Author |
Message |
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 534 Registered: 11-2004
| Posted on Tuesday, February 20, 2007 - 07:23 pm: | |
Sílim go mbeidh mé ag fanacht slán ó na cláir phlé i rith an Chargais. Sea, ghoid mé an smaoineamh seo ó Aonghus, a rinne rud mar sin anuraidh. Ach beidh mé ar an idirlíon fós, ar mo bhlag agus r-phoist. Nílim chomh láidir le hAonghus... Mar sin, slán tamall. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2682 Registered: 02-2005
| Posted on Tuesday, February 20, 2007 - 09:02 pm: | |
Slán agus beannacht mar sin, a Shéamais. Feicfidh muid arís thú i gceann ... ummm ... 46 lá! "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Liz
Member Username: Liz
Post Number: 275 Registered: 07-2005
| Posted on Tuesday, February 20, 2007 - 09:19 pm: | |
quote:Sílim go mbeidh mé ag fanacht slán ó na cláir phlé i rith an Chargais. Sea, ghoid mé an smaoineamh seo ó Aonghus, a rinne rud mar sin anuraidh. Ach beidh mé ar an idirlíon fós, ar mo bhlag agus r-phoist. Nílim chomh láidir le hAonghus... Mar sin, slán tamall. Slán go fóill, a Shéamais. Nuair a bhí m'iníon an-óg, dúirt sí liom go dtabharfadh sí suas glasraí le linn an Charghais. Níor cheadaigh mé é di, áfach. |
|
Pangur_dubh
Member Username: Pangur_dubh
Post Number: 175 Registered: 03-2006
| Posted on Wednesday, February 21, 2007 - 06:53 pm: | |
Dar liom, is seasamh diúltach staonadh ó rud. Ach más sin is fearr le duine a dhéanamh, déanadh sé é. Tá súil agam go mbeimíd uile beagánín níos naofaí ar ball. |
|
Lorán (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Sunday, February 25, 2007 - 03:03 pm: | |
Tá sé an-deacair domsa staonadh ón áit seo. B’fhéidir go mbeidh suim agat san suíomh seo, a Phanguir: http://www.maullidosyronroneos.com/influencias/lengua/frases/ |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2733 Registered: 02-2005
| Posted on Monday, February 26, 2007 - 12:31 pm: | |
Chuir mé an tURL seo ar aghaidh chuig cúpla cara a bhfuil cait agus castellano acu. Dúirt duine amháin acu go bhfuil cuma "so stately and reasonable" ar na sliochta seo i Spáinnis! "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Thíos seal (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Monday, February 26, 2007 - 03:14 pm: | |
Bíonn mo nóiméidí subversivos agam (cuirim féin nóiméidí de sanidad orthu) agus de gnáth ceapaim go bhfuil mé mar an gcéanna leis an cur síos thuas ☺ |
|
Pangur_dubh
Member Username: Pangur_dubh
Post Number: 180 Registered: 03-2006
| Posted on Monday, February 26, 2007 - 06:01 pm: | |
GRMA, A Loráin as ucht an naisc. Is fearr liom cinnte an méid a dúirt an tImpire Séarlas. Venias adhuc, Porcia mea, ut in gremio meo murmures! (Portia is ainm di, tá's agat.) Nihil es tu mihi praeter felicitatem (licetne 'felisitatem?), donec unguines tui extendant et me perfricare incipiant! Eheu! Quam miseria est illud! Catula vagula negrula hospes, comesque domûs; Qua nunc abibis in nocte: catulum petesne amico? [le leithscéal do Impire eile!] Is fíor é, áfach. Tá an cheart ag an Impire Séarles! Is breá an teanga an Laidin chun chainte leis na cait. Ach fainic, is fíor-phagánaigh iad go léir. Ní oirfeadh Laidin na hEaglaise. Laidin pagánach atá gá leis. Ar ndóigh, ní bhacann siad leis an eaglais ar chor ar bith. Ach an luch - uell, nár airigh tú riamh faoi Luch na hEaglaise a chleachtann an doibhreas mar do rinne San Prionnsias. Naomh í, dáiríre - .i. an Luch. Ach ar airigh tú riamh faoi Cat na hEaglaise? Go deimhin, níor! Tá an cat in Dhiabhal. Is héadónaí é a bhfuil dlúth-cheangal aige le gach peaca marfach, ach go háirithe siadsan a bhaineann leis an ngnéas! Ó nach fíor an ráiteas - the 'morals of an alley cat'. Agus ní mór an difríocht mhorálta idir cait ghioballacha na gcaolsráideanna agus cait ghalánta na mbúlbhard! :-) Ach b'fhéidir gan na cait a bheith ann go mbeadh na lucha beagánín níos mínaofaí ná mar atá siad faoi láthair. Chun filleadh ar an domhan daonda, áfach, ní raibh a fhios agam gur baineadh úsáid as 'ronronear' sa Chastillano! Deritear 'ronroner' sa bhFraincís. Nach breá é sin a fhoghlam! |
|
|