Author |
Message |
Fear_na_mbróg
Member Username: Fear_na_mbróg
Post Number: 1420 Registered: 08-2004
| Posted on Saturday, January 27, 2007 - 10:22 pm: | |
Ag deireadh roinnte de na ceisteanna san Ard-Teistiméireacht, deirtear: É seo a phlé Bhíos ag smaoineamh cén fáth gurb i gclaon-insint atá siad seachas: Pléigh é seo An bhfuil a fhios ag éinne? -- Fáilte Roimh Cheartú -- Ná húsáidigí focail Béarla agus sibh ag labhairt Gaeilge liom, le bhur dtoil. Ní thabharfaidh mé freagra do theachtaireacht ar bith a bhfuil "Gaeilge" neamhghlan inti. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 4869 Registered: 08-2004
| Posted on Sunday, January 28, 2007 - 09:26 am: | |
droch aistriú ón mbéarla is eagal liom. Sin nó iarracht an modh ordaitheach a sheachaint, toisc go bhfuil rogha agat an cheist a dhéanamh nó gan é a dhéanamh. |
|
Mbm
Member Username: Mbm
Post Number: 146 Registered: 01-2006
| Posted on Monday, January 29, 2007 - 03:42 am: | |
Ní dóigh liom gur drochaistriúchán é. Iarracht atá ann gan a bheith díreach agus gan a bheith pearsanta, mar a deir Aonghus. Agus caithfidh mé a rá go bhfuil an seachantachas seo an-choitianta sa Ghaeilge mar a scríobhann lucht na n-oifigí agus lucht an mhaorlathais í. Feicim féin an iomarca de sin i mo shaol oibre ó lá go lá. Is mise, Michal Boleslav Mechura |
|
Fear_na_mbróg
Member Username: Fear_na_mbróg
Post Number: 1423 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, January 29, 2007 - 01:51 pm: | |
Seans go bhfuil ciall cosúil le "This is to be discussed." aige. -- Fáilte Roimh Cheartú -- Ná húsáidigí focail Béarla agus sibh ag labhairt Gaeilge liom, le bhur dtoil. Ní thabharfaidh mé freagra do theachtaireacht ar bith a bhfuil "Gaeilge" neamhghlan inti. |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 501 Registered: 11-2004
| Posted on Monday, January 29, 2007 - 03:10 pm: | |
Thuigfinnse é mar 'chun é seo a phlé' (i.e. sin an fá go bhfuil an spás seo curtha ar fáil). |
|