir, go bpiocfeadh sé suas é, léfeadh sé é is déarfeadh "Ní shin é é", agus chaithfeadh sé uaidh é.

Ní chuirfeadh sé isteach ar éinne ach bhí corrbhuais ag teacht ar na hoifigigh agus ar na fir. Ní raibh sé le trust. Bhí sé ag cur isteach ar mheanma na slua. Bhí sé faoi iomard, dar leo.

Shíl na hoifigigh go mbeadh an t-arm ní b'fhearr agus ní b'éifeachtí muna raibh mo dhuine ann ag milleadh gnó an airm. Shocraigh siad ar bhata is bhóthar a thabhairt dó.


Glaodh isteach an coinscríobhach ag a oifigeach uachtarach agus dúradh leis go raibh sé le scor.
"Sin agat do theastas scoir", arsa an t-oifigeach agus é a leagadh ar an mbord.


Phioc an coinscríobhach suas an teastas,léigh agus dúirt sé:" Sin é é."

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Mise_fhéin
Member
Username: Mise_fhéin

Post Number: 72
Registered: 11-2006
Posted on Thursday, March 15, 2007 - 11:42 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

ceann maith.

Ach cá bhfuil scéilín a 14

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 208
Registered: 06-2006
Posted on Friday, March 16, 2007 - 07:39 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

""cá bhfuil scéilín a ...?"

Cé atá fuascailteach ar an bpatrún ? má tá a leithéid ann....! ;-) "



©Daltaí na Gaeilge