mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Comhrá Oscailte as Gaeilge (Irish Only) » Archive through December 26, 2008 » Tomhas « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Member
Username: Dennis

Post Number: 2548
Registered: 02-2005


Posted on Tuesday, February 06, 2007 - 09:18 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Stop an garda tráchta an t-ollamh.
"An bhfuil barúil ar bith agat den luas a bhí fút?" a d'fhiafraigh
an garda de.
"Níl. Ach tá a fhios agam go beacht cá bhfuil mé."
Cé hé an t-ollamh?

(Níor tharla sé seo riamh, agus tá an t-ollamh marbh anois. Ach is cuma. Bhí sé beo, agus is cineál fáthscéil é an scéilín seo! Cén t-ainm a bhí air?)

"An seanchas gearr,
an seanchas is fearr."


Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 4970
Registered: 08-2004


Posted on Wednesday, February 07, 2007 - 06:45 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Heisenberg?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Séamas_Ó_neachtain
Member
Username: Séamas_Ó_neachtain

Post Number: 510
Registered: 11-2004


Posted on Wednesday, February 07, 2007 - 08:54 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Einstein?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 164
Registered: 06-2006
Posted on Wednesday, February 07, 2007 - 09:07 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Eoin Scottus Eriugena?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Member
Username: Dennis

Post Number: 2550
Registered: 02-2005


Posted on Wednesday, February 07, 2007 - 11:40 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Heisenberg! Maith thú, a Aonghuis! Anois, ós tú an buaiteoir, ar mhiste leat an scéilín seo a mhíniú dóibh siúd nach cuimhin leo an beagán quantum mechanics* a d'fhoghlaim siad ar scoil?

* Tá na focail "candam" agus "meicnic" agam, ach níl mé cinnte conas a chuirtear i dtoll a chéile iad sa chás seo: "meicnic an chandaim" ??

"An seanchas gearr,
an seanchas is fearr."


Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Abigail
Member
Username: Abigail

Post Number: 198
Registered: 06-2006
Posted on Wednesday, February 07, 2007 - 11:58 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Thuig mé an tomhas (agus bhain sé gáire asam) ach fágfaidh mé faoi Aonghus míniú a dhéanamh air! Níor bhain mé ach minor amach sa bhfisic.

Scríobh Dennis: Tá na focail "candam" agus "meicnic" agam, ach níl mé cinnte conas a chuirtear i dtoll a chéile iad sa chás seo: "meicnic an chandaim" ??

Bhí orm an cheist chéanna a réiteach ar na mallaibh le haghaidh aiste atá á scríobh agam. Mar atá an scéal, tá baint éicint ann idir mo chúinne féin na teaglamachta agus an meicnic chandamach.

Tá fáilte roimh chuile cheartú!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 4981
Registered: 08-2004


Posted on Wednesday, February 07, 2007 - 05:50 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Miniú? Táim i bhfad ró fhalsa chuige sin.

Is innealtóir mise, tar éis an tsaol:

http://en.wikipedia.org/wiki/Uncertainty_principle

www.springerlink.com/index/T8173612621026Q5.pdf

Fear le prionsabal éiginnteachta ab ea é!



©Daltaí na Gaeilge