Author |
Message |
Liz
Member Username: Liz
Post Number: 199 Registered: 07-2005
| Posted on Thursday, January 18, 2007 - 12:52 pm: | |
Seo ceann eile daoibh -- Lá amháin chuaigh ceathrar fear a dh'amharc ar charraig chloch eibhir. An chéad duine ní raibh amharc ar bith aige. An dara duine ní raibh lámh ar bith air, an treas duine ní raibh cos ar bith air agus bhí an ceathrú duine bhí sé tarrnochtaithe. Chonaic an chéad duine éan, scaoil an dara fear é, rith an treas duine agus thóg sé é agus chuir an ceathrú fear ina phóca é. Goidé sin? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 4757 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, January 18, 2007 - 02:44 pm: | |
uirlísí an sealgaire atá i gceist, is dócha? |
|
Liz
Member Username: Liz
Post Number: 200 Registered: 07-2005
| Posted on Thursday, January 18, 2007 - 06:05 pm: | |
Ní hea, a Aonghuis. Freagra níos cliste ná sin. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2339 Registered: 02-2005
| Posted on Thursday, January 18, 2007 - 09:10 pm: | |
Níl an réiteach agam (fós?), ach caithfidh mé rá go bhfuil mé i ngrá leis an leabhar sin atá agat! Ach ní cuimhin liom cén teideal atá air agus cá bhfuair tú é. Agus nach breá aisteach an focal "tarrnochtaithe" in áit "lomnocht"? Tá an focal "tarr" agam ón seanscéal Scéla Muicce Meic Dathó: "Ocus gaibid dano cenn in tarra ina béolu". Ní dóigh liom go bhfaca mé riamh é i dteanga an lae inniu, ach tá nath an-deas s.v. "tarr" in FGB: "Tá an saol mór sa tarr orm. Everyone is down on me." Nach bhfuil sé sin níos blasta ná "tá chuile dhuine anuas orm"? :-) You got to know when to hold 'em, know when to fold em, know when to walk away and know when to run. -Kenny Rogers |
|
Liz
Member Username: Liz
Post Number: 201 Registered: 07-2005
| Posted on Thursday, January 18, 2007 - 10:25 pm: | |
"Amach as Ucht na Sliabh" Imleabhar a dó. "Cnuasach béaloidis a chruinnigh daltaí sna Scoileanna Náisiúnta i bParóiste Ghaoth Dobhair faoi Scéim na Scol 1937-'38" Donaill P. Ó Baoill, eagarthóir. "Cumann Staire agus Seanchais Ghaoth Dobhair i gcomhar le Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair a d'fhoilsigh" An Chéad Chló 1996 Tá amhráin (níl ach na focail ann, ní ceol ansin), seanfhocail, gnásanna, pisreoga, ainmneacha áite, seanleigheasanna, dánta srl ann. Tá an dá imleabhar agam. Cheannaigh mé ceann díobh ag Siopa Conradh na Gaeilge i mBAC, agus is dóigh liom gur cheannaigh mé an ceann eile ó Irish Books and Media i Minneapolis. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2342 Registered: 02-2005
| Posted on Thursday, January 18, 2007 - 11:50 pm: | |
GRMA, Liz. An bhfuil na tomhasanna uilig in imleabhar a dó mar sin? You got to know when to hold 'em, know when to fold em, know when to walk away and know when to run. -Kenny Rogers |
|
Liz
Member Username: Liz
Post Number: 202 Registered: 07-2005
| Posted on Friday, January 19, 2007 - 01:03 am: | |
Tá. Tá imleabhar a haon lán de gearrscéalta. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 4765 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, January 19, 2007 - 04:46 am: | |
Aithním an múnla. Baill beatha atá i gceist, sílim. Ach tá ag teip orm na baill cearta a chuir i léith na pearsain.. |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 490 Registered: 11-2004
| Posted on Friday, January 19, 2007 - 03:01 pm: | |
Sílim go bhfuil an focal tarrnochtaithe in Séadna (ach nílim cinnte). |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2353 Registered: 02-2005
| Posted on Friday, January 19, 2007 - 07:37 pm: | |
An chéad duine ní raibh amharc ar bith aige. ... Chonaic an chéad duine éan An ionann iad na daoine seo, .i. an duine amháin atá againn anseo? You got to know when to hold 'em, know when to fold em, know when to walk away and know when to run. -Kenny Rogers |
|
Liz
Member Username: Liz
Post Number: 203 Registered: 07-2005
| Posted on Friday, January 19, 2007 - 07:39 pm: | |
Ní ball beatha é, a Aonghuis. Is rud dofheicthe, dobhraite é an freagra. Conas a deirtear 'abstract noun' sa Ghaeilge? Feicim an focal 'téibí' sa bhfoclóir, ach nílim cinnte go mbeadh sé oiriúnach sa chás seo. Seo leidín daoibh -- I ndiaidh scéil fada dochreidte sa tomhas, deirtear 'Goidé sin?' sa deireadh. Dála an scéil, caithfidh mé dul go sochraid anocht. Fuair ceann de na comharsan bás ón ailse. Bean bhreá níos óige ná mise a bhí inti. Ba í an dara bean de chumann comharsanacht na mban a fuair bás le déanaí. Táimidne ag éirí sean. Ach nílimid in ár mbaintreacha go fóill, buíochas le Dia. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2355 Registered: 02-2005
| Posted on Friday, January 19, 2007 - 08:09 pm: | |
quote:'Goidé sin?' Cacamas? Paca bréag? Is mithid duit an cumann sin a fhágáil, Liz. Is contúirteach an áit í. You got to know when to hold 'em, know when to fold em, know when to walk away and know when to run. -Kenny Rogers |
|
Liz
Member Username: Liz
Post Number: 204 Registered: 07-2005
| Posted on Friday, January 19, 2007 - 08:32 pm: | |
Tá sé agat, a Dennis! 'Bréag' an freagra sa leabhar. Maidir leis an gcumann, bíonn craic mhór againn thar na blianta. Ach an bhliain seo, thosaigh cuid de na mná ag troid le chéile. Mise an t-aon bhean amháin a chuaigh ar an mbus siopadóireachta go Seattle i Mí na Samhna, an gcreidfeá é? Bhí seacht suíochán follamh i mo thimpeall ar an mbus. Cheannaigh na mná ticéid ach ní dheachaigh siad ar an mbus le heagla go mbeadh bean áiríthe eile ann. Is féidir liomsa fanacht amuigh óna conspóidí go dtí anois, buíochas le Dia. Ach má éiríonn sé níos seirbhe, caithfidh mé an cumann a fhágáil. Is mór an trua é sin. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2358 Registered: 02-2005
| Posted on Saturday, January 20, 2007 - 11:45 am: | |
quote:'Bréag' an freagra sa leabhar. Thug mé spléachadh ar do theachtaireacht roimh dhul a luí dom aréir. Osna faoisimh! Bhí faitíos orm go dtiocfadh an tomhas damánta seo idir mise agus codladh na hoíche! quote:Mise an t-aon bhean amháin a chuaigh ar an mbus siopadóireachta go Seattle Tá súil agam go raibh na mná eile ar an sochraid, mar sin féin. Is dualgas le comhlíonadh é sin, ní rogha. (Agus creidim - i comhthéacs eile, ar ndóigh - gur ceart an rud é nóta buíochais a scríobh ar pháipéar agus a chur sa phost. Tá mé seanfhaiseanta.) You got to know when to hold 'em, know when to fold em, know when to walk away and know when to run. -Kenny Rogers |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2365 Registered: 02-2005
| Posted on Saturday, January 20, 2007 - 01:25 pm: | |
Seo ceann réasúnta simplí daoibh. Cén rud a chuirtear sa chuisneoir agus a bhíonn te i gcónaí? You got to know when to hold 'em, know when to fold em, know when to walk away and know when to run. -Kenny Rogers |
|
Liz
Member Username: Liz
Post Number: 205 Registered: 07-2005
| Posted on Saturday, January 20, 2007 - 02:00 pm: | |
An t-inneall? |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2367 Registered: 02-2005
| Posted on Saturday, January 20, 2007 - 02:14 pm: | |
quote:An t-inneall? Tá ciall leis sin, ach séard atá i gceist anseo ná rud a chuirfeá i do chuisneoir féin. You got to know when to hold 'em, know when to fold em, know when to walk away and know when to run. -Kenny Rogers |
|
Liz
Member Username: Liz
Post Number: 206 Registered: 07-2005
| Posted on Saturday, January 20, 2007 - 02:53 pm: | |
Piobar Jalapeno? |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2370 Registered: 02-2005
| Posted on Saturday, January 20, 2007 - 03:16 pm: | |
Sin agat é! Nó mustard, salsa picante, etc. OK, is é do sheal é arís. Ceann eile as an leabhar, led thoil! :-) You got to know when to hold 'em, know when to fold em, know when to walk away and know when to run. -Kenny Rogers |
|
Liz
Member Username: Liz
Post Number: 207 Registered: 07-2005
| Posted on Saturday, January 20, 2007 - 04:24 pm: | |
Seo chugaibh é: Droichead ar loch gan maide gan cloch. Aréir ní raibh mé ag an sochraid cheart, ach 'viewing' ag an teach torraimh (an é sin an Ghaeilge ar 'funeral home'?). Níl a fhios agam conas ab'fhearr 'viewing' a scríobh sa Ghaeilge freisin. 'Féachaint choirp' b'fhéidir? Anois, rachaidh mé go dtí teach na mná go torraimh. Ní bheidh an corp ann. Beidh scéalta is grianghrafanna ann, agus a lán bia. Beidh an tsochraid é féin Dé Luain. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 4789 Registered: 08-2004
| Posted on Saturday, January 20, 2007 - 04:50 pm: | |
quote:Droichead ar loch gan maide gan cloch. Leac oighear. quote: Níl a fhios agam conas ab'fhearr 'viewing' a scríobh sa Ghaeilge freisin. An Faire! (an bhfeiceann tú san, Dennis ) |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2371 Registered: 02-2005
| Posted on Saturday, January 20, 2007 - 07:40 pm: | |
Feicim! Ach... deir an foclóir gur focal baininscneach é: an fhaire. Agus ós ag beachtaíocht atá mé gan náire, "ar an tsochraid" a deirtear, Liz, ní "ag". "Ní raibh mé ar a sochraid." (Message edited by dennis on January 20, 2007) You got to know when to hold 'em, know when to fold em, know when to walk away and know when to run. -Kenny Rogers |
|
Liz
Member Username: Liz
Post Number: 208 Registered: 07-2005
| Posted on Saturday, January 20, 2007 - 08:14 pm: | |
quote:Leac oighear Sin é! Comhghairdeas, a Aonghuis. 'Siocán' an focal sa leabhar. quote:faire agus quote:ar an tsochraid Go raibh maith agaibh! Seo ceann eile daoibh -- Shiúil sé thoir agus shiúil sé thiar shiúil sé Corcaigh agus gárradh Bhaile Átha Cliath. Bhain sé greim chomh mór le capall is ba mhó an greim ná greim asaile is níor bhlais sé ariamh aon bhia. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2372 Registered: 02-2005
| Posted on Saturday, January 20, 2007 - 08:35 pm: | |
Tá an chéad abairt an-chosúil leis an véarsa seo ón amhrán Tá Mo Chleamhnas Déanta: Shiúil mise soir agus shiúil mise siar. Shiúil mise Corcaigh agus sráide Bhleá Cliath, ach samhail de mo chailín deas ní fhaca mise riamh. ’Sí an bhean d(h)ubh a d’fhág mo chroí cráite. You got to know when to hold 'em, know when to fold em, know when to walk away and know when to run. -Kenny Rogers |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 4793 Registered: 08-2004
| Posted on Sunday, January 21, 2007 - 10:50 am: | |
an ghaoth aduaidh? |
|
Liz
Member Username: Liz
Post Number: 209 Registered: 07-2005
| Posted on Sunday, January 21, 2007 - 03:14 pm: | |
Aonghus a dúirt: quote:an ghaoth aduaidh? Freagra maith, ach ní hé sin an ceann sa leabhar. Ná déan dearmad gur chum daoine amuigh faoin tuath in Éirinn sna tríochaidí na tomhais seo. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2381 Registered: 02-2005
| Posted on Sunday, January 21, 2007 - 09:17 pm: | |
An raibh galsluaistí acu faoin tuath in Éirinn sna tríochaidí? :-) You got to know when to hold 'em, know when to fold em, know when to walk away and know when to run. -Kenny Rogers |
|
Liz
Member Username: Liz
Post Number: 210 Registered: 07-2005
| Posted on Monday, January 22, 2007 - 12:05 am: | |
Níl a fhios agam, ach tá tú sa pháirc liathróide ceart arís. An é 'pháirc liathróide ceart' an Ghaeilge ar 'right ballpark' nó ar 'park of the right ball'? Nílim cinnte de. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2384 Registered: 02-2005
| Posted on Monday, January 22, 2007 - 12:25 am: | |
quote:agus gárradh Bhaile Átha Cliath. Bhain sé greim chomh mór le capall Rud éigin nó duine éigin a oibríonn i ngarraí, mar sin? Sluasaid? Sluaisteoir? Náibhí?? Reiligire??? You got to know when to hold 'em, know when to fold em, know when to walk away and know when to run. -Kenny Rogers |
|
Liz
Member Username: Liz
Post Number: 211 Registered: 07-2005
| Posted on Monday, January 22, 2007 - 12:48 am: | |
Rud éigin. Tá tú gar go leor. Speal an freagra sa leabhar. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2386 Registered: 02-2005
| Posted on Monday, January 22, 2007 - 12:54 am: | |
Speal! Greim féir! An-deas. An bhfuil ceann eile agat dúinn? You got to know when to hold 'em, know when to fold em, know when to walk away and know when to run. -Kenny Rogers |
|
Liz
Member Username: Liz
Post Number: 212 Registered: 07-2005
| Posted on Monday, January 22, 2007 - 01:19 am: | |
Goidé atá níos lonraí ná cuid réalta na hoíche? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 4805 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, January 22, 2007 - 06:33 am: | |
An Ghrian? |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 138 Registered: 06-2006
| Posted on Monday, January 22, 2007 - 09:49 am: | |
meangadh liz? (Iarraim pardún) |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2395 Registered: 02-2005
| Posted on Monday, January 22, 2007 - 03:09 pm: | |
Bolgán 200 Watt? Tine chnámh? Éisc mhéarnála? Déada na spéirmhná a d'fhág a chroí briste? Is luaithe deoch ná sgéal, is duine mé ar a mbíonn tart; ní hé an sgéal fada is fearr, acht an sgéal gearr ar a mbí blas.
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 4813 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, January 22, 2007 - 05:23 pm: | |
Leagan eile den gceann faoin ſpeal Tá ſí ṫoiɼ iſ tá ſí ṫiaɼ Tá ſí i ngairdín Ḃaile Áṫa Cliaṫ Iſ mó a gɼeim ná gɼeim an ċapaill, iſ ní ḃlaiſeann ſí aon ḃiḋ Ceann nua Feaɼ gan ſúile, chonaic ſé úlla ar ċɼann, Níoɼ ṫug sé úlla leiſ iſ níoɼ ḟág ſé úlla ann! |
|
Liz
Member Username: Liz
Post Number: 213 Registered: 07-2005
| Posted on Monday, January 22, 2007 - 07:13 pm: | |
quote:Goidé atá níos lonraí ná cuid réalta na hoíche? Freagraí maithe agaibh. Seo an ceann sa leabhar -- Súile Máthara. |
|
Liz
Member Username: Liz
Post Number: 214 Registered: 07-2005
| Posted on Monday, January 22, 2007 - 07:14 pm: | |
quote:Feaɼ gan ſúile, chonaic ſé úlla ar ċɼann, Níoɼ ṫug sé úlla leiſ iſ níoɼ ḟág ſé úlla ann! Cruimh, b'fhéidir? |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2401 Registered: 02-2005
| Posted on Monday, January 22, 2007 - 09:19 pm: | |
Thug tú an tomhas sin dúinn an samhradh seo caite, a Aonghuis, agus is diabhalta casta an tomhas é! Ní sceithfidh mé an réiteach... ach déarfaidh mé an méid seo: tá baint aige le hanatamaíocht agus le huimhríocht araon. Is luaithe deoch ná sgéal, is duine mé ar a mbíonn tart; ní hé an sgéal fada is fearr, acht an sgéal gearr ar a mbí blas.
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 4814 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, January 23, 2007 - 07:13 am: | |
quote:Thug tú an tomhas sin dúinn an samhradh seo caite D'aile, tá aois ag teacht orm is cosúil. Is maith liom freagra Liz don tomhas s'aicise. |
|
Liz
Member Username: Liz
Post Number: 215 Registered: 07-2005
| Posted on Tuesday, January 23, 2007 - 11:11 am: | |
Teanga? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 4825 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, January 23, 2007 - 11:18 am: | |
Ní hea Liz. Tá fear airithe agus crann airithe i gceist, agus caithfidh tú ciall a bhaint as an tomhas da réir. |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 492 Registered: 11-2004
| Posted on Tuesday, January 23, 2007 - 03:58 pm: | |
Nílimse in ann é a léamh, mar gheall ar na ɼ-anna atá ann. ɼɼɼɼɼɼɼɼɼɼɼɼɼɼ? |
|
Liz
Member Username: Liz
Post Number: 216 Registered: 07-2005
| Posted on Tuesday, January 23, 2007 - 05:57 pm: | |
quote:Is luaithe deoch ná sgéal, is duine mé ar a mbíonn tart; ní hé an sgéal fada is fearr, acht an sgéal gearr ar a mbí blas. De réir Dennis: quote:baint aige le hanatamaíocht agus le huimhríocht araon De réir Aonghus: quote:Tá fear airithe agus crann airithe i gceist An-deacair! An nglacfadh sibh le ceisteanna ón lár -- Anatamaíocht an fhir atá i gceist? Nó anatamaíocht an chrainn? Nó anatamaíocht de rud eile? Nó an bhfuilimse ag tafann suas ar chrann mícheart? Crann agus fear atá coitianta in Éirinn anois? Nó an raibh siad coitianta na cianta ó shin? An féidir go bhfaca mé iad roimhe seo le mo shúile féin? |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2420 Registered: 02-2005
| Posted on Tuesday, January 23, 2007 - 09:57 pm: | |
Seo agat an tomhas i gcruth soléite, a Shéamais: Fear gan súile, chonaic sé úlla ar chrann, Níor thug sé úlla leis is níor fhág sé úlla ann! Níl mé in ann an 's' fada is mar sin de a fheiceáil i gceart ach oiread. Anatamaíocht an duine atá i gceist , agus tá comhaireamh na n-úll an-tábhachtach! Níl a fhios agam an bhfaca tú crann mar sin riamh, ach tá mé cinnte go bhfaca tú duine cosúil leis an bhfear seo níos mó ná uair amháin. Is luaithe deoch ná sgéal, is duine mé ar a mbíonn tart; ní hé an sgéal fada is fearr, acht an sgéal gearr ar a mbí blas.
|
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 494 Registered: 11-2004
| Posted on Wednesday, January 24, 2007 - 09:35 am: | |
Cheapfainn go bhfuil taibhreamh fir i gceist, ach níl aon fhios agam leis na noda sin! |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 4831 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, January 24, 2007 - 11:23 am: | |
Ní hea. Fear gan súile Crann le húlla |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 495 Registered: 11-2004
| Posted on Wednesday, January 24, 2007 - 02:18 pm: | |
Ah. Fear agus leath-shúil aige, agus thóg sé úll amháin ó chrann ar a raibh dhá úll. |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 496 Registered: 11-2004
| Posted on Wednesday, January 24, 2007 - 02:20 pm: | |
Duine le húlla nach raibh úlla aici. Cá bhfuil sí ina cónaí? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 4832 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, January 24, 2007 - 02:43 pm: | |
Agat, a Shéamais. Caithfidh mé macnamh faoi do cheannsa. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2429 Registered: 02-2005
| Posted on Wednesday, January 24, 2007 - 07:25 pm: | |
Duine le húlla nach raibh úlla aici. Nuair nach raibh aon rud sa chistin ach leathbhuidéal Stoli agus cúpla bagel stálaithe, fuair sí carr ar cíos, chuaigh sí chuig ollmhargadh i gceann de na bruachbhailte, agus cheannaigh sí úlla... i measc rudaí eile. Cá bhfuil sí ina cónaí? I Nua-Eabhrac? Is luaithe deoch ná sgéal, is duine mé ar a mbíonn tart; ní hé an sgéal fada is fearr, acht an sgéal gearr ar a mbí blas.
|
|
Liz
Member Username: Liz
Post Number: 217 Registered: 07-2005
| Posted on Wednesday, January 24, 2007 - 07:41 pm: | |
quote:Fear gan súile, chonaic sé úlla ar chrann, Níor thug sé úlla leis is níor fhág sé úlla ann! A Shéamais, Thug mé freagra ar an gceann seo cheana. Nach bhfaca tú é? Féach thuas. |
|
Liz
Member Username: Liz
Post Number: 218 Registered: 07-2005
| Posted on Wednesday, January 24, 2007 - 07:54 pm: | |
quote:Is luaithe deoch ná sgéal, is duine mé ar a mbíonn tart; ní hé an sgéal fada is fearr, acht an sgéal gearr ar a mbí blas quote:Anatamaíocht an duine atá i gceist, agus tá comhaireamh na n-úll an-tábhachtach! Níl a fhios agam an bhfaca tú crann mar sin riamh, ach tá mé cinnte go bhfaca tú duine cosúil leis an bhfear seo níos mó ná uair amháin. Crann úill, agus níl a fhios agat an bhfaca mé crann mar sin! B'fhéidir gur crann is úlla meafaracha iad seo. Chuir mé na giaranna is rotha fiaclacha i mo chloigeann ar bun go fíochmhar gasta. Cloisim an dordán is an gliogarnach díobh agus tá boladh an deataigh astu ag líonadh mo sheomra anseo. Ach níl an freagra agam fós. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2432 Registered: 02-2005
| Posted on Wednesday, January 24, 2007 - 08:58 pm: | |
Ummm... cén bhaint atá ag mo sig leis an scéal seo? Is luaithe deoch ná sgéal, is duine mé ar a mbíonn tart; ní hé an sgéal fada is fearr, acht an sgéal gearr ar a mbí blas.
|
|
Liz
Member Username: Liz
Post Number: 219 Registered: 07-2005
| Posted on Wednesday, January 24, 2007 - 09:29 pm: | |
Cearrbhach, an é? Crann dísle atá i gceist agus na huimhreacha air? An bhfuilim ag éirí te? Nó ag dreapadh suas ar leac oighir? |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2433 Registered: 02-2005
| Posted on Wednesday, January 24, 2007 - 10:30 pm: | |
quote:Nó ag dreapadh suas ar leac oighir? Thug Séamas an réiteach dúinn cheana féin, thuas. Caithfidh nach bhfaca tú é, Liz: quote:Fear agus leath-shúil aige, agus thóg sé úll amháin ó chrann ar a raibh dhá úll. Seo an tomhas nua a thug seisean dúinn: quote:Duine le húlla nach raibh úlla aici. Cá bhfuil sí ina cónaí? "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Liz
Member Username: Liz
Post Number: 220 Registered: 07-2005
| Posted on Wednesday, January 24, 2007 - 10:55 pm: | |
quote:Is luaithe deoch ná sgéal, is duine mé ar a mbíonn tart; ní hé an sgéal fada is fearr, acht an sgéal gearr ar a mbí blas. Cheap mé gur tomhas é an nath thuas. Bhí mearbhall is dul amú mór orm anocht. Lá fada san oifig. Agus maidir leis an gceann eile: quote:Fear gan súile, chonaic sé úlla ar chrann, Níor thug sé úlla leis is níor fhág sé úlla ann! Cheap mé gur 'cruimh' é an freagra. Ach tuigim anois é. Agus maidir le quote:Duine le húlla nach raibh úlla aici. Cá bhfuil sí ina cónaí? Hawaii?? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 4839 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, January 25, 2007 - 05:38 am: | |
quote:Hawaii?? Ouch. Ach tá dealramh leis sin. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2439 Registered: 02-2005
| Posted on Thursday, January 25, 2007 - 09:12 pm: | |
Níl sé féaráilte, a Shéamais, tomhas a thabhairt dúinn agus ansin fanacht i do thost! Treoir, le do thoil! "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Liz
Member Username: Liz
Post Number: 222 Registered: 07-2005
| Posted on Friday, January 26, 2007 - 12:03 am: | |
Níl sé ina thost go minic. B'fhéidir go bhfuil sé tinn. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2441 Registered: 02-2005
| Posted on Friday, January 26, 2007 - 12:38 am: | |
Nach mbíonn??? A Shéamais, cá bhfuil tú? Nach mbíonn tú on call i gcónaí? Conas a deirtear é sin i nGaeilge? Is dochtúir thusa, Liz -- caithfidh go bhfuil a fhios agatsa! "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 497 Registered: 11-2004
| Posted on Friday, January 26, 2007 - 09:34 am: | |
Tá brón orm a chairde, bhí mé ar saoire inné do bhreithlá m'iníne agus níor fhéach mé ar an gclár plé seo. Tá sé agat, a Liz (tá tú ag teacht chugat féin arís, is dócha)! Haváí. das, tá beirt dhéagóir agam anois. Guígí orm... ;-) (Message edited by Séamas_Ó_neachtain on January 26, 2007) |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 498 Registered: 11-2004
| Posted on Friday, January 26, 2007 - 09:54 am: | |
"Nach mbíonn tú on call i gcónaí? Conas a deirtear é sin i nGaeilge?" (Conas a dhéantar an "quote" damanta anseo?) Ar ghlao-dhualgas, dar le focal.ie. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2442 Registered: 02-2005
| Posted on Friday, January 26, 2007 - 10:52 am: | |
quote:(Conas a dhéantar an "quote" damanta anseo?) Tabhair súil ar: http://www.daltai.com/cgi-sys/cgiwrap/daltai/discus/discus.pl?pg=formatting Tá na cleasa ar fad ar fáil ansin. "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 499 Registered: 11-2004
| Posted on Friday, January 26, 2007 - 11:25 am: | |
|
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2443 Registered: 02-2005
| Posted on Friday, January 26, 2007 - 04:00 pm: | |
Ní dúcheist cheart í seo. Níl sí cosúil leis na cinn eile a bhí againn anseo. Tá freagra oibiachtúil aici. Ach seo agaibh an cheist mar sin féin: Cad é an fhuaim is measa ar domhan? Tá an freagra anseo: 1997234%2C00.html?gusrc=rss&feed=1,http://www.guardian.co.uk/science/story/0,,19 97234,00.html?gusrc=rss&feed=1 "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 4857 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, January 26, 2007 - 04:17 pm: | |
quote:oibiachtúil Meas tú? |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2444 Registered: 02-2005
| Posted on Friday, January 26, 2007 - 04:52 pm: | |
Cad is "measa" ann, i gcás mar seo? Braitheann sé sin ar bharúil na ndaoine. Dá mhéad duine a chuireann a mbarúil in iúl is ea is oibiachtúla/cruinne a bhíonn an phobalbhreith. Réasúnta oibiachtúil a déarfainn. "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 4860 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, January 26, 2007 - 05:03 pm: | |
Braitheann sé freisin ar comhthéacs na fuaime. Dá mbeadh nimh glactha ag do phaiste, fuaim bhinn a bheadh san fhuaim gránna úd! |
|
Liz
Member Username: Liz
Post Number: 223 Registered: 07-2005
| Posted on Friday, January 26, 2007 - 06:41 pm: | |
(As ábhar) -- Séamas a dúirt: quote:tá beirt dhéagóir agam anois An bhfuil suim sna spóirt ag do dhéagóirí, a Shéamais? Nó suim sa cheol (an bhfuil bua an cheoil acu cosúil leis a n-athair?) Tá mo dhéagóir féin tugtha don Tae Kwon Do. Is maith an spórt é. |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 500 Registered: 11-2004
| Posted on Monday, January 29, 2007 - 09:50 am: | |
Tá mo mhac ag tosnú an dornálaíocht a fhoghlaim. Is beag suim in rud ar bith atá acu, seachas an teilifís (mo iníon) agus cluichí ríomhaire (mo mhac). |
|
Liz
Member Username: Liz
Post Number: 225 Registered: 07-2005
| Posted on Monday, January 29, 2007 - 06:26 pm: | |
(As ábhar arís, maithigí dom.) Dornálaíocht?? Maith dom, a Shéamais, ach ní chreidim i ndornálaíocht, toisc go bhfuilim i mo dhoctúir agus ní thuigim an chúis leis an spórt sin. Cluasa gonta an rud a fheicimse ó ham go ham. Is spórt den scoth é an Tae Kwon Do; an bhfuil sé ar fáil agat ansin i Nua Eabhrac? Tá m'iníon féin sa cheolfhoireann sa mheánscoil. B'éigean di uaire den chlog do PE credits a fháil amuigh den scoil. Níl an t-am aici ranganna PE a fhreastal sa scoil mar gheall ar an gceolfhoireann. Thug mé í go dtí an áit Tae Kwon Do dhá bhliain ó shin, agus thuit sí i ngrá leis an spórt láithreach, cé gurbh í a máthair a mhol di é. De ghnáth, ní aontaíonn sí le molta a máthar. Bhí m'iníon eile ina teilgeoir ga sa bhfoireann 'track and field' ar scoil. |
|