mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Comhrá Oscailte as Gaeilge (Irish Only) » Archive through December 26, 2008 » Caighdeán na Gaeilge ar TG4 « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Mickrua
Member
Username: Mickrua

Post Number: 90
Registered: 07-2005
Posted on Monday, February 05, 2007 - 10:03 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

A dhaoine cuireann sé "pian i mo chois" le bheith múinte béasa faoi, an droch chaighdeán Gaeilge atá ag an mban-láithreoir a bhí ar TG4 inné ag an gcluiche i gCaisleán an Bharraigh.Mar shampla ní abraíonn sí "thar éis na bhfógraí " an Ghaeilge cheart leis an ngramadach ceart díreach dúirt sí "tar éis na fógraí" .Tá an caighdeán nós a d'fheicfeá ar FOX NEWS.Daithiúlacht in áit críonnacht agus cruinneas.
Bhur dtuairimí uaibhse go léir a d'fhéach ar an CLG ar TG4 inné 4/2/07.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Séamas_Ó_neachtain
Member
Username: Séamas_Ó_neachtain

Post Number: 508
Registered: 11-2004


Posted on Monday, February 05, 2007 - 12:53 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Bíonn an Béarla go breá ar Fox News, bealach nach bhfaca tú riamh, is cosúil.

Tar éis na fógraí a dhéanamh, b'fhéidir?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Eoin
Member
Username: Eoin

Post Number: 148
Registered: 10-2004


Posted on Tuesday, February 06, 2007 - 05:52 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Bhí Seosamh Ó Cuaig ag gearán faoi chaighdeán na Gaeilge ar TG4 ag gcruinniú d'Údarás na Gaeltachta le déanaí leis.

Maidir le Fox TV - an Béarla a labhraítear ansin? ;-)

Nuacht Ghaeltacht na Gaillimhe agus Deisceart Mhuigheó http://anghaeltacht.net/ce

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Mickrua
Member
Username: Mickrua

Post Number: 91
Registered: 07-2005
Posted on Tuesday, February 06, 2007 - 10:07 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Tá Fox le fáil anseo san Eorap ar BSKYB. Séard a bhí mé ag iarraidh a chur trasna go mbíonn daoine daithiúla acu ar an stáisiún ach nach ndéanann mórán a thagann amach as a mbéil mórán céille.Is cúis magaidh agus gáire FOX News agus bainim an-sásamh as an "Jon Stewart Daily Show" nuair a thugann sé faoi FOX NEWS agus a gcuid ráiméis agus cacamas a dtugann siad "Nuacht" air.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Séamas_Ó_neachtain
Member
Username: Séamas_Ó_neachtain

Post Number: 509
Registered: 11-2004


Posted on Tuesday, February 06, 2007 - 11:11 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Is mór an trua nach mbíonn ach an droch-thuairim sin thall. Bíodh a fhios agat go bhfuil i bhfad níos mó ná nuacht ar an mbealach sin. Bíonn cláir thuairimí ann go minic, agus ní thugtar nuacht orthusan. Is breá le daoine caitheamh anuas ar Fox, mar ní bhíonn siad ar aon fhocal leis na bealaigh eile, agus tugann siad deis do choimeádaigh a meon a nochtadh faoi chúrsaí reatha - rud nach bhfeictear ar na bealaigh eile. Síleann mórán daoine thar sáile go bhfuil rud mícheart leis sin, ach is breá linn anseo go bhfuil níos mó ná tuairim amháin ar fáil ar an teilifís.
Ach táimid ag tosnú ar an bpolaitíocht, agus ba chóir dúinn an t-ábhar seo a sheachaint anseo.
Bhíodh The Daily Show greannmhar, tráth dá raibh, ach is fuath liom an smirkeáil agus an sotal a bhíonn ann le fada. Ach nílim ag féachaint air le fada, i bhfírinne, agus is féidir nach bhfuil sé chomh dona agus is cuimhin liom anois.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fog1990
Member
Username: Fog1990

Post Number: 14
Registered: 03-2007


Posted on Sunday, March 04, 2007 - 07:20 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Ar a laghd labhraíonn an mbean Gaeilge, agus ar a laghd tá stáisiún teilifís Gaeilge againn!!!
Féach ar an taobh geal do rudaí a leaideanna!!!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Eoin
Member
Username: Eoin

Post Number: 175
Registered: 10-2004


Posted on Sunday, March 04, 2007 - 08:11 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Maith thú Fog

Nuacht Ghaeltacht na Gaillimhe agus Deisceart Mhuigheó http://anghaeltacht.net/ce

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Scathach
Member
Username: Scathach

Post Number: 57
Registered: 02-2007
Posted on Sunday, March 04, 2007 - 08:42 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

thar éis na bhfógraí - Canúint Chonnacht
tar éis na fógraí - an Chaighdéan Chriticiúil, oops, botún ansin, ba cheart dom a scríobh - an Chaighdéan Oifigiúil

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Member
Username: Dennis

Post Number: 2781
Registered: 02-2005


Posted on Sunday, March 04, 2007 - 01:41 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

quote:

tar éis na fógraí - an Chaighdéan Chriticiúil

Ná bí chomh dian sin ar an CO! Pé scéal é, tá na bhfógraí sa Chaighdeán freisin. Maidir leis an gcéad fhocal, tá a lán leaganacha de le cloisteáil: thar éis, th'éis, tréis, d'éis, etc. Úsáidtear tar éis mar chaighdeán scríofa, sin an méid.

"An seanchas gearr,
an seanchas is fearr."


Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Scathach
Member
Username: Scathach

Post Number: 60
Registered: 02-2007
Posted on Sunday, March 04, 2007 - 03:01 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Ah Dennis
Ní raibh mé ach ag déanamh grinn faoin CO, tá brón orm má cuir mé isteach ort. Is as Connacht m'fhear chéile agus deireann sé '..héis' ach nuair atá sé ag iarraidh an teanga a dhul go mór ort deireann sé 'thar éis'. Bhí sé ar RnaG coicís ó shin agus bhí 'thar éis' ar fud na háite aige. Táim ag fós ag magadh faoi. Is as Cúige Mhumhan mé féin agus deirim 'tar éis'. Tá sé mar 'in house joke' againne anois. Ach tá an ceart agat, scríobhtar 'tar éis'.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Member
Username: Dennis

Post Number: 2786
Registered: 02-2005


Posted on Sunday, March 04, 2007 - 03:18 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Go raibh maith agat as an scéilín, a Scáthach! As California domsa agus as Mississippi do mo chéile, agus bíonn "cathanna teangeolaíochta" ar siúl againn de shíor.
quote:

deireann sé '..héis'

Sin é an leagan a phioc mé suas agus a thagann as mo bhéal go hiondúil.

"An seanchas gearr,
an seanchas is fearr."




©Daltaí na Gaeilge