Author |
Message |
Eoin
Member Username: Eoin
Post Number: 156 Registered: 10-2004
| Posted on Monday, February 19, 2007 - 09:30 am: | |
Ar maidin chuir an Roinn Gnóthaí Eachtracha billeog thar Ghaeltacht Chonamara - "Every day you are helping the world's poorest people..." Bhí sé go léir as Béarla seachas píosa ag an deireadh "As Gaeilge Má tá leagan Gaeilge den leabhrán seo uait déan teangabháil linn agus seolfaimid coip chugat sa phost agus fáilte. Is féidir coip a íoslódáil ó shuíomh gréasáin Chúnamh Éireann chomh maith." Má deintear cuardaach Google don suíomh "Cúnamh Éireann" faigheann tú an teachtaireacht seo air: "Tá leagan Gaeilge de shuíomh ‘Cúnamh Éireann’ á thógáil faoi láthair. Más mian leat tuilleadh eolais nó teangabháil uainn nuair a théann an suíomh beo, seol ríomhphoist chuig " mar aon le páipéar bán agus tuairisc don bhliain 2005. ( http://www.irishaid.gov.ie/gaeilge.html) Ní dóigh liom go bhfuil sé seo inglactha. Dá mba rud é gur cuireadh an leabhrán seo as Gaeilge chuig gach taighleach sa tír leis an aguisín beag gur féidir leagan Béarla a fháil ach é a iarraidh an mbeadh sé sin inghlactha? Is féidir iarraidh ortha leagan Gaeilge a chur chugat ach scríob chucu ag Nuacht Ghaeltacht na Gaillimhe agus Deisceart Mhuigheó http://anghaeltacht.net/ce |
|
Mbm
Member Username: Mbm
Post Number: 160 Registered: 01-2006
| Posted on Monday, February 19, 2007 - 10:27 am: | |
Is leis an Choimisinéir Teanga ba chóir dhuit an gearán seo a dhéanamh: http://www.coimisineir.ie/ Tá tuairim agam go bhfuil sé i gcoinne an dlí leagan Gaeilge a bheith ar fáil ar bhreis dua ná mar atá leagan Béarla - ach ní mór é seo a chinntiú le hoifig an Choimisinéara. Is mise, Michal Boleslav Mechura |
|
Eoin
Member Username: Eoin
Post Number: 157 Registered: 10-2004
| Posted on Tuesday, February 20, 2007 - 01:38 pm: | |
Chuir mé chuige é agus fuair mé nóta an-dheas ón oifige aige:. "Tá cás na bileoige faisnéise trí Bhéarla ó Chúnamh Éireann a fhiosrú againn le roinnt laethanta anuas. Faoi Alt 9(3) den Acht ba chóir a leithéide a bheith a scaipeadh trí Ghaeilge nó go dátheangach nuair atá sé á sheoladh mar “cora poist” ag an bpobal go ginearálta.....Bhí siad i dteagmháil leis an Oifig seo arís ina thaobh maidin inniu. Deir siad go bhfuil stop curtha anois leis an dáileadh i mBéarla amháin.....Maidir leis an dara pointe uait i dtaobh gan fáil a bheith ar leagan Gaeilge den suíomh gréasáin ag Cúnamh Éireann, fiosróidh an Oifig seo an scéala sin freisin. Tá sé gealta in Alt 4.2.4 de scéim teanga na Roinne Gnóthaí Eachracha go raibh obair ar siúl le “leagan cuimsitheach Gaeilge a sholáthar de láithreáin gréasáin na Roinne agus Cúnamh Éireann. Mar a luadh ag 3.1 thuas, meastar go gcríochnófar an tionscadal seo faoi dheireadh 2006 agus cuirfear gach ábhar ar fail ar an láithreán gréasáin sa dá theanga oifigiúil uaidh sin amach....Is cosúil go bhfuil an obair críochnaithe go hiomlán ar shuíomh gréasáin na Roinne ach go bhfuil ceann Chúnamh Éirweann fós á thógáil. Fiosrófar leo é....” Tá Dia láidir agus Máthair mhaith aige! Nuacht Ghaeltacht na Gaillimhe agus Deisceart Mhuigheó http://anghaeltacht.net/ce |
|
Scathach
Member Username: Scathach
Post Number: 35 Registered: 02-2007
| Posted on Tuesday, February 20, 2007 - 05:54 pm: | |
Eoin, Dia dhuit. Is mise ball nua den bhfóram. Aontaím leat ach seo pointe eile. Tá aithne agam ar cúpla sean leaids i gConamara agus níl mórán Béarla acu ach níl an léamh go ro-mhaith acu i nGaeilge fiú i mBéarla. Ní bheadh sé ar a gcumas cóip a íoslódáil ó shuíomh gréasáin, ach an oiread. Níl ann ach tuairim, ach b'fhéidir go mbeadh sé níos fearr níos mó oibre a dhéanamh ar slite éagsúla chun an t-eolas a aimsiú, mar shampla an t-eolas a chraoladh ar RnaG, nó rud éigin mar sin. Tá fadhb eile ag na leaids, tá an Ghaeilge sna foilseacháin mar seo mínádúrtha dóibh. Níl bun nó barr le fáil acu ar na bhfoilseacháin a sheoltar amach. Ceapaim gur 'scríbhinní rúnda' iad, dar liom, ar aon nós. |
|
Eoin
Member Username: Eoin
Post Number: 160 Registered: 10-2004
| Posted on Wednesday, February 21, 2007 - 06:42 am: | |
Sea! Tá aithne agamsa féin ar roinnt sean-leads - agus leadanna nach bhfuil chomh sean san - nach bfuil go leor Béarla acu le foirmeacha nó cáipéisí foirmeálta i mBéarla nó i nGaeilge a lámhsáil. N'fheadair an féidir liom fhéin iad a thuiscint ina n-iomlán uaireanta. Bíonn ormsa foiremeacha chánach éagsúla a líonadh isteach ó am go h-am. Uaireanta chuirtear chugam i mBéarla iad agus bíonn orm iarraidh ortha an leagan ceart a chur chugam - chuireamm an foirm Béarla thar nais agus na focail "Gaeilge led thoil!" B'fhédir gur ceart dom "No Béarla" a scrí chucu. (Táim á dhéanamh seo le breis is dhá scóir bhliain!!!!). Uaireanta teipeann orm na téarmaí a thuiscint agus nuair a iaraimm cabhair orthat de gnath tugtear an focal Bearla - focal atá chomh deachair a thuiscint agus atá an focal Gaeilge. Mar shampla úsáidtear ar foirm CBL: "Sóláthairtí Earraí" agus as Béarla "Supplies of Goods" - ach cad is brí le sin? An brí atá leis ná "Rudaí atá díolta agat". Ach is dócha gur sin scéal eile!!!! Aontaíom leat agus ar bhealach is cuma cén teanga in bhfuil na rudaí seo curtha amach is beag daoine a léann iad mar táid ró-dheachair iad a léamh cuma cén teanga in bhfuil siad scríofa. Nuacht Ghaeltacht na Gaillimhe agus Deisceart Mhuigheó http://anghaeltacht.net/ce |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 171 Registered: 06-2006
| Posted on Wednesday, February 21, 2007 - 10:40 am: | |
Maith an fear a Eoin. Bhí deacrachtaí agam tamall ó shoin leis an Roinn seo cheana i dtaobh athnuadh mo phais, agus i ndiaidh achainí ón Choimisinéir Teanga, chuir siad suas de phlé liom i mBéarla agus casadh ar an nGaeilge. B'éifeachtach ach doicheallach a bplé liom, agus creidim nach bhfuil "cultúr" plé le Gaeilge acu, ach é a iarraidh go teann. |
|
Mise_fhéin
Member Username: Mise_fhéin
Post Number: 63 Registered: 11-2006
| Posted on Wednesday, February 21, 2007 - 11:36 am: | |
fan nóiméad, bhí siad in ann plé leat i nGaeilge ach ní raibh siad sásta é a dhéanamh. 'bhfuil sin á rá agat? |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 172 Registered: 06-2006
| Posted on Wednesday, February 21, 2007 - 11:47 am: | |
Go díreach! I dtús, chuir mé ríomhphost chucu, agus d'fheagair duine i mBéarla a rá nach raibh Gaeilge aige agus an miste liom é a scríobh i mbéarla. Duine eile a phléigh liom ina dhiaidh is dóigh. |
|
Eoin
Member Username: Eoin
Post Number: 162 Registered: 10-2004
| Posted on Saturday, February 24, 2007 - 01:35 pm: | |
Wow (nó pé focal Gaeilge atá ar sin!!!!)...tá sin do-chreidthe. Níor chuala mé a leithéid gur iarradar ort do ghnó a dhéanamh tré Bhéarla... Is íontach go deo iad an dream atá ag Oifig an Choimisinéara. Ní féidir an iomarca mholadh a thabhairt dóibh! Nuacht Ghaeltacht na Gaillimhe agus Deisceart Mhuigheó http://anghaeltacht.net/ce |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 175 Registered: 06-2006
| Posted on Monday, February 26, 2007 - 07:27 am: | |
"Níor chuala mé a leithéid gur iarradar ort do ghnó a dhéanamh tré Bhéarla..." Ná déan dearúd nach bhfuil Gaeilge ar a dtoil ag 98% de mhuintir na hÉireann, na heachtranaigh as an áireamh. Dar ndóigh bhí orm casadh ar an mbéarla, sa chás seo: d'fheagair mé iad idir bhéarla is Ghaeilge, más buan mo chuimhne, bhí an t-eolas a d'iarr mé a thastáil go géar. Ghearáin mé don Choimisinéir iad ina dhiaidh dar ndóigh. Agus dar ndóigh, ghabh siad a leithscéal |
|
Eoin
Member Username: Eoin
Post Number: 163 Registered: 10-2004
| Posted on Tuesday, February 27, 2007 - 07:50 am: | |
Ní dóigh liom go bhfuil an céadadán comh hárd le 98% agus cinnte dúirt i bfad níos mó ná 2% den daonra go raibh Gaeilge ar a dtoil acu sa daonáireamh deirannach. Ar aon nós anois de bharr an Acht Teanga is ceart aon comhfhreagras a cuirtear i nGaeilge a fhreagairt i nGaeilge ag breis is sé chéad eagrais stáit, comhairle chontae nó comhlucht stáit. Nuacht Ghaeltacht na Gaillimhe agus Deisceart Mhuigheó http://anghaeltacht.net/ce |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 177 Registered: 06-2006
| Posted on Tuesday, February 27, 2007 - 08:44 am: | |
Bhal, is maith leis an Éireannach an t-áiféis agus is iomaí bréag a insítear ar son na hÉireann nó ar son bleagaidíochta. Cén dochar? Dar ndóigh ní ag ceasacht ar Acht atá mé, ach nuair a mbíonn i dteangháil le comhlacht státurraithe, is gnáth go mbíonn seirbhís uaim, agus is annamh mé i riocht feitheamh go mbíonn "siadsan" ag fústar le duine na Gaeilge a chuir ar fáil dom. Mar mhóramh an domhain Gaeilge, tugaim isteach don Bhéarla, cé go ghearáinim an rannóg ina dhiaidh sin. Níl an fhoighde agam, agus is gnáth go mbím thios leis an fuireach seo. |
|
Eoin
Member Username: Eoin
Post Number: 164 Registered: 10-2004
| Posted on Wednesday, February 28, 2007 - 08:39 am: | |
Bhí breis den aiféis seo ar RnaG ar maidin. An bealach drochbhéasach atá an Roinn Oideachas - bhaist Séamus Ó Thuama an Roinn Éadochas orthu - ag plé le Coláiste Lurgáin. Cé go scríonn siad le húdarás an Choláiste i nGaeilge ní féidir leo an ceist a phlé i nGaeilge nuair a glaoghtar orthu ar an bhfón. D'iarr RnaG ortha ráiteas faoin ábhar agus cuireadar ráiteas chucu - i mBéarla! Nuacht Ghaeltacht na Gaillimhe agus Deisceart Mhuigheó http://anghaeltacht.net/ce |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 179 Registered: 06-2006
| Posted on Wednesday, February 28, 2007 - 10:21 am: | |
Dar ndóigh, cíbé faoin teanga, bíonn cáil na moille ar an maorlathas cíbé áit a bhfaightear é. Ach i dtaca leis an Roinn seo, a raibh in ainm cháil na Gaeilge riamh, chuir sé iontas orm a mhéid ráitéisí a chuireann siad amach i mbéarla amháin. Ach mar a deirim is iomaí duine gan Gaeilge ar a thoil aige agus post mór aige sna Ranna rialtais. |
|