Author |
Message |
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 198 Registered: 06-2006
| Posted on Monday, March 12, 2007 - 01:55 pm: | |
Siúlann beirt aturnae isteach sa chaife seo, ordaíonn siad dhá chaife, suíonn siad chun boird is chromann chun súmaireachta. I ndiaidh tamaill, tugann fear an chaife faoi dheara go bhfuil siad ag ithe a gcuid ceapairí fhéin. Téann sé anonn chucu is tugann rabhadh dóibh: "Nach bhfeiceann sibh a bhfuil scríte ar an gclár?" Féachann siad anonn ar an gclár. Deir an clár: Ní ceadmhach do chuid bídh fhéin a chaitheamh anseo. Féachann an bheirt aturnae ar a chéile, malairtíonn siad ceapairí, is leanann siad ar aghaidh ag ithe. |
|
Mise_fhéin
Member Username: Mise_fhéin
Post Number: 68 Registered: 11-2006
| Posted on Tuesday, March 13, 2007 - 10:18 am: | |
:) Maith thú Fearn, cá bhfuil tú ag fáil na scéilíní seo? 'bhfuil tú fhéin á gcruthú? |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 201 Registered: 06-2006
| Posted on Tuesday, March 13, 2007 - 12:40 pm: | |
Nach mé a bheinn cruthaitheach? An chéad riail de scéalaíocht: An t-ábhar a ghoid ;-) |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2868 Registered: 02-2005
| Posted on Wednesday, March 14, 2007 - 11:46 am: | |
An tusa a d'aistrigh iad? Tá mé ag déanamh go raibh siad i mBéarla ar dtús. Is fíormhaith liom #12! "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 202 Registered: 06-2006
| Posted on Wednesday, March 14, 2007 - 12:35 pm: | |
Mise a chuir Gaeilge orthu. Tá saol na Gaeilge bocht go leor ó thaobh na healaíne seo. |
|
Mise_fhéin
Member Username: Mise_fhéin
Post Number: 71 Registered: 11-2006
| Posted on Wednesday, March 14, 2007 - 12:42 pm: | |
go maire an t-aistriú uait choíche An dtosóidh tú blag freisin? ansin beidh na scéilíní greannmhara ann le chéile in áit amháin |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2873 Registered: 02-2005
| Posted on Wednesday, March 14, 2007 - 12:50 pm: | |
Is féidir leat iad a thabhairt do Chaoimhín Ó Donnaíle ag SMO. Tá áit aige ann dóibh: http://www.smo.uhi.ac.uk/gaeilge/siamsa/greann/ "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 203 Registered: 06-2006
| Posted on Thursday, March 15, 2007 - 09:17 am: | |
Sonas oraibh araon! Níl sé i gceist agam luí isteach ar an mblagadóireacht go fóill agus is maith an smaoineamh iad a chur faoi bhráid CÓD ag SMO.! Beirigí bua. |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 1093 Registered: 06-2006
| Posted on Monday, November 24, 2008 - 10:25 am: | |
"Ar chuala tú ar bhfuil Bill Clinton á seangú fhéin anois, go bhfuil maróg a bhoilg ag dul i laghad"? "Chuala. Deirtear gur féidir leis a intern a fhéiceáil anois." |
|