mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Comhrá Oscailte as Gaeilge (Irish Only) » Archive through December 26, 2008 » Dóbair dom titim « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Mbm
Member
Username: Mbm

Post Number: 161
Registered: 01-2006


Posted on Monday, February 26, 2007 - 09:08 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

A chairde,

In abairtí ar nós "dóbair dom titim", cén cineál focail é "dóbair"? Ainmfhocal? Briathar? Dobhriathar?

Tá tuairim agam gur leagan calctha é seo d'fhocail éigin a bhíodh sa teanga fadó agus nach bhfuil táirgiúil níos mó. Cad é, an bhfuil a fhios ag éinne?

Tá iontráil le haghaidh "dóbair" ag Ó Dónaill ach ní luann sé aon rann cainte. Deir sé "treated as defective verb" ag fo-iontráil #1 agus "used substantively" ag fo-iontráil #2. Sa bhreis air sin, tugann sé sampla amháin a dtuigfí as go mb'fhéidir gur briathar ó bhunús é ("dóbair siad mé a mharú") agus roinnt samplaí eile ina n-úsáidtear mar ainmfhocal é (mar shampla "chuaigh sé go dtí an dóbair").

Is mise,
Michal Boleslav Mechura

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Cionaodh
Member
Username: Cionaodh

Post Number: 584
Registered: 05-2005


Posted on Monday, February 26, 2007 - 10:13 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

"defective verb" is ea é.

dóbair = it nearly happened . . .

http://www.gaeilge.org

FRC - Fáilte Roimh Cheartúcháin

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Member
Username: Dennis

Post Number: 2729
Registered: 02-2005


Posted on Monday, February 26, 2007 - 11:57 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

defective verb = briathar uireasach

Scríobh Cecile O'Rahilly alt ar an bhfocal seo in Celtica 13 (1980). Seo an achoimre atá ag DIAS ar líne:

D’fhóbair dom tuitim [‘I nearly / almost fell], etc. (discusses is ed mod, is ing, is ar éigin ‘scarcely, hardly’, and is obair ‘it is hard, difficult’. Suggests mod. fhóbair, (fh)obair ‘almost’ represents a confusion of impersonal verb fóbair and use of obair replacing earlier mod).

"An seanchas gearr,
an seanchas is fearr."


Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Mbm
Member
Username: Mbm

Post Number: 162
Registered: 01-2006


Posted on Monday, February 26, 2007 - 12:41 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Suimiúil. Ní raibh a fhios agam go raibh litriú eile air, "d'fhóbair". Má scríobhann tú mar seo é, tá sé níos soiléire gur briathar san aimsir chaite agus sa tríú pearsa uatha atá ann.

Ceapaim go mbeadh ciall lena leithéid seo anailíse:

- Is briathar uireasach é "fóbair", ní úsáidtear ach sa tríú pearsa uatha san aimsir chaite é: d'fhóbair dom titim, is ait gur fhóbair dom titim.

- Is dobhriathar é "dóbair" a saolaíodh as an bhriathar "fóbair" agus tá an chiall chéanna leis: dóbair dom titim, is ait gur dóbair dom titim.

Is mise,
Michal Boleslav Mechura

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Cionaodh
Member
Username: Cionaodh

Post Number: 585
Registered: 05-2005


Posted on Monday, February 26, 2007 - 05:34 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

defective verb = briathar uireasach

GRMA; ní raibh foclóir agam ag an am.

http://www.gaeilge.org

FRC - Fáilte Roimh Cheartúcháin



©Daltaí na Gaeilge