mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Comhrá Oscailte as Gaeilge (Irish Only) » Archive through December 26, 2008 » Polasaí Oideachais an Chonartha « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Jamie
Member
Username: Jamie

Post Number: 50
Registered: 06-2006
Posted on Tuesday, February 13, 2007 - 10:43 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Sheol Dáithí Mac Cárthaigh, Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Colm Hamrogue, Uachtarán Aontas na Mac Léinn in Éirinn, agus Nikolai Trigoub-Rotnem, Uachtarán Aontas na Mac Léinn Iar-Bhunscoile feachtas náisiúnta le haghaidh ollchóirithe ar mhúineadh na Gaeilge inár scoileanna. Táthar ag cuartú tacaíochta ó gach páirtí agus iad ag réiteach don olltoghchán don pholasaí oideachais a d’fhógair siad ag comhdháil nuachta ar 5 Feabhra, 2007 ag 11.00 r.n. san óstán Buswells i mBaile Átha Cliath agus ag cuartú tiomantais go gcuirfí an polasaí sa chéad chlár rialtais eile.

San áireamh sa pholasaí a fógraíodh bhí an trí mholadh seo a leanas:

1. Go múinfí gach ábhar oide trí Ghaeilge i dtimpeallacht lán-Ghaeilge, ag foghlaim tríd an tumoideachas agus faoin tumoideachas, ar feadh tréimhse bliana acadúla san iomlán le linn a gcúrsa oiliúna. Roinntear an tréimhse thar fhad iomlán an chúrsa oiliúna ag tosnú leis an gcéad chúpla seachtain cinniúnach. Bíodh an deis ag mic léinn an cúrsa iomlán a dhéanamh trí Ghaeilge más mian leo;

2. Go múinfí ábhar amháin de bhreis ar an nGaeilge, trí Ghaeilge do gach dalta bunscoile, ar bhonn píolótach ar dtús leis an tacaíocht agus an oiliúint is gá;

3. Go bhforbrófaí dhá shiollabas don Ghaeilge ag an dara leibhéal le dhá pháipéar scrúdaithe ar leith don Ardteist agus don Teastas Sóisearach:-
• “Teanga na Gaeilge” a mhúinfí do gach mac léinn: ag múineadh agus ag measúnú na scileanna tuisceana, labhartha, léite agus scríofa ag baint leasa as an bhFráma Coiteann Eorpach mar thagairt agus ag cuimsiú feasachta teanga.
• “Litríocht na Gaeilge” le déanamh ag gach mac léinn ardleibhéil agus le múineadh go comhtháite le “Teanga na Gaeilge” ag an leibhéal cuí.
Ligfeadh sé seo do mhic léinn Bonnleibhéil agus Gnáthleibhéil díriú ar an teanga a shealbhú agus ní bheadh ach páipéar amháin le déanamh acu ag leibhéil na hArdteiste agus an Teastais Shóisearaigh. D’aithneofaí uallach oibre na litríochta do mhic léinn ardleibhéil trí “Litríocht na Gaeilge” a mharcáil mar ábhar breise.

Dúirt Dáithí Mac Cárthaigh, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: “Is iomaí céim chun cinn atá tógtha le blianta beaga anuas i dtreo thodhchaí na Gaeilge a chinntiú: TG4, stádas mar theanga oifigiúil den AE, Acht na dTeangacha Oifigiúla atá ag cur le líon agus le caighdeán na seirbhísí poiblí trí Ghaeilge a fheabhsú agus an borradh faoin ngaelscolaíocht.
Ina ainneoin sin, áfach, ní éiríonn leis an earnáil scolaíochta Béarla, ar a bhfreastalaíonn 90% de scoláirí na tíre, fíorbheagán cainteoirí líofa Gaeilge a sholáthar agus is cúis fhrustrachais go minic an siollabas do scoláirí, do thuismitheoirí agus do mhúinteoirí araon.
Tá na leasuithe atá á moladh againn bunaithe ar na cleachtais is fearr ar fud na cruinne, agus d’fhéadfaí iad a chur i bhfeidhm de réir a chéile thar shaolré an chéad rialtais eile agus d’fheabhsóidís as aithne sealbhú na Gaeilge inár scoileanna.
Ní foláir na leasuithe seo a bheith mar dhlúthchuid de, agus mar chéim i dtreo, curaclaim chomhtháite teangacha. Sealbhaítear teangacha le húsáid agus le cleachtadh. Ní bhíonn ráth ar mhodhanna eile.

Dúirt Colm Hamrogue, Uachtarán Aontas na Mac Léinn in Éirinn; “Tá an-chuid ábhar múinteoirí ag fágáil a gcuid coláistí oiliúna nach bhfuil sásta lena gcaighdeán Gaeilge. Tá an oiliúint chuí tuillte acu.
Caitheann múinteoirí teangacha ag an dara leibhéal bliain dá gcuid cúrsa tríú leibhéal ar an gclár ERASMUS ag baint amach caighdeán sách ard sa teanga a mhúinfidh siad sa todhchaí. Leis an rud atá á mholadh againne beidh ábhair múinteoirí bunleibhéil in ann an caighdeán céanna a bhaint amach.

Dúirt Nikolai Trigoub-Rotnem, Uachtarán Aontas na Mac Léinn Iar-Bhunscoile: “Tá córas reatha mhúineadh na Gaeilge ag teip go leor mac léinn agus tá cur chuige nua-aimseartha, nuálaíoch spreagúil agus úr ag teastáil. Tá easpa béime á leagan ar an nGaeilge mar theanga labhartha inár scoileanna dara leibhéil agus tá an iomarca béime á leagan ar litríocht na Gaeilge. Spreagfaidh an córas nua dara leibhéil atá á mholadh againn inniu mic léinn le ceithre scil bhúnasacha (tuiscint, éisteacht, léamh agus scríobh, go háirithe ag an mBunleibhéal agus ag an Gnáthleibhéal) a fhoghlaim agus ag an am céanna beidh na moltaí seo ag aithint an tromlaigh oibre ag an Ardleibhéal.”

Ceapadh comhordaitheoirí feachtais sa chuid is mó de na dáilcheantair ag an bpointe seo agus beidh siad ag spreagadh díospóireachta agus ag leagan béime ar an bpolasaí oideachais seo san fheachtas toghchánaíochta. Iarrfaidh siad ar gach iarrthóir gealltanas tacaíochta a shíniú don pholasaí seo.



©Daltaí na Gaeilge