Author |
Message |
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 512 Registered: 11-2004
| Posted on Thursday, February 08, 2007 - 04:44 pm: | |
Seo an fáth go bhfuil sé tábhachtach go bhfuil níos mó ná teanga amháin ag duine. http://www.foxnews.com/story/0,2933,250604,00.html |
|
(Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Thursday, February 08, 2007 - 09:43 pm: | |
Dá mbeadh Béarla ag an dream a chuireann an "nuacht" seo amach, chabhródh sé. Níl aon maitheas i Murdoch agus an seafóid a scaipeann sé. 'Aon scéal agat ó dhaoine a thuigeann cad is nuacht ann? |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 167 Registered: 06-2006
| Posted on Friday, February 09, 2007 - 08:12 am: | |
Tá súil agam go bhfuil seoladh an tsuímh seo aici anois. Ní labhairt teangan go eolas gíceach na teangan ;-) |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 513 Registered: 11-2004
| Posted on Friday, February 09, 2007 - 09:40 am: | |
A (Unregistered Guest) nimhnigh, Ná cuir do chuid meds ar leataobh inniu. Is léir go mbíonn tú ar buile aon uair a fheiceann tú an focal Fox. Fox fox fox fox fox fox fox fox. Anois, beidh na gardaí in ann tusa a fháil. Seo rud eile nach léifidh tú: http://caomhach.blogspot.com/2007/02/cad-is-fox-news-ann.html DAS, aon mhaitheas. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 4995 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, February 09, 2007 - 10:22 am: | |
Ná cothaigh an troll! |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 515 Registered: 11-2004
| Posted on Friday, February 09, 2007 - 10:46 am: | |
Maith dom sin, a Aonghus. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2568 Registered: 02-2005
| Posted on Friday, February 09, 2007 - 12:49 pm: | |
quote:'Aon scéal agat ó dhaoine a thuigeann cad is nuacht ann? A Chaitríona, an tusa atá ann? Feicim go dtáinig an tcht thuas ó California State University Northridge, agus dúirt tú go bhfuil tú ag foghlaim Spáinnise ansin. Thug mé faoi deara tamall ó shin gur nós leat uaschamóg a scríobh roimh 'Bhfuil, agus feicim an uaschamóg chéanna roimh 'Aon thuas. Ní troll é an duine a bhfuil aithne againn air/uirthi. Fáilte ar ais! ach faoi d'ainm féin, tá go maith? "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Eoin
Member Username: Eoin
Post Number: 154 Registered: 10-2004
| Posted on Saturday, February 10, 2007 - 01:14 pm: | |
Nach uafásach an scéal é. Cuireann sé scéal deartháir an Ath Ó Fiannachta i gcuimhne dom. Leanbh óg a bhí ann agus bhuail tinneas éigin é. Tógadh isteach ag an oispidéal i dTrailí é - as Corca Dhuibne iad muintir Fiannachta - agus fuair an lead óg básd ann. Nuair a chuaig an clann isteach chuig an oispidéal chuala siad an sceál agus dúradh leo go raibh sé ag lorg a "duck". Cheap siad gut bréagáin de shaghas a bhí uatha ach ní raibh Béarla ag an leaanbh bocht agus deoch a bhí á lorg aige... Nuacht Ghaeltacht na Gaillimhe agus Deisceart Mhuigheó http://anghaeltacht.net/ce |
|
Eoin
Member Username: Eoin
Post Number: 155 Registered: 10-2004
| Posted on Saturday, February 10, 2007 - 01:31 pm: | |
Tá an scéal faoin Ath Ó Fiannachta aimsithe agam ar http://beo.ie/index.php?page=archive_content&archive_id=854 Scríobh sé dán faoi leis atá ag bun an leathanach! Nuacht Ghaeltacht na Gaillimhe agus Deisceart Mhuigheó http://anghaeltacht.net/ce |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2581 Registered: 02-2005
| Posted on Saturday, February 10, 2007 - 03:33 pm: | |
Léigh mé úrscéal tamall ó shin faoi Indiach Lakota a bhí ina bhall den Wild West Show a bhí ag déanamh cuairt na Fraince ag an am sin, thiar in ochtóidí nó nóchaidí an ochtú haois déag. Buaileadh tinn é i Marseilles. Tugadh chuig an ospidéal é. Ní raibh Fraincis ná Béarla aige, agus ligeadh ansin san ospidéal é nuair a d'fhág an Seó an Fhrainc ar ghaltán ar ais go Meiriceá. Bhí sé cosúil leis an mbean úd i Chiang Mai, ach d'éirigh leis saol nua a chruthú dó féin sa Fhrainc, ní gan dua. The Heartsong of Charging Elk an teideal atá air. http://www.dancingbadger.com/chargelk.htm "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|