Author |
Message |
Liz
Member Username: Liz
Post Number: 226 Registered: 07-2005
| Posted on Monday, January 29, 2007 - 06:32 pm: | |
Seo tomhas eile ón leabhar -- Cén taobh den chupa a bhfuil an cluas air? |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2464 Registered: 02-2005
| Posted on Monday, January 29, 2007 - 06:45 pm: | |
Ar an taobh amuigh ? "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Liz
Member Username: Liz
Post Number: 227 Registered: 07-2005
| Posted on Monday, January 29, 2007 - 07:26 pm: | |
quote:Ar an taobh amuigh ? Ceart! Nach cliste thú. Seo ceann eile níos deacra daoibh: Tá sé chomh cruinn le seáspán. Tá sé chomh domhain le pota agus ní iompróchadh gearrán an rí é. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2466 Registered: 02-2005
| Posted on Monday, January 29, 2007 - 07:48 pm: | |
gearrán an rí = capall mór téagartha? "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Liz
Member Username: Liz
Post Number: 228 Registered: 07-2005
| Posted on Monday, January 29, 2007 - 07:51 pm: | |
quote:gearrán an rí = capall mór téagartha? Sin a cheapaimse féin. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2469 Registered: 02-2005
| Posted on Tuesday, January 30, 2007 - 01:33 am: | |
Umar baiste? "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 4880 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, January 30, 2007 - 06:12 am: | |
Tobar? |
|
Liz
Member Username: Liz
Post Number: 230 Registered: 07-2005
| Posted on Tuesday, January 30, 2007 - 11:34 am: | |
Tá an dá freagraí go han-mhaith. 'Tobar' an ceann sa leabhar. Seo ceann eile daoibh: Goidé is gaiste amuigh? |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2473 Registered: 02-2005
| Posted on Tuesday, January 30, 2007 - 11:51 am: | |
Luas an tsolais! "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2481 Registered: 02-2005
| Posted on Tuesday, January 30, 2007 - 10:29 pm: | |
Ní hea? Tá go maith. Céard faoi "ráfla"? "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Liz
Member Username: Liz
Post Number: 234 Registered: 07-2005
| Posted on Wednesday, January 31, 2007 - 12:29 am: | |
Freagraí maithe (go háirithe 'ráfla' i mo bharúil) ach ní hiad sin an freagra sa leabhar. Tá rud níos gaiste ná ráfla i gceist. Níl a fhios agam an mbeadh sé níos gaiste ná luas an tsolais, ach tá an féidireacht ann. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 4894 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, January 31, 2007 - 06:13 am: | |
Bréag? |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2483 Registered: 02-2005
| Posted on Wednesday, January 31, 2007 - 11:59 am: | |
Smaoineamh? "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Liz
Member Username: Liz
Post Number: 235 Registered: 07-2005
| Posted on Wednesday, January 31, 2007 - 07:39 pm: | |
'Smaointeamh' an freagra sa leabhar. Seo ceann eile daoibh: Goidé an comrádaí is fearr agat? |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2487 Registered: 02-2005
| Posted on Wednesday, January 31, 2007 - 08:38 pm: | |
Dea-shláinte? "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2488 Registered: 02-2005
| Posted on Wednesday, January 31, 2007 - 09:06 pm: | |
quote:'Smaointeamh' an freagra sa leabhar. Tá's agat, ar ndóigh, nach bhfuil sé sin ceart. Is léir anois go mbíonn frith-ghníomh an choirp níos gaiste go minic (i gcónaí?) ná an smaoineamh a leanann é agus a "mhíníonn" céard a tharla. Tá cuid mhaith taighde fíor-shuimiúil déanta air seo le déanaí. "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Liz
Member Username: Liz
Post Number: 236 Registered: 07-2005
| Posted on Wednesday, January 31, 2007 - 09:19 pm: | |
Suimiúil, a Dennis. Ach conas is féidir le na heolaí luas na smaoineamh a thomhas? |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 504 Registered: 11-2004
| Posted on Thursday, February 01, 2007 - 09:25 am: | |
Nach bhfuil smaoineamh istigh, seachas amuigh? Nuair a bhíonn an braon istigh bíonn an chiall amuigh, ach níor thosaigh sí ansin! |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2495 Registered: 02-2005
| Posted on Thursday, February 01, 2007 - 11:47 am: | |
quote:Ach conas is féidir le na heolaí luas na smaoineamh a thomhas? Sílim go ndéantar le functional MRI é, ach níl mé céad faoin gcéad cinnte anois. Caithfidh mé dul ar ais agus cur síos ar cheann de na turgnaimh a fháil duit. Idir an dá linn, bhí cúpla alt ar an ábhar seo ar Time Magazine le déanaí. Seo ceann acu, le Steven Pinker ag MIT: http://www.time.com/time/magazine/article/0,9171,1580394,00.html "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Liz
Member Username: Liz
Post Number: 237 Registered: 07-2005
| Posted on Thursday, February 01, 2007 - 04:25 pm: | |
Go raibh maith agat, a Dennis. Ní fhaighim Time anois, ach bhí sé againn le roinnt bliana. Admhaím mo locht nár léigh mé an t-alt iomlán. Tá sé suimiúil, ach dúirt an tOllamh -- quote:Using functional MRI, cognitive neuroscientists can almost read people's thoughts from the blood flow in their brains. Bréag amach is amach é sin agus comhartha domsa nach bhfuil seisean ag tabhairt na fírinne ghlan dúinn. Ní 'cognitive neuroscientist' é ach oiread. Is síceolaí eisean. Is ar éigean a bhíonn na síceolaí in a bhfíoreolaí, dar liomsa. Conas a deirtear 'sensationalism' sa Ghaeilge. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2504 Registered: 02-2005
| Posted on Thursday, February 01, 2007 - 10:05 pm: | |
quote:Ní 'cognitive neuroscientist' é ach oiread. Is síceolaí eisean. Is fíor gur síceolaí é, ach tá beagaínín níos mó ná sin ann. Is stiúrthóir an Center for Cognitive Neuroscience ag MIT é. An dóigh leat go mbeadh post mar sin aige ag ollscoil mar sin mura mbeadh sé au courant maidir leis an taighde atá á dhéanamh acu ansin agus fud an domhain i réimsí neuroscience? Tá a chuid leabhartha léite agam agus ní fheictear domsa go bhfuil siad lán bréaga ar chor ar bith. Tabhair faoi deara, freisin, go bhfuil focal an-tábhachtach san abairt thuas uaidh, mar atá "almost". ;-) Maidir leis an tomhas -- Nach raibh tú sásta leis an réiteach a thug mé duit thuas? Ní dúirt tú tada faoi. "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 507 Registered: 11-2004
| Posted on Friday, February 02, 2007 - 09:56 am: | |
Tá luas an smaoinimh sin níos moille, si dócha... |
|
Liz
Member Username: Liz
Post Number: 238 Registered: 07-2005
| Posted on Friday, February 02, 2007 - 07:25 pm: | |
Dennis a dúirt: quote:Dea-shláinte? Freagra maith, ach ní hé sin an ceann sa leabhar. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2510 Registered: 02-2005
| Posted on Friday, February 02, 2007 - 09:28 pm: | |
Do mhadra, mar sin? Tá a fhios agat an nath sin i mBéarla. Cuireann sé sin giota deisbhéalaí i gcuimhne dom! Is é Groucho Marx a dúirt: Lasmuigh de mhadra, is é an cara is fearr ag duine ná leabhar. Laistigh de mhadra, tá sé ró-dhorcha le léamh ar aon chuma. "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Liz
Member Username: Liz
Post Number: 239 Registered: 07-2005
| Posted on Saturday, February 03, 2007 - 12:04 am: | |
Ní madra é, ach rud tábhachtach eile. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2512 Registered: 02-2005
| Posted on Saturday, February 03, 2007 - 01:02 pm: | |
Goidé an comrádaí is fearr agat? Do scian Swiss Army ? Bíonn mo cheannsa i mo phóca i gcónaí -- ach amháin ar eitleáin. "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 4931 Registered: 08-2004
| Posted on Saturday, February 03, 2007 - 01:21 pm: | |
meas tú a raibhb siad fairsing i measc conallaigh sna 30í? do scáil, bhféidir? nod le'd thoil, a liz! |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2514 Registered: 02-2005
| Posted on Saturday, February 03, 2007 - 01:48 pm: | |
Ach, an bhfuil do scáil "tábhachtach"? Ní dóigh liom go bhfuil sí úsáideach, ar aon chuma. "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Liz
Member Username: Liz
Post Number: 240 Registered: 07-2005
| Posted on Saturday, February 03, 2007 - 02:03 pm: | |
Dúirt Dennis: quote:Do scian Swiss Army Ní hé sin an freagra, ach is freagra maith é. Bhíodh ceann agam i mo mhála i gcónaí go 9/11/2001. Tá bosca oifig an phoist agam sa bhfoirgneamh cónasctha i mBellingham agus téim ansin beagnach gach dara lá. Thar éis an tubáiste 2001, cuireadh gardaí ag an doras agus chuardaigh siad mo mhála. Níor ghabh siad mo scian, ach b'éigean dom é a chur ar ais sa charr roimh dul isteach san oifig. Anois, níl garda ansin le ceithre bliana anuas, ach rinne mé dearmad ar an áit inár gcuir mé an scian. Fuair mé bosca poist mar gheall ar an dlí i gCalifornia. Is faisnéis phoiblí é do sheoladh má tá ceadúnas leighis Chalifornia agat. Agus bhí a lán gealt i measc na hothair a chonaic mé sa stát sin. D'ardaigh Arnold Schwarzenegger costas an cheadúnais Chalifornia go mór anuraidh agus chuir mé mo cheannsa ar cheal. Is mithid dom an bosca poist a chealú chomh maith. Aonghus a dúirt: quote:do scáil, bhféidir? nod le'd thoil, Seo chugaibh noda: 1. Mura bhfuil giota den rud seo agat, is beag na rudaí is féidir leat dhéanamh sa saol atá anois ann. Is mór an trua é, ach sin mar a bhíonn sé. Ní féidir leat ithe, ní féidir leat díon a fháil tharat, ní féidir leat dul ó háit go háit, srl. 2. Is cúis mháith le pósadh é, i mo bharúil. Ach ní hé an chúis is tábhachtaí é. 3. Má tá sé agat, is éasca leat a rá nach bhfuil sé tábhachtach. Ach mura mbeadh sé agat, tá sé ag teastáil go géar uait. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2517 Registered: 02-2005
| Posted on Saturday, February 03, 2007 - 02:33 pm: | |
Airgead!!!! "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Liz
Member Username: Liz
Post Number: 241 Registered: 07-2005
| Posted on Saturday, February 03, 2007 - 03:46 pm: | |
Tá sé agatsa! 'Sparán' an focal sa leabhar. Seo ceann eile duit. Baineann sé le mionbhríonna na bhfocal sa Ghaeilge. "Dhá gcaillfinnse leathchoróin agus mé a ghoil á cuartú. Goidé a dhéanfainn nuair a gheobhainn iad." |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2519 Registered: 02-2005
| Posted on Saturday, February 03, 2007 - 05:28 pm: | |
Creidim, áfach, gur fearr dea-shláinte ná airgead, agus tá scéilín agam ó Bheatha Bríde a thacaíonn le mo bharúil! Tá mé cinnte gur féidir leat é seo a aistriú. B'ionann bó agus airgead san sean-am, ar ndóigh. http://www.sengoidelc.com/node/136 Fecht and tanic araile clam co Brigit do chunchid bó. Dixit Brigit fris: ‘Cia de is ferr lett, bó do breith no th' ícc don chlaime.’ At-bert in clam ba ferr lais a ícc dia chlaime oltás rigi ind uli domain dó. ‘Ar is rig cech slán’, ol se. Do-rigne tra Brigit ernaigthi fri Dia co ro h-íctha in clam & cor' fhógain do Brigit iar sin. "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2525 Registered: 02-2005
| Posted on Saturday, February 03, 2007 - 08:59 pm: | |
leathchoróin ... á cuartú = uatha gheobhainn iad = iolra An mar sin atá sé sa leabhar? Cé mhéad leathchoróin atá i gceist? "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Liz
Member Username: Liz
Post Number: 242 Registered: 07-2005
| Posted on Sunday, February 04, 2007 - 02:12 pm: | |
quote:"Dhá gcaillfinnse leathchoróin agus mé a ghoil á cuartú. Goidé a dhéanfainn nuair a gheobhainn iad." Sin go díreach mar atá sé sa leabhar. Cheap mise an t-aistriúchán thíos. (An féidir go mbeadh sé i gceart? Nílim cinnte de 'searching for one' in áit 'searching for it'. Ach ní féidir le duine dul ag cuartú leathchorónach amháin mura bhfuil ceann caillte aige cheana.) If I should lose a half crown while I go searching for one(?). What would I do when I find them? An bhfuil barúil eile agat? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 4935 Registered: 08-2004
| Posted on Sunday, February 04, 2007 - 02:21 pm: | |
an poll i'm phóca a dheisiú? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 4938 Registered: 08-2004
| Posted on Sunday, February 04, 2007 - 02:43 pm: | |
scríobh Dennis quote:Tá mé cinnte gur féidir leat é seo a aistriú. Is dócha gur Liz a bhí i gceist agat. Ní thuigimse ach "dixit"! Trócaire orainne, na Gael Nua! |
|
Liz
Member Username: Liz
Post Number: 243 Registered: 07-2005
| Posted on Sunday, February 04, 2007 - 03:40 pm: | |
Dúirt Aonghus: quote:an poll i'm phóca a dheisiú? Ní he sin an freagra sa leabhar, ach tá do cheannsa níos deise ná an ceann atá ann. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 4941 Registered: 08-2004
| Posted on Sunday, February 04, 2007 - 04:53 pm: | |
scríobh mise quote:Ní thuigimse ach "dixit"! Cuireann sin an seanscéal i gcuimhne dhom faoin bhfear nár thuig den Aifreann Laidine ach an Kyrie, eleison! |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2530 Registered: 02-2005
| Posted on Sunday, February 04, 2007 - 06:44 pm: | |
Fecht and Uair amháin tanic araile clam tháinig clamh eile co Brigit go Bríd do chunchid bó do iarraidh bó. Dixit Brigit fris: Dúirt Bríd leis ‘Cia de is ferr lett, Cé [acu ceann] is fearr leat bó do breith bó do bhreith [leat] no th' ícc don chlaime nó do íoc den chlaimhe.’ At-bert in clam Dúirt an clamh ba ferr lais a ícc dia chlaime b'fhearr leis a íoc dá chlaimhe oltás rigi ind uli domain dó ná ríocht an domhain uile. ‘Ar is rig cech slán’, ol se Óir is rí gach [duine] slán, ar seisean. Do-rigne tra Brigit ernaigthi fri Dia Rinne Bríd urnaithe le Dia ansin co ro h-íctha in clam gur íoctha an clamh & cor' fhógain do Brigit iar sin agus gur fhóin do Bhríd ina dhiaidh sin. "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 4946 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, February 05, 2007 - 05:42 am: | |
GRMA. Ná raibh clamh riamh orainn! |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 514 Registered: 11-2004
| Posted on Friday, February 09, 2007 - 10:11 am: | |
Cén fáth nach mbíonn fásach i bhfásach? |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2571 Registered: 02-2005
| Posted on Friday, February 09, 2007 - 05:11 pm: | |
Ní bhíonn fásach gan fás i gcónaí. Sa chomhthéacs Éireannach, ní áit gan uisce é an fásach ar chor ar bith. Déantar idirdhealú ar thalamh treafa ar láimh amháin, agus ar thalamh fás, nó fásach, ar an láimh eile. "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5000 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, February 09, 2007 - 05:36 pm: | |
Gaineamhlach atá san rud ar a dtugtar fásach go minic. http://www.focal.ie/Search.aspx?term=desert%23 Ait tréighte an bunbhrí a bhí le desertum na laidine, agus Wüste na Gearmáiníse, agus... |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5001 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, February 09, 2007 - 05:50 pm: | |
|
|
Liz
Member Username: Liz
Post Number: 245 Registered: 07-2005
| Posted on Friday, February 09, 2007 - 06:09 pm: | |
quote:"Dhá gcaillfinnse leathchoróin agus mé a ghoil á cuartú. Goidé a dhéanfainn nuair a gheobhainn iad." Ní fhaca mé freagra uaibh fós. Seo an ceann sa leabhar daoibh: "Stadfainn á cuartú." |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5003 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, February 09, 2007 - 06:15 pm: | |
Ach tuige an uatha agus an iolra trína chéile? Ní thuigim! |
|
Liz
Member Username: Liz
Post Number: 246 Registered: 07-2005
| Posted on Friday, February 09, 2007 - 06:24 pm: | |
Ní thuigimse féin é, ach sin mar atá sé sa leabhar, focal ar fhocal. B'fhéidir go bhfuil botún cló ann. Seo ceann eile daoibh: Siúd fríd an fharraige é scál an gréine, fear agus cóta gorm air agus snáithe dearg ina léinidh. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5004 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, February 09, 2007 - 06:25 pm: | |
Tuar ceatha? |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2572 Registered: 02-2005
| Posted on Friday, February 09, 2007 - 09:50 pm: | |
Saghas éisc a bhfuil craiceann gorm lonrach air le stríoc beag dearg ann? Ronnach / maicréal? "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Liz
Member Username: Liz
Post Number: 247 Registered: 07-2005
| Posted on Friday, February 09, 2007 - 09:55 pm: | |
Tua cheatha an freagra sa leabhar. Comhghairdeas, a Aonghuis! Seo ceann eile daoibh -- Má chumhdaíonn crúb eilifint leath acra talaimh, goidé chumhdóchadh a eireball? |
|
Liz
Member Username: Liz
Post Number: 248 Registered: 07-2005
| Posted on Friday, February 09, 2007 - 09:57 pm: | |
'goidé a chumhdochádh' (gabhaigí mo leithscéal) |
|
Liz
Member Username: Liz
Post Number: 249 Registered: 07-2005
| Posted on Friday, February 09, 2007 - 10:03 pm: | |
Agus níl fiú braon amháin tugtha agam anocht-- 'Má chumhdaíonn crúb eilifint leath acra talaimh, goidé a chumhdochadh an ruball?' sin ceart! |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2574 Registered: 02-2005
| Posted on Friday, February 09, 2007 - 10:21 pm: | |
A pholl tóna? "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Liz
Member Username: Liz
Post Number: 250 Registered: 07-2005
| Posted on Saturday, February 10, 2007 - 12:58 am: | |
Tá freagra níos ealaíonta sa leabhar, aon focal amháin -- 'Tóin' Comhghairdeas, a Dennis. Seo ceann eile daoibh: Triúr, ceathrar, cúigear codramán Ag goil siar go Dún na nGall, Gan súil, gan béal, gan teangaidh Is iad uilig ag caint. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5008 Registered: 08-2004
| Posted on Saturday, February 10, 2007 - 06:46 am: | |
Srutháin (Rith bradán nó breac liom mar fhreagra don gceist úd eile) http://www.focal.ie/Search.aspx?term=breac%20dea-dhathach&lang=2 |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2576 Registered: 02-2005
| Posted on Saturday, February 10, 2007 - 12:22 pm: | |
quote:Tá freagra níos ealaíonta sa leabhar Ach... cad is ealaín ann? "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5030 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, February 13, 2007 - 12:20 pm: | |
Liz, cén fhreagra atá ar do thomhas? (Triúr, ceathrar, cúigear codramán) |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2598 Registered: 02-2005
| Posted on Tuesday, February 13, 2007 - 12:38 pm: | |
Tá Liz ciúin le cúpla lá anuas. Tá an fliú ag dul thart sna bólaí seo, slán mar a n-instear é, agus i bhfad uainn an drochrud! "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 518 Registered: 11-2004
| Posted on Tuesday, February 13, 2007 - 01:18 pm: | |
Ar chúis éigin, ní fhaca mé an téad seo ón uair a scríobh mé roimhe seo. Tuigim a bhfuil sibh ag rá, ach tagann focal.ie salach ar an nóisean nach n-úsáitear fásach do ghainmhlann, mar tá fásach ar Mhars acu. Ach is féidir go bhfuil uisce faoi thalamh ann... |
|
Liz
Member Username: Liz
Post Number: 251 Registered: 07-2005
| Posted on Tuesday, February 13, 2007 - 06:18 pm: | |
|quote{Triúr, ceathrar, cúigear codramán Ag goil siar go Dún na nGall, Gan súil, gan béal, gan teangaidh Is iad uilig ag caint.} Seo chugaibh an freagra sa leabhar: "Tonnaí (na farraige)" Bhí tusa gar don fhreagra, a Aonghuis. A Shéamais, Chonaic mé d'fhístéip is déanaí ar do shuíomh blog -- Ainmhithe Fiáine i New Hamphsire. An-deas! Sna nóchaidí, chuamar go Páirc Strathcóna i lár Oileán Vancouver. Tá an pháirc an-mhór. Bhíomar ar thaobh an bhóthair ag áit ina n-itheann na turasóirí amuigh faoin aer ('picnic area' a deirtear i mBéarla). Chonaiceamar béar dubh mór in aice linn. Tháinig maor páirce agus scaoil urchar follamh chuige. Sa pháirc chéanna, agus muid ar an mbóthar inár gcarr, tháinig dhá bhéiríní síos os ár gcomhair amach. Ba chúpla iad. Bhí a máthair ina ndiaidh. Níl béir Grizzly i bPáirc Strathcóna, go bhfios domsa. Ach chonaic mé béir Grizzly in Alaska. Bhí siad i bhfad i gcéin uainn, buíochas le Dia. Seo pictiúir den pháirc, má tá suim agat inti. http://www.strathcona.bc.ca/about/gallery.html |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2603 Registered: 02-2005
| Posted on Tuesday, February 13, 2007 - 09:09 pm: | |
Bhfuil dubhfhocal eile agat dúinn, Liz? "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Liz
Member Username: Liz
Post Number: 252 Registered: 07-2005
| Posted on Tuesday, February 13, 2007 - 09:15 pm: | |
Uimhir 31 ón leabhar: Tá sé chomh cruinn leis an ghealaigh. Tá dhá shúil aige agus tá sé chomh húsáideach le maide briste. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2606 Registered: 02-2005
| Posted on Tuesday, February 13, 2007 - 11:55 pm: | |
Leid, led thoil! An bhfaightear é seo cois teallaigh freisin? "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Liz
Member Username: Liz
Post Number: 253 Registered: 07-2005
| Posted on Wednesday, February 14, 2007 - 12:07 am: | |
Faightear. Agus faightear é sa ghort agus amuigh ar an tsráid agus i mbád ar an bhfarraige. Sa teach tábhairne agus san eaglais, sa scoil agus sa reilig. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2608 Registered: 02-2005
| Posted on Wednesday, February 14, 2007 - 12:25 am: | |
Chuile áit mar sin? Bonn airgid a bhfuil aghaidh air? (Cén saghas aghaidheanna a bhí ar na boinn in Éirinn sna tríochaidí? Rí éigin? Agus gan ach súil amháin le feiceáil, is dócha, tóisc gurbh é a leathaghaidh a bhí ar an mbonn? Oh bhuel.) "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5039 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, February 14, 2007 - 06:18 am: | |
Cnaipe? |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2609 Registered: 02-2005
| Posted on Wednesday, February 14, 2007 - 11:00 am: | |
quote:Cnaipe? An-deas! Mura bhfuil an ceart agat, íosfaidh mé mo hata! (Agus bheadh orm ceann a cheannach -- is fuath liom hataí ... ar mo cheann féin.) "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Liz
Member Username: Liz
Post Number: 254 Registered: 07-2005
| Posted on Wednesday, February 14, 2007 - 06:17 pm: | |
Aonghus a dúirt: quote:Cnaipe? Sin é!! Comhghairdeas arís a Aonghuis!! Seo ceann eile daoibh: Hata beag mo sheanathair agus é ina shuí ar a thóin. Níor stad sé ariamh ach ag bogadaigh Go raibh sé thall sa Róimh. Nóta -- Tá an litriú 'sheanathair' sa leabhar. Ní botún cló liomsa é. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2625 Registered: 02-2005
| Posted on Thursday, February 15, 2007 - 08:28 pm: | |
quote:Hata beag mo sheanathair [sic] agus é ina shuí ar a thóin. Níor stad sé ariamh ach ag bogadaigh Go raibh sé thall sa Róimh. So, is é an seanathair atá ina shuí ar a thóin, ceart? Agus an hata atá ag bogadach, ní an fear? "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Liz
Member Username: Liz
Post Number: 259 Registered: 07-2005
| Posted on Thursday, February 15, 2007 - 09:36 pm: | |
quote:So, is é an seanathair atá ina shuí ar a thóin, ceart? Agus an hata atá ag bogadach, ní an fear? Níl a fhios agamsa. Níl miniú ar bith sa leabhar. Ach b'fhéidir go bhfuil botún cló sa leabhar -- hata beag mo sheanathar b'fhéidir?? |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2629 Registered: 02-2005
| Posted on Thursday, February 15, 2007 - 10:08 pm: | |
quote:Níl a fhios agamsa. Ach... tá an réiteach agatsa! Tuigeann tú mar sin céard is brí leis na leideanna aisteacha seo. quote:hata beag mo sheanathar b'fhéidir?? Sin é an t-adhmad a bhainimse as. "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 530 Registered: 11-2004
| Posted on Friday, February 16, 2007 - 09:36 am: | |
An raibh an seanathair ag taisteal ar thraein, nó long? |
|
Liz
Member Username: Liz
Post Number: 263 Registered: 07-2005
| Posted on Friday, February 16, 2007 - 06:17 pm: | |
Ní raibh sé ar thraein agus ní raibh sé ar long. Is meafar é an seanathair. Tá cuma mullach ceann an tseanathar ar an rud atá i gceist. Rud bán atá i gceist. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5070 Registered: 08-2004
| Posted on Saturday, February 17, 2007 - 04:02 pm: | |
An cuid de roth atá i gceist? An meafair atá sa Róimh - an bhfeadfadh aon áit eile bheith ina ionad, nó an bhfuil creideamh i gceist? |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2668 Registered: 02-2005
| Posted on Monday, February 19, 2007 - 08:56 pm: | |
Níl barúil dá laghad agam den réiteach, ach tá mé ar bís len é a chloisteáil. An leor "éirím as" a rá? Nó "glac trua linn!" "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Liz
Member Username: Liz
Post Number: 269 Registered: 07-2005
| Posted on Monday, February 19, 2007 - 09:36 pm: | |
Océ. Is é 'Cobhar (cúr) ar uisce' an freagra. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2671 Registered: 02-2005
| Posted on Monday, February 19, 2007 - 09:47 pm: | |
Yikes! Ní bheadh an réiteach sin agam dá mbeadh míle bliain agam le mo mhachnamh a dhéanamh air! "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|