mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Comhrá Oscailte as Gaeilge (Irish Only) » Archive through December 26, 2008 » Ainmhithe Fiáine « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Séamas_Ó_neachtain
Member
Username: Séamas_Ó_neachtain

Post Number: 520
Registered: 11-2004


Posted on Wednesday, February 14, 2007 - 10:09 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

http://www.daltai.com/cgi-sys/cgiwrap/daltai/discus/show.pl?tpc=21&post=52268#PO ST52268

B'é seo an chéad uair riamh go bhfaca mé mús fiáin, cé go ndearna mé iarracht cúpla uair roimhe seo chun iad a fheiscint. Chonaic mé béar dubh sa choill i bPennsylvania tráth (ón gcár).

Tá mo dheirfiúr ina cónaí in Maine, agus siúlann na hainmhithe ar a cuid talún go minic, fianna den chuid is mó, ach tháinig mús cúpla uair. Tá béir sa chomharsanacht, ach ní dóigh liom go bhfaca sí iad timpeall an tí.

Bhí an béar sin in aice le háit an-suimiúil i PA.

http://www.columcille.org (Páirc Meigilití)

Agus an áit seo, freisin:

http://outdoors.webshots.com/album/105245526vCvrNV

(Páirc bollán)

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Liz
Member
Username: Liz

Post Number: 256
Registered: 07-2005


Posted on Wednesday, February 14, 2007 - 07:11 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Chonaic mé mús in Alaska. Ar dtús, cheap mé gur chapall an-ghránna é.

Bhíomar in Alberta, Ceanada deich mbliana ó shin, agus chinneamar dul ar lorg múis. Dúradh linn go dtaithíonn na múis na corcacha fliucha ag luí na gréine. Chuamar go corcach inár gcarr. Bhíomar inár n-aonar ag feitheamh orthu. Ní fhacamar mús, ach chomh luath agus a d'imíomar as an gcarr, rinne go leor leor ainmhithe fiáine ionsaí orainn. Feithidí a bhí iontu. Ní fhaca mé an méid sin d'fheithidí riamh.
Léimeamar isteach sa charr láithreach, agus d'imíomar as an áit. B'éigean dúinn an cuimilteoir gaothscátha a chur ar bun go fíochmhar, mar gheall ar an méid uafásach d'fheithidí san oíche i gCeanada.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Séamas_Ó_neachtain
Member
Username: Séamas_Ó_neachtain

Post Number: 526
Registered: 11-2004


Posted on Thursday, February 15, 2007 - 09:51 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Muise. Bíonn sé amhlaidh ó thuaidh. Tá droch-chlú ar na cuileoga dubha in Maine.
Chun mús a fháil, ní mór an t-am a chaitheamh á lorg is ag fanacht, de ghnáth. Agus ní mór go bhfuil an t-ádh leat. Uair amháin eile, bhíomar ar saoire agus bhualamar le cúpla fear a bhí ag caitheamh seachtaine á lorg, agus chuaigh siad ó áit go háit. Mhol siad dúinn tús agus deireadh an lae. Agus in Maine uair amháin eile, dúradh linn mar a insíodh duit, faoin saghas áite is fearr leo. Rinneamar iarracht ar an dá thuras sin, agus cinn eile, agus theip orainn gach uair, go dtí an turas sa samhradh seo tharainn. Ach chonaic mé ceann i zú in Quebec lá amháin ar ár mí na meala - agus chuir mé mo mhéar ar a shrón! Sea, thadhaill mé mús (óg) beo. An oíche chéanna, bhí crith talún ann. Ná cuirtear isteach ar An Máthair Nádúr!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Paul (Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Thursday, February 15, 2007 - 06:10 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Ábhar iontach, a chairde!

Tá cónaí orm i mbruachbhaile taobh amuigh Cathair Nua-Eabhrac.
Is breá liom nuair a tá deis agam aihmhí fiáne a fheiceáil anseo...
Tamaillín ó shin agus mise ar shúilóid le dlúthchara, chualamar aimhí beag ag screadáil.
Fuaireamar aimhí donn fíor-bheag, chomh beag mar scaithín cadáis, in aice crainn. Ba vól é.
Ní chreifeá go mbéadh ainmhí chomh beag ábalta an fuaim sin a dhéanamh. Ach rinne.

Agus mé ag tiomáint thar an ionad siopadóireacht mór le rá An Short Hills Mall, i gceantar saibhir (mar Beverly Hills), chonaic mé madra aisteach tanaí in aice na bóithre, ag ithe ainmhí beag bocht marbh. Bhí sé ina shuí in aice le bóithre plódaithe, gan imní nó faitíos air. Nuair a shroic mé mo theach, rinne mé cuardach ar an idirlíon agus tugadh le fios dom gurbh cadhóit é!
Ar fheabhas!

Níl mo theach suite ach bloc go leith ó abhainn, agus tá rian breá in aice leis.
Feicim mo chara nua, an corr oíche [night heron], ansiúd anois is arís. Ceapaim go bhfuil teach eile aige i bhFlorida i rith an geimhridh.

Paul

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Séamas_Ó_neachtain
Member
Username: Séamas_Ó_neachtain

Post Number: 531
Registered: 11-2004


Posted on Friday, February 16, 2007 - 10:52 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Bím ag caint faoina leithéid ar ár gclár plé eile le Fearn. Seo scéailín faoi racún a chonaic mé an tseachtain seo caite:
http://www.scoilgaeilge.org/liosta/viewtopic.php?p=3540#3540



©Daltaí na Gaeilge