Author |
Message |
Seadanta
Member Username: Seadanta
Post Number: 1 Registered: 02-2007
| Posted on Wednesday, February 14, 2007 - 12:27 pm: | |
Ta me ag lorg fa choinne amhrain Gaeilge mar ta me ag eiri posta i mbliana agus ba mhaith liom amhran Gaeilge a bheith ann b'fheidir amhran bainise ( ta bron orm nach bhfuil me abalta fada a dheanamh ach ta me ab baint usaid as LINUX agus ni feidir liom sineadh fhada a fhail) |
|
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 215 Registered: 06-2006
| Posted on Wednesday, February 14, 2007 - 01:31 pm: | |
Ná bain úsáid as... ... Liam Ó Raghallaigh (tá sé caillte) ... Úna Bhán (tá sí caillte) ... An Sagairtín (tá sé ag dul ina shagart) ... Bean an Fhir Rua (tá sí pósta cheana féin) ... Dónal Óg (tá sí tréigthe aige) ... Casadh an tSúgáin (ní ligfeadh a máthair é a theacht i ngar di) ... Ar Maidin Dé Máirt (scéal bainise nár éirigh leis) ... Geaftaí Bhaile Buí (scéal éalaithe nár éirigh leis) Céard 'tá fágtha? "Neainsín Bhán" b'fhéidir, nó "Eileanór a Rún." Is dócha go bhfuil cúpla ceann eile ann - amhráin nach bhfuil aon bhac ar an ngrá iontu - ach ní cuimhin liom iad faoi láthair. Tá fáilte roimh chuile cheartú! |
|
Seadanta
Member Username: Seadanta
Post Number: 2 Registered: 02-2007
| Posted on Wednesday, February 14, 2007 - 01:41 pm: | |
go raibh maith agat a Abigail Éistfidh mé leis na hamhráin sin |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 522 Registered: 11-2004
| Posted on Wednesday, February 14, 2007 - 01:48 pm: | |
Is ait dom go bhfuil tú ag lorg amhráin mar seo. Mura bhfuil taithí agat ar amhráin Ghaeilge, cén mhaith duit é? Molaim 'Cúnla' duit, mar tá spraoi ann. Níl aon Color My World ann as Gaeilge, go bhfios dom. |
|
Seadanta
Member Username: Seadanta
Post Number: 3 Registered: 02-2007
| Posted on Wednesday, February 14, 2007 - 02:05 pm: | |
go raibh maith agat a Shéamais |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5045 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, February 14, 2007 - 04:45 pm: | |
céard faoi tabhair dom do lámh nó casadh an tsugáin, |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2615 Registered: 02-2005
| Posted on Wednesday, February 14, 2007 - 05:29 pm: | |
Agus céard faoi 'S Umbó Aerá? Sean-amhrán álainn é nach bhfuil diúltach faoin ngrá! Tá leagan de ar an DD A Stór is a Stóirín le Pádraigín Ní Uallacháin. Seo iad na focail. Níl a lán acu ann: an-oiriúnach le haghaidh "sing along"! ;-) 'S umbó aerá ó uileabó aerá Gabh siar is gabh aniar Is faigh domsa céile 'S umbó aerá ó uileabó aerá. 'S umbó aerá ó uileabó aerá Ó shiúil mé an choill Le héirí na gréine 'S umbó aerá ó uileabó aerá. 'S umbó aerá ó uileabó aerá Ó seo é mo stór Ag teacht thar an tsléibhe 'S umbó aerá ó uileabó aerá. 'S umbó aerá ó uileabó aerá Gabh siar is gabh aniar Is faigh domsa céile 'S umbó aerá ó uileabó aerá. Et voilà, céile faighte agaibh beirt! :-) "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Liz
Member Username: Liz
Post Number: 255 Registered: 07-2005
| Posted on Wednesday, February 14, 2007 - 06:49 pm: | |
Seo an Iomann atá ag deireadh Deasghnátha an Phósta sa Leabhar Aifrinn ó Ghaillimh. Chuala mé go bhfuil sé traidisiúnta ag Póstaí in Éirinn. Gabhaim molta Bríde, Ionúin í le hÉirinn, Ionúin le gach tír í, Molaimis go léir í. Lóchrann geal na Laighneach 'Soilsiú feadh na tíre, Ceann ar ógha Éireann, Ceann na mban ar míne. Tig an geimhreadh dian dubh 'Gearradh lena ghéire; Ach ar lá 'le Bríde Gar dúinn Earrach Éireann. Rinne Nóirín ní Ríain taifeadadh de ar a dlúthdhiosca "Celtic Soul". Cuireann sé "On This Day" i gcuimhne domsa, iomann traidisiúnta ag póstaí Caitliceacha i Meiriceá. Bhí "On This Day" ag mo phósadh féin, agus is iomann a bhaineann le bandacht é. (Bhí "We've Only Just Begun" (na Carpenters) agus "The Wedding Song" (Paul Stookey) againne freisin.) Phósamar sa bhliain 1974. Tá iomann eile sa leabhar Aifrinn, ag tosú an Phósta. Tosnaíonn sé -- "Ag an bpósadh bhí i gCána..." Níor chuala mé an ceann seo riamh,ach is dócha go bhfuil sé tradisiúnta freisin. |
|
Paul (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Thursday, February 15, 2007 - 12:14 pm: | |
A chara, Cad faoi "Dónal agus Mórag"? Fuair mé nasc duit: http://www.irishpage.com/songs/donal.htm Comhghairdeas libh, Paul |
|
Seadanta
Member Username: Seadanta
Post Number: 4 Registered: 02-2007
| Posted on Monday, February 19, 2007 - 10:21 am: | |
go raibh maith agat as na freagraí |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 1573 Registered: 01-2005
| Posted on Tuesday, March 27, 2007 - 04:26 pm: | |
Tá "Buaireamh an phósta" deas go leor - is iad Clannad a cheolas é ar an albam "Fuaim". Ach tá súil ’s agam nach dtuigeann do bhean chéile Gaeilg ! :-D Learn Irish pronunciation here: www.phouka.com/gaelic/sounds/sounds.htm |
|