Author |
Message |
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 200 Registered: 06-2006
| Posted on Tuesday, March 13, 2007 - 09:26 am: | |
" Anois, cad é do thuairin den Aifreann? " a d'fhiafraigh an sagart den cailín beag i ndiaidh a chéad Aifreann a éisteacht. "Bhal", ar sise, agus rinne sí a marana, "bhí an ceol deas ach bhí na fógráin ró-fhada." |
|
Mise_fhéin
Member Username: Mise_fhéin
Post Number: 70 Registered: 11-2006
| Posted on Tuesday, March 13, 2007 - 10:21 am: | |
seanmóirí ab ea na fógráin má thuigim é go ceart. Ar fheabhas |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 1096 Registered: 06-2006
| Posted on Wednesday, November 26, 2008 - 10:39 am: | |
Agus ós ag caint faoi reiligiúin atáimid, bhí sé riamh in a nath ag Críostaithe áirid go mharaigh "na hIúdaigh" Íosa. "Cinnte", ar Lenny Bruce, an fuirseoir Iúdach," Mharaigh sinn É, mharaigh na hIúdaigh É. Agus má thagann Sé ar ais, maróimid arís É" Bhí focal eile i mbéal Leon Wieseltier, an t-intleachtóir: "Cad faoi?", ar seisean, "Níor mharaigh sinn É ach ar feadh cúpla lá. ;-) |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7749 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, November 26, 2008 - 10:52 am: | |
Cuireann sin scéal eile i gcuimhne dhom. Beirt ag faire ar seó i mBeirlín an 1920í. Giúdach duine acu. Tabharfaidh mé Leon air. Fritz a bhí ar an bhfear eile. Tháinig amhránaí ar an stáitse "Duine de phobal s'againne", arsa Leon. Fuirseoir ansan: "Duine de phobal s'againne", arsa Leon. Damhseoir ina dhiadh: "Duine de phobal s'againne", arsa Leon. "Ó, Íosa Críost" arsa Fritz le teann cantail. "Duine de phobal s'againne eisean fosta", arsa Leon. |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 1097 Registered: 06-2006
| Posted on Wednesday, November 26, 2008 - 10:59 am: | |
Iontach maith! ;-) |
|
Ormondo
Member Username: Ormondo
Post Number: 112 Registered: 04-2008
| Posted on Wednesday, November 26, 2008 - 04:07 pm: | |
Ceann d'Ephraim Kishon: An bhfuil greann ar leith ag na Giúdaigh - agus má tá, cén fáth nach bhfuil? (Gibt es einen speziell jüdischen Humor - und wenn ja, warum nicht?) Is geal leis an bhfiach dubh a ghearrcach féin. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7750 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, November 26, 2008 - 04:18 pm: | |
Péire eile, ó tharla lucht labhartha na Gearmáinise fairsing inár measc: 1939, agus castar lia intinne ar chomhghleacaí leis. "Heil Hitler" arsa an chéad duine "Heil du ihn" arsa an fear eile.(leigheas thusa é!) 1940 i Cracow Tá Raibí ag suí ar an tram nuair a thagann fear ón SA isteach agus nuachtán á léamh aige. "Feicim gur scaoileadh Giúdach agus madra ar an bhFaiche Aonaigh inné" arsa fear an SA in ard a ghutha. "Nu", arsa an Raibí, "nach méanar dúinne nach raibh muid ann" |
|
Ormondo
Member Username: Ormondo
Post Number: 113 Registered: 04-2008
| Posted on Wednesday, November 26, 2008 - 05:03 pm: | |
Dúirt Raibí le Dia: Fóir orm, tá mac agam a bhfuil tar éis dó iompú ina Chríostaí. Arsa Dia: Ná bí buartha faoi sin, d'iompaigh mo mhacsa féin ina Chríostaí. Raibí: Agus cad ar dhein tú? Dia: Scríobh mé tiomna nua. Is geal leis an bhfiach dubh a ghearrcach féin. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7751 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, November 26, 2008 - 05:13 pm: | |
Iontach! Bhí Raibí áirithe gafa ag gailf. Maidin Sabóid amháin, ní raibh sé in ann chuir in aghaidh an chathaithe níos mó, agus d'imigh sé amach ag imirt. Bhí Maois, Elias agus an Tiarna ag faire air. Bhí Maois agus Elias ar buille - Raibí ag sárú an ceathrú Aithne! Ní dúirt an Tiarna faic. Bhí sár chluiche á imirt ag an Raibí. Níos lú buillí de dhíth ar ná riamh. Ansin fuair sé poll le haon bhuille amháin. Spréach Maois. "Níl Tú chun ligeann leis, a Thiarna, maraigh ar an bpointe é!" Ní dúirt an Tiarna faic. Bhí Elias ag dul crua air freisin. Ach ní dhearna an Tiarna ach miongháire bheag - Éist, a dúirt Sé - cé dó is féidir leis an scéal a insint? |
|
Ormondo
Member Username: Ormondo
Post Number: 114 Registered: 04-2008
| Posted on Wednesday, November 26, 2008 - 05:49 pm: | |
Fiafraíonn an sagart den Raibí: Bhuel, an íosfaidh tú muiceoil lá éigin i ndeireadh báire? Arsa an Raibí dó: Ach go cinnte, a Athair Oirmhinnigh, ar do bhainis. Is geal leis an bhfiach dubh a ghearrcach féin. |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 1098 Registered: 06-2006
| Posted on Thursday, November 27, 2008 - 09:21 am: | |
Molaim bhur ngreann! |
|
Antain
Member Username: Antain
Post Number: 41 Registered: 06-2008
| Posted on Thursday, November 27, 2008 - 10:35 am: | |
Fear tuaithe a shiúlann isteach i leabharlann sa chathair, a shiúlann go dtí an cuntar agus agus a deir in ard a ghutha 'Pionta agus leithcheann, le do thoil.' Deir an leabharlannaí leis 'Mo thrua do cheann gan chéill. Nach léir duit gur sa leabharlann atá tú?' 'Maith go leor. Beidh pionta agus leithcheann agam'a deir sé, de chogar beag íseal an t-am seo. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 4302 Registered: 02-2005
| Posted on Thursday, November 27, 2008 - 06:36 pm: | |
Go raibh maith agaibh uile! Bhí chuile cheann acu fíorghreannmhar. "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 865 Registered: 11-2004
| Posted on Friday, November 28, 2008 - 09:20 am: | |
Aontaím le Dennis. Maith sibh! |
|