Author |
Message |
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 192 Registered: 06-2006
| Posted on Wednesday, March 07, 2007 - 08:27 am: | |
Beartaidh ardfheidhmeannaigh Bhudweiser go bhfuil tionscnamh úr nua margaíochta uathu. Molann duine An Eaglais Chaitliceach Rómhánach mar bhranda domhanda i mbéal an phobail a macsamhail fhéin, mar chomhpháirtí urraíochta cuí. Mar sin, cuireann siad beirt dá stiúrthóirí áititheacha le béal bán chuig na Vatacáine. Deonadh éisteacht an Phápa dóibh agus míníonn siad go bhfuil ceangal tráchtála leis an Vatacáin uathu. Bheadh aird ar "shuíomh táirge" dar ndóigh. Molann siad an focal : "Ár n-arán laethúil, tabhair dúinn inniu" ach go gcuirfí ina áit:"Ár mBud laethúil, tabhair dúinn inniu". Cuireann seo suaitheadh intinne ar an bpápa. "Ach is scríbhinn sacrálta do-earráideach é seo. Ní fhéadfadh malairt focail a chun ann gan chúis mhaith." Deir na feidhmeannaigh go bhfuil fhios acu nach rud beag atá uathu, agus tá siad sásta $70m a dhíol mar chúiteamh. "Ní dhéanfar choiche é", arsa an pápa, "seo focal an Tiarna fhéin. Diamhasla iad a chur as a riocht." Tairgeadh $80m. I ndiaidh leathuair a chloig de mhargáil, tá ag dul bog ar an bpápa.Is ar $100m atá an tairiscint anois. D'fhéadfadh sé fiacha na Vátacáine a ghlanadh agus b'fhéidir roinnt foirgnimh a athchóiriú. "Cogar," ar sé," tá orm é a phlé le mo Státrúnaí. Gabhaigí ár leithscéal" Téann sé chun cainte le Cairdeanáil: "A Luigi, cathain a bheidh conradh na mBáicéirí istigh? |
|
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 262 Registered: 06-2006
| Posted on Wednesday, March 07, 2007 - 09:50 am: | |
Ceann maith, a Fhirn! Ach cá bhfuil scéilíní 3-6 le fáil? Tá fáilte roimh chuile cheartú! |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 195 Registered: 06-2006
| Posted on Wednesday, March 07, 2007 - 11:09 am: | |
Cuireann sé scéilín i dtaobh scannáin in iúl dom. Rinne siad scannán i dtaobh tinnis an cheathrú Seoirse, Rí na Breataine, agus bhí siad le The Madness of King George IV a ghairm de. Ach dúirt lucht an Chaidrimh Phoiblí go gcuirfeadh sin daoine amú agus iad ag smaoineamh gur chaill siad The Madness of King George I, II agus III. Shocraigh siad ar The Madness of King George a ghairm de. |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 1081 Registered: 06-2006
| Posted on Wednesday, November 19, 2008 - 09:50 am: | |
Ritheann fear feargeach isteach i dteach tabhairne is iarrann uisce beatha in ard a chinn. Leagtar uisce beatha os a chomhair. Caitheann sé siar é ar a aghaidh, is cuimlíonn sé a bhéal lena mhuinchille. "Is fuath liom gramadóirí na Gaeilge", a scread sé in ard a chinn arís, " is conúis chaca iad ar fad". "Is dona liom an focal sin, a dhuine", a dúirt an t-aon duine eile a bhí ag ól tamall uait ag an cuntar. Chuir an fear feargach na súile tríd is d'fhiafraigh: "Cé'n fáth? An gramadóir Gaeilge thusa?" "Ó, ní hé, muis; is conús caca mé!" |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7724 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, November 19, 2008 - 10:44 am: | |
Ambaist. Bhain sin sean scairt gáire asam. Agus ansin d'fhéach mé siar - ní raibh ní cinn eile feicthe agam de bharr iad a bheith seolta sa Charghas. Dhá scairt eile. Trí scairt ar cheadaoin, dar m'fhéasóg. |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 1082 Registered: 06-2006
| Posted on Wednesday, November 19, 2008 - 10:48 am: | |
Maith thú, a Aonghuis. Na scairteanna gáire "an freagra ceart" |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 857 Registered: 11-2004
| Posted on Wednesday, November 19, 2008 - 12:50 pm: | |
Cad is brí de 'conús?' Agus cén fáth gur chaith sé an t-uisce beatha ar a a aghaidh? An gcuimlíonn sé a bhéal amháin, nó a aghaidh go léir? Muise, bíonn an greann casta uaireanta... |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7725 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, November 19, 2008 - 03:31 pm: | |
Duine gan mhaith atá i gconús. Gheobhaidh tú faoi cunús ag an Dálach é. Níor chaith. Deoch a chaitheamh siar, sin é a ól. Ar aghaidh fear an bhéar, eadhon, ós a chomhair a rinne sé an t-ól. |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 858 Registered: 11-2004
| Posted on Wednesday, November 19, 2008 - 04:02 pm: | |
Deirt tusa. ;-) |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 1083 Registered: 06-2006
| Posted on Thursday, November 20, 2008 - 08:32 am: | |
Tarraingítear ceisteanna anuas leis na trt.aí thuas. Is minic mé ag déanamh mo mharana ar cad is greann ann ? an mar an gcéanna greann duine agus greann duine eile? Ó thaobh na Gaeilge de, is minic a thugaim faoi dheara, cé go dtugann eachtrannaigh áirid an Ghaeilge leo go paiteanta, agus go fíormhaith i gcásanna, is minic nach dtuigeann siad greann agus meon na nÉireannach. Dar ndóigh, is ceist chigilteach é seo. Ach, tá sin ró-dhoimhin don snáth seo: A Aonghuis: thug tú brí an fhocail "conús" go cuí; ach b'fhéidir nach fear ólta uisce beatha thú: ;-) is ionann "deoch a ól ar a haghaidh" agus gan aon rud a chuir tríd .i. uisce nó ábhar eile. A Shéamais, feicim gur beag agat foclóirí is a gceadú go fóill.;-) |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7730 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, November 20, 2008 - 08:41 am: | |
Go deimhin, is fear ólta uisce beatha, agus ar a aghaidh amháin, mé, ach ní raibh an nath agam go dtí seo. Sonas ort. Ólfaidh mé do shláinte anocht le taoscán den spota ghlais |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 859 Registered: 11-2004
| Posted on Thursday, November 20, 2008 - 09:40 am: | |
Níl teacht ar na foclóirí móra agam ar feadh an lae níos mo, a dhuine chóir. Tá 'uisce beatha dearg' agamsa mar 'ar a aghaidh.' Maidir leis an ngreann, is fíor duit nach dtuigtear i gceart é i gcónaí. Bhí mé féin ag leathmhagadh le mo chuid ceisteanna. Ní scriosann aon rud jóc mar cheisteanna. >:-) |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 1084 Registered: 06-2006
| Posted on Thursday, November 20, 2008 - 10:10 am: | |
"Tá 'uisce beatha dearg' agamsa mar 'ar a aghaidh.' " Is aisteach dom a leithéid óir ní shamhlaím dearg le uisce beatha. Chuala mé "é a ól craorag". Déarfadh duine eile, más le greann é, "é a ól cosnochta" |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 860 Registered: 11-2004
| Posted on Thursday, November 20, 2008 - 11:05 am: | |
Dearg ar meisce, Cogadh Dearg...dianaitheoir atá ann sa chás seo freisin, is dócha. |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 1087 Registered: 06-2006
| Posted on Thursday, November 20, 2008 - 11:26 am: | |
Anois tá tú mo shairsingiú isteach i réimse na sanasaíochta, na gramadaí, na ceartGhaeilge, is na cainte siltigh; agus níl dul ná focal agam orthu. Dar liom, tá tú thar cailc le mianach an natha sin agat. Gan dabht, bainfidh lucht sanasaíochta paidir chapaill as an scéal duit. |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 861 Registered: 11-2004
| Posted on Thursday, November 20, 2008 - 11:42 am: | |
Deargbhréag sin! |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7732 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, November 20, 2008 - 05:31 pm: | |
Ar aghaidh linn. Mór an trua nár thug mé aghaidh ar an Dálach sular thug mé mo mhíniú thuas. Dá mbeadh sin déanta agam, ní bheadh cúis ag Fearn aghaidh a chraois a thabhairt orm! |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 4294 Registered: 02-2005
| Posted on Thursday, November 20, 2008 - 08:34 pm: | |
quote:Mór an trua nár thug mé aghaidh ar an Dálach... S.v. "neat" atá sé in De Bhaldraithe, in éindí le "ar a bhlas" agus "as a neart"... agus "gan bhaisteadh", ar ndóigh, ós deoch an diabhail í! "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 1089 Registered: 06-2006
| Posted on Friday, November 21, 2008 - 08:59 am: | |
Nach bhfuil aon bhéarla eile air seachas neat, óir cuireann sé coimir in iúl dom. An ionann é a ní as uisce nó uisce sóide agus é a fhágáil ina chiafart? Iarracht ar athleagan: An bhfuil an leagan seo níos greannmhaire? Tuige? Ritheann fear feargeach isteach i dteach tabhairne is iarrann uisce beatha in ard a chinn. Leagtar uisce beatha os a chomhair. Caitheann sé siar é dá dhroim, is cuimlíonn sé a bhéal lena mhuinchille. "Is fuath liom gramadóirí na Gaeilge", a scread sé in ard a chinn arís, " is conúis chaca iad ar fad". "Is dona liom an focal sin, a dhuine", a dúirt an t-aon duine eile a bhí ag ól tamall uait ag an cuntar. Chuir an fear feargach na súile tríd is d'fhiafraigh: "Cé'n fáth? An gramadóir Gaeilge thusa?" "Ó, ní hé, muis; is conús caca mé!" |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 862 Registered: 11-2004
| Posted on Friday, November 21, 2008 - 09:26 am: | |
"ag an gcuntar," déarfadh gramadóir na Gaeilge...nó conús caca... >:-) Bhí dul amú orm. Milleann caint faoin ngramadach scéal grinn níos fearr ná ceisteanna amaideacha... ;-) Neat, nó straight up, atá agam air sin. |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 1092 Registered: 06-2006
| Posted on Monday, November 24, 2008 - 10:20 am: | |
"Milleann caint faoin ngramadach scéal" Is agat atá fios;-) Neat? Sea, deir an foclóir liom go dtagann sé ón Fhraincis "net" .i. glan. Anois a dtuigim. Deir an foclóir chéanna "staight" .i. gan cur leis. Thuigfinn. Ach cé a chuir an "up" leis ? Níl fhios agam. An dianaitheoir é sin leis? |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 863 Registered: 11-2004
| Posted on Monday, November 24, 2008 - 10:51 am: | |
Rian na Gearmáinise, is dócha. |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 1094 Registered: 06-2006
| Posted on Monday, November 24, 2008 - 11:01 am: | |
"Pur" a deir an Ghearmáinis leis an leagan seo d'uisce beatha muna bhfuil dul amú orm. Níor chual mé Obpur leis riamh :_) |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7745 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, November 24, 2008 - 04:57 pm: | |
Geanmnaí a bhíonn an deoch craorag san Almáin, ceart go leor. |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 864 Registered: 11-2004
| Posted on Tuesday, November 25, 2008 - 09:22 am: | |
Ach is dócha go mbíonn sé geil (dárach) i Muenschen... |
|