ACHT NA dTEANGACHA OIFIGIÚLA Ó DHEAS - bainte amach
STÁDAS NA GAEILGE SAN EORAIP - bainte amach
ACHT NA GAEILGE DON TUAISCEART ??????
TACAIGH LE POBAL NA GAEILGE SA TUAISCEART
Tá Conradh na Gaeilge ag eagrú bus ó Bhaile Átha Cliath(Ard-Oifig an Chonartha, 6 Sráid Fhearchair) ar an Satharn, 24 Feabhra ar 9.30rn le freastal ar mhórshiúil ar son Acht na Gaeilge don Tuaisceart. D’éirigh linn ag an ‘Lá Mór’ ó dheas brú mór a chur ar an rialtas stádas a lorg don Ghaeilge san Eoraip. Tá sé de cheart dúinn anois seasamh lenár gcairde agus lenár ngaolta sa Tuaisceart agus cabhrú leo Acht Gaeilge a bhaint amach ann.
Lá clainne agus lá spraíúil a bheidh ann ar nós an ‘Lá Mór’ i mBÁC beagnach dhá bhliain ó shin.
Déan teagmháil le Jamie Ó Tuama le suíochá(i)n a chur in áirithe go luath (tá an bus ag líonadh cheana féin!):
nó 00353 1 4757401