mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Comhrá Oscailte as Gaeilge (Irish Only) » Archive through December 26, 2008 » Naomh Pádraig « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Scathach
Member
Username: Scathach

Post Number: 74
Registered: 02-2007
Posted on Wednesday, March 14, 2007 - 04:39 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

B'fhéidir gur chuala sibh an scéal seo cheanna féin ach ...

Brionglóid is Mallacht

Bhí Naomh Pádraig ina chodladh tráth agus bhí brionglóid aige. Agus de réir an tseanchais, 'séard a chonaic sé sa bhrionglóid ná muintir na hÉireann ag iompú in aghaidh Dé. Dhúisigh sé de léim as a chodladh agus dúirt sé: "Mallacht Dé ar mhuintir na hÉireann." Ach bhí a aingeal coimhdeachta ag tabhairt aire dó agus dúirt an t-aingeal: "Ar an mbrobh go dtite an mhallacht, ar an mbrobh go dtite sí."

Thit Naomh Pádraig ina chodladh arís ach bhí an brionglóid chéanna arís aige, agus dhúisigh sé suas agus dúirt sé in athuair: "Mallacht Dé ar mhuintir na hÉireann." Ach níor leis an aingeal ab fhaille é, agus dúirt: "Ar an raithneach go dtite an mhallacht, ar an raithneach go dtite sí"

Thit Pádraig ina chodladh arís ach bhí an brionglóid chéanna aige an tríú huair agus dhírigh sé aniar arís agus dúirt an rud céanna: "Mallacht Dé ar mhuintir na hÉireann," ach bhí an t-aingeal ar a mhaidí i gcónaí agus dúirt: "Ar chúr na habhann go dtite an mhallacht, ar chúr na habhann go tite sí." Bhuel, seo a thomhas ort anois: cén chaoi ar thit gach mallacht agus cá bhfuil a rian le feiceáil go dtí an lá atá inniu ann?


Seo iad:
Barr na mbrobh, seargtha,
Barr na raithní, lúbtha,
Agus dath buí ar chúr na habhann!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 204
Registered: 06-2006
Posted on Thursday, March 15, 2007 - 09:20 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Maith an scéal, a Scáthaigh, ach nár thug tú an fhreagairt sa rann?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Member
Username: Dennis

Post Number: 2883
Registered: 02-2005


Posted on Thursday, March 15, 2007 - 07:54 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Ba teasaí an dream iad, na sean-naoimh, gan aon agó!

"An seanchas gearr,
an seanchas is fearr."


Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 210
Registered: 06-2006
Posted on Friday, March 16, 2007 - 10:55 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

"Ba teasaí an dream iad, na sean-naoimh, gan aon agó!"

Ar aon dul le daoine mórchlúiteacha na linne seo, déarfainn. Ní mé an raibh paparazzi ag Pádraig!



©Daltaí na Gaeilge