Author |
Message |
Liz
Member Username: Liz
Post Number: 168 Registered: 07-2005
| Posted on Tuesday, January 09, 2007 - 01:35 am: | |
Tá teach ann, níl doras air, níl fuinneog air is é lán bidh. |
|
Caitrionasbcglobalnet
Member Username: Caitrionasbcglobalnet
Post Number: 266 Registered: 12-2005
| Posted on Tuesday, January 09, 2007 - 04:13 am: | |
ubh? Caitríona |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 4645 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, January 09, 2007 - 05:13 am: | |
Dearfhainn é. leagan eile den rud céanna Bairille bán, agus dhá saghas bia ann |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2223 Registered: 02-2005
| Posted on Tuesday, January 09, 2007 - 12:55 pm: | |
Ubh, gan dabht. Fuair mé an tomhas seo ar maidin, agus ba mhaith liom é a chur faoi bhur mbráid: Tá dhá adharc orm i m'óige. Níl aon adharc orm agus mé fásta. Tá dhá adharc orm agus mé ag titim in aois. Cé mise? |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2224 Registered: 02-2005
| Posted on Tuesday, January 09, 2007 - 01:00 pm: | |
Dála an scéil, go raibh maith agat as an snáithe/téad seo aistriú, Liz. Is fearrde an chuid seo den chlár plé é. |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 469 Registered: 11-2004
| Posted on Tuesday, January 09, 2007 - 01:17 pm: | |
An ghealach! |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2227 Registered: 02-2005
| Posted on Tuesday, January 09, 2007 - 01:21 pm: | |
An ghealach go deimhin! Maith thú! Bhfuil tomhas agat dúinn, a Shéamais, nó arbh fhearr leat ceann eile a chloisteáil ón leabhar atá ag Liz? |
|
Liz
Member Username: Liz
Post Number: 169 Registered: 07-2005
| Posted on Tuesday, January 09, 2007 - 01:25 pm: | |
Ceann éasca, uimhir a 129 -- Goidé an rud is éadroma a gheofá i siopa ar dhá phingin? |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2229 Registered: 02-2005
| Posted on Tuesday, January 09, 2007 - 01:48 pm: | |
quote:Ceann éasca Éasca?? "Éasca" réiteach an tomhais roimhe seo! (Maithigí dom an t-imeartas focal. Ní féidir liom guaim a choinneáil orm féin.) |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 470 Registered: 11-2004
| Posted on Tuesday, January 09, 2007 - 02:18 pm: | |
Tuairim. Faraor, níl tomhas ar bith agam. Ach fuair mé ceann Wampanoag, agus bainfidh mé triail as a aistriú go Gaeilge: Cad tá ina shoitheach cocaireachta agus ina chuid den talamh? |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2230 Registered: 02-2005
| Posted on Tuesday, January 09, 2007 - 04:14 pm: | |
quote:Cad tá ina shoitheach cocaireachta agus ina chuid den talamh? Cré? quote:Goidé an rud is éadroma a gheofá i siopa ar dhá phingin? Toit (.i. tabac)? Cén luach a bhí ar 2p sna tríochaidí (1930's) in airgead an lae inniu? Caithfidh sé go bhfuil eolas mar sin ar fáil ar shuíomh égin ar an idirlíon. |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 473 Registered: 11-2004
| Posted on Tuesday, January 09, 2007 - 04:39 pm: | |
Pota cré-earra. Cóngarach go leor, mar sin, a Dennis. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2240 Registered: 02-2005
| Posted on Wednesday, January 10, 2007 - 09:04 pm: | |
Liz, Liz, cá bhfuil tú? Tá aiseolas ag teastáil uainn go géar faoin earra éadrom sin! Cé chomh luachmhar agus a bhí dhá phingin (2d) sa bhliain 1935? Fuair mé na freagraí seo a leanas ó http://www.measuringworth.com/calculators/ukcompare/ B'fhiú £0 0s 2d ón mbliain 1935 an méid seo sa bhliain 2005: £0.39 using the retail price index £0.41 using the GDP deflator £1.46 using average earnings £1.68 using per capita GDP £2.16 using the GDP |
|
Liz
Member Username: Liz
Post Number: 170 Registered: 07-2005
| Posted on Wednesday, January 10, 2007 - 09:16 pm: | |
Dennis a scríobh: quote:Liz, Liz, cá bhfuil tú? \ Bhí mé ag an oifig ar obair ar maidin, agus ansin thug m'iníon go dtí a ceacht veidhlín. Thuit an sneachta go trom anseo inniu. An bhfuil sneachta agaibh i Seattle? Mise a scríobh: quote:Goidé an rud is éadroma a gheofá i siopa ar dhá phingin? Ní gá duit luach an dá phingin i 1935 a mheas. Tá an rud éadrom céanna ar fáil ar dhá phingin sna laethanta seo i Meiriceá agus in Éirinn go fóill. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2243 Registered: 02-2005
| Posted on Wednesday, January 10, 2007 - 10:02 pm: | |
Barúil dhuine eile, a thugtar saor in aisce, .i. luach mo dhá phingin (mo 2¢) ? Fuair muid clocha sneachta tráthnóna inniu, ansin sneachta ar feadh cúpla uair an chloig. Níl a lán de ar an talamh ach deirtear go mbeidh sé an-fhur anocht agus amárach agus go mbeidh oighear ar na sráideanna ar maidin. |
|
Liz
Member Username: Liz
Post Number: 171 Registered: 07-2005
| Posted on Wednesday, January 10, 2007 - 10:24 pm: | |
quote:Barúil dhuine eile, a thugtar saor in aisce, .i. luach mo dhá phingin (mo 2¢) ? Freagra maith, ach ní hé sin an ceann sa leabhar. Is fíor-rud éadrom é, agus is féidir é a chur i do phóca nó i do lámh. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2245 Registered: 02-2005
| Posted on Thursday, January 11, 2007 - 12:40 am: | |
Stampa? |
|
Liz
Member Username: Liz
Post Number: 172 Registered: 07-2005
| Posted on Thursday, January 11, 2007 - 01:02 am: | |
|
|
Liz
Member Username: Liz
Post Number: 173 Registered: 07-2005
| Posted on Thursday, January 11, 2007 - 01:04 am: | |
Seo chugaibh uimhir 22 -- Paiste ar phaiste gan greim ar bith. |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 478 Registered: 11-2004
| Posted on Thursday, January 11, 2007 - 09:14 am: | |
" Tá an rud éadrom céanna ar fáil ar dhá phingin sna laethanta seo i Meiriceá" Cá bhfuil tú in ann stampa dhá phingin a fháíl sna laethanta seo?! |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 4678 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, January 11, 2007 - 10:23 am: | |
quote:Paiste ar phaiste gan greim ar bith. An bhfuil muid thar nais ag ainmhithe arís? Fionnadh paisteach? quote:Cá bhfuil tú in ann stampa dhá phingin a fháíl sna laethanta seo?! http://shop.usps.com/webapp/wcs/stores/servlet/ProductDisplay?catalogId=10152&st oreId=10001&categoryId=11834&productId=28561&langId=-1 |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 4679 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, January 11, 2007 - 10:28 am: | |
|
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2246 Registered: 02-2005
| Posted on Thursday, January 11, 2007 - 11:03 am: | |
An té a bhfuil a lán stampaí 37¢ aige fós, ceannaíonn seisean stampaí 2¢ go fonnmhar. Tá siad agamsa! (39¢ an ráta atá i bhfeidhm anois sna Stáit. Ardaíodh an ráta ó 37¢ go 39¢ bliain ó shin.) |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2250 Registered: 02-2005
| Posted on Thursday, January 11, 2007 - 11:39 am: | |
Paiste ar phaiste gan greim ar bith. Bogearraí ó Mhicrosoft ? |
|
Liz
Member Username: Liz
Post Number: 174 Registered: 07-2005
| Posted on Thursday, January 11, 2007 - 12:08 pm: | |
quote:Paiste ar phaiste gan greim ar bith. Bogearraí ó Mhicrosoft ? Iarraidh mhaith, a Dennis. An chuimhin leat an t-am sa samhradh seo caite nuair a dúirt mé go raibh fadhb mhór le mo ríomhaire féin? Paiste Mhicrosoft ba chúis leis. Chuir comhlacht Mhicrosoft mé i dteagmháil le beirt daoine cairdiúla ar an taobh eile den domhan. Mhúin siad dom an réiteach. D'fhoghlaim mé cuid mhór de ríomhaireacht ansin -- "safe mode", "registry keys" agus a milleadh, "comhaid sealadach" srl. Rudaí an-úsáideach. |
|
Liz
Member Username: Liz
Post Number: 175 Registered: 07-2005
| Posted on Thursday, January 11, 2007 - 12:36 pm: | |
Dúirt Séamas: quote:Cá bhfuil tú in ann stampa dhá phingin a fháíl sna laethanta seo?! Tá stampa dhá phingin is stampa aon phingine amháin agamsa. Tá seanstampa 37c agam fós agus cuirim ar chlúdacha iad in éineacht le stampa dhá phingin. Agus, cuirim leabhair tríd an bpost chuig mo mháthair agus chuig daoine eile. Má tá an leabhar faoi phunt de mheáchan is féidir stampaí a chur ar an bpacáiste agus é a chaitheamh i mbosca poist gan dul chun oifig an phoist. Seo pictiúr de stampa 2c Mheiriceá má tá suim agat ann. Níl sé chomh álainn le stampa 2c Éireannach, dar liomsa. http://shop.usps.com/webapp/wcs/stores/servlet/ProductDisplay?catalogId=10152&st oreId=10001&categoryId=11834&productId=28561&langId=-1 Tá oighear is sneachta ar na bóithre anseo. Níl na scoileanna ar oscailt mar gheall air. Cuireadh cruinniú cumann comharsanacht na mban ar ceal chomh maith agus beidh mé sa teach an lá ar fad. Tá an níochán do mo ghlaoch anois, agus déanfaidh mé béile maith anocht. |
|
Liz
Member Username: Liz
Post Number: 176 Registered: 07-2005
| Posted on Thursday, January 11, 2007 - 12:40 pm: | |
Aonghus a dúirt: quote:An bhfuil muid thar nais ag ainmhithe arís? Fionnadh paisteach? Freagra maith, ach ní ainmhí atá i gceist, ach rud eile an-choitianta amuigh faoin tuath. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2255 Registered: 02-2005
| Posted on Thursday, January 11, 2007 - 02:53 pm: | |
Paiste glas ar phaiste talún? Rud éigin mar sin? |
|
Liz
Member Username: Liz
Post Number: 177 Registered: 07-2005
| Posted on Thursday, January 11, 2007 - 03:55 pm: | |
quote:Paiste glas ar phaiste talún? Rud éigin mar sin? Ní hea. Ach tá tú sa pháirc liathróide ceart. |
|
mac mo dheaide (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Thursday, January 11, 2007 - 05:49 pm: | |
Bhí sibh ag caint ar an stampa dhá phingin. Ar thug sibh aird ar ainm an phlanda? Is in éirinn amháin a bheadh an "magairlín glas" agus é le fáil ar dhá cent. Níl an phingin rua - gan trácht ar an leithphingin - le fáil níos mó. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2257 Registered: 02-2005
| Posted on Thursday, January 11, 2007 - 07:37 pm: | |
quote:"magairlín glas" Agus "magairlín na gcuileanna" (yuck) ar an stampa 7c! An bhfuil an "bod gadhair" le feiceáil ar aon stampa fós? "Arum lily" a thugtar air i Sasana, agus "calla lily" sna Stáit, ach tá a lán ainmneacha eile air, ar nós "Parson in the Pulpit". |
|
Caitrionasbcglobalnet
Member Username: Caitrionasbcglobalnet
Post Number: 275 Registered: 12-2005
| Posted on Thursday, January 11, 2007 - 08:40 pm: | |
Seo ceann a d'úsáid mé cheana agus má chuala tú cheana é, ná freagair led' thoil: Cad 'tá níos airde ina shuí ná ina sheasamh? Caitríona |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2259 Registered: 02-2005
| Posted on Thursday, January 11, 2007 - 09:28 pm: | |
quote:Ach tá tú sa pháirc liathróide ceart. Paiste purpair (purple patch)? Is é sin, sciorta den ádh ar an bpáirc imeartha? |
|
Liz
Member Username: Liz
Post Number: 178 Registered: 07-2005
| Posted on Thursday, January 11, 2007 - 10:01 pm: | |
quote:Paiste purpair (purple patch)? Is é sin, sciorta den ádh ar an bpáirc imeartha? Ba mheafar é an 'páirc liathróide' sin. Tá tú ag éirí níos fuaire anois. Rud a bhí coitianta ar an talamh gar do na tithe amuigh faoin tuath in Éirinn atá i gceist. Níl a fhios agamsa chomh coitianta atá sé na laethanta seo. |
|
Caitrionasbcglobalnet
Member Username: Caitrionasbcglobalnet
Post Number: 276 Registered: 12-2005
| Posted on Thursday, January 11, 2007 - 10:28 pm: | |
cruach mhóna? Caitríona |
|
Liz
Member Username: Liz
Post Number: 179 Registered: 07-2005
| Posted on Thursday, January 11, 2007 - 10:36 pm: | |
quote:cruach mhóna? Ní hea. Ach bhí an rud sin gar don rud seo, b'fhéidir. Bhí an freagra níos ísle ná cruach mhóna. Maidir le do thomhas féin, quote:Cad 'tá níos airde ina shuí ná ina sheasamh? An é madra le cosa gearra? Nó rí ar a chathaoir ríoga? |
|
Caitrionasbcglobalnet
Member Username: Caitrionasbcglobalnet
Post Number: 279 Registered: 12-2005
| Posted on Thursday, January 11, 2007 - 10:44 pm: | |
Madra nó cat nó sampla ar bith de 'lucht ceithre cos' Maith thú, Liz. Maidir le do cheannsa, is breá liom an freagra 'Bogearraí ó Mhicrosoft.' Caitríona |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2261 Registered: 02-2005
| Posted on Thursday, January 11, 2007 - 11:28 pm: | |
Carn aoiligh? Ar ais arís go "tá's agat céard"! |
|
Liz
Member Username: Liz
Post Number: 180 Registered: 07-2005
| Posted on Thursday, January 11, 2007 - 11:56 pm: | |
Ní cac atá i gceist, ach rud níos blasta. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 4690 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, January 12, 2007 - 05:47 am: | |
An bhfuil uisce i gceist? Nó fataí/prataí? Gort beag prataí sa gharraí? |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2262 Registered: 02-2005
| Posted on Friday, January 12, 2007 - 10:05 am: | |
|
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2264 Registered: 02-2005
| Posted on Friday, January 12, 2007 - 10:31 am: | |
quote:Madra nó cat nó sampla ar bith de 'lucht ceithre cos' Rinne mé mo chat a thomhas anois díreach. Ní raibh sé níos airde ina shuí ná ina sheasamh ar chor ar bith. 14" go barr a chluas i gceachtar den dá phose, nó beagán níos ísle ina shuí. |
|
Caitrionasbcglobalnet
Member Username: Caitrionasbcglobalnet
Post Number: 280 Registered: 12-2005
| Posted on Friday, January 12, 2007 - 12:08 pm: | |
Hmmm.. B'fhéidir nach noibríonn sé leis na cait ach tá sé fíor le mo mhadra. Spéisiúil. Caitríona |
|
Liz
Member Username: Liz
Post Number: 181 Registered: 07-2005
| Posted on Friday, January 12, 2007 - 06:40 pm: | |
Ní prataí atá i gceist, ach tá sibh ag teacht an-ghar don fhreagra; tá sibh an-te, tá sibh ar fiuchadh. Smaoinígí air -- paiste ar phaiste gan greim ar bith. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2271 Registered: 02-2005
| Posted on Friday, January 12, 2007 - 09:34 pm: | |
quote:tá sibh an-te, tá sibh ar fiuchadh. Aargh. Is cuimhin liom mo mháthair á rá liom, "Dhá mba nathair é, bhainfeadh sé greim asat!" Táim ar tí éirí as. OK, iarracht amháin eile: luibhghort nó garraí cabáiste? |
|
Liz
Member Username: Liz
Post Number: 182 Registered: 07-2005
| Posted on Saturday, January 13, 2007 - 12:42 am: | |
Tá sé agat!!!! Cál an freagra sa leabhar. Comhghairdeas!! |
|
Liz
Member Username: Liz
Post Number: 183 Registered: 07-2005
| Posted on Saturday, January 13, 2007 - 12:45 am: | |
Seo ceann eile den leabhar daoibh: Goidé a thiontóchas gan bogadh? |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2273 Registered: 02-2005
| Posted on Saturday, January 13, 2007 - 01:04 am: | |
quote:Tá sé agat!!!! Ní dhearna mise ach an "focal draíochta" -- cabáiste -- a rá! quote:Cál an freagra sa leabhar. Ach... an planda féin atá i gceist mar sin, planda a bhfuil duilleoga atá cosúil le paistí fáiscthe ar a chéile in aon chnap amháin aige. An-chliste! |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 4704 Registered: 08-2004
| Posted on Saturday, January 13, 2007 - 05:59 am: | |
quote:Goidé a thiontóchas gan bogadh? Bainne nó bia éigin eile ag dul ó mhaith? |
|
Liz
Member Username: Liz
Post Number: 184 Registered: 07-2005
| Posted on Saturday, January 13, 2007 - 02:47 pm: | |
Aonghus a dúirt: quote:Bainne Tá sé agat!! Nach cliste thú! Comhghairdeas! |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 4708 Registered: 08-2004
| Posted on Saturday, January 13, 2007 - 03:01 pm: | |
Soitheach gan tóin, is é lán d'fheoil duine Céard é? |
|
Liz
Member Username: Liz
Post Number: 187 Registered: 07-2005
| Posted on Sunday, January 14, 2007 - 01:46 am: | |
Cliabhrach duine? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 4710 Registered: 08-2004
| Posted on Sunday, January 14, 2007 - 04:33 am: | |
Ní hea, níos lú. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2281 Registered: 02-2005
| Posted on Sunday, January 14, 2007 - 01:28 pm: | |
Fáinne? |
|
An Dub (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Sunday, January 14, 2007 - 02:12 pm: | |
Blaosc an chloiginn? |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2285 Registered: 02-2005
| Posted on Sunday, January 14, 2007 - 03:15 pm: | |
quote:Blaosc an chloiginn? Is maith liom é sin. Ach an soitheach gan tóin é dáiríre? Dhéantaí soithí as cloigne anallód san Eoraip, agus in áiteanna eile (An Tibéid, mar shampla), agus níl siad gan tóin -- is é sin, is féidir rud ar bith a chur iontu. Níl a fhios agam an raibh an nós sin ag na Gaeil, ach is dóigh liom go bhfuil rud éigin faoi seo sna seanscéalta: rí a rinne soitheach ólacháin as cloigeann a námhad. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 4712 Registered: 08-2004
| Posted on Sunday, January 14, 2007 - 04:25 pm: | |
Tá Dennis gar dó, ach níl todóg aige fós. Ní ball den chorp atá i gceist. |
|
Liz
Member Username: Liz
Post Number: 188 Registered: 07-2005
| Posted on Sunday, January 14, 2007 - 10:42 pm: | |
Léine, an ea? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 4719 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, January 15, 2007 - 06:34 am: | |
Ní hea. Bhí freagra Dennis an-ghar don cnámh.... |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2292 Registered: 02-2005
| Posted on Monday, January 15, 2007 - 11:26 am: | |
An rud is gaire don fháinne ná an méaracán, ach... is soitheach slán é an méaracán, nach ea? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 4725 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, January 15, 2007 - 11:43 am: | |
Ach sin an freagra sa leabhar. Is dócha gur oscailte ag deireadh amháin atá i gceist, agus gur ceann dúnta atá ag an méaracán. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2293 Registered: 02-2005
| Posted on Monday, January 15, 2007 - 11:56 am: | |
quote:agus gur ceann dúnta atá ag an méaracán. Caithfidh gurb é sin an míniú. Níl aon tomhas agam daoibh anois díreach. Mar sin, má tá ceann agatsa, a Aonghus, scaoil chugainn é. Nó tig linn fanacht le Liz, nó le duine eile. Fearn, céard fútsa? Nach deas teolaí an chlúid seo, i bhfad ó Sturm und Drang na Breac-Ghaeltachta! |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 4728 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, January 15, 2007 - 04:16 pm: | |
Ceist a chuir tuatha ar shagart, agus do chuaigh den easpag í réiteach- Do bhí driotháir age driotháir m'athar, agus níorbh uncail domsa an té sin |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2295 Registered: 02-2005
| Posted on Monday, January 15, 2007 - 06:21 pm: | |
Athair an tuata. |
|
Liz
Member Username: Liz
Post Number: 190 Registered: 07-2005
| Posted on Monday, January 15, 2007 - 07:17 pm: | |
Seo ceann eile daoibh: An fear a rinne an rud, rinne sé ró-ghoirid [sic] é, ghearr sé giota de agus bhí sé fada go leor. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2300 Registered: 02-2005
| Posted on Monday, January 15, 2007 - 08:04 pm: | |
Is ceann blasta é sin, Liz! .... cé nach bhfuil barúil dá laghad agam den réiteach. Tá rithim dheas ann, agus uaim: An feaR a Rinne an Rud, Rinne sé Ró-ghoirid é, gheaRR sé giota de agus bhí sé fada go leoR. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 4731 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, January 16, 2007 - 08:31 am: | |
quote:Athair an tuata. Sea. quote:An fear a rinne an rud, rinne sé ró-ghoirid [sic] é, ghearr sé giota de agus bhí sé fada go leor. Trínse? |
|
Liz
Member Username: Liz
Post Number: 192 Registered: 07-2005
| Posted on Tuesday, January 16, 2007 - 11:23 am: | |
quote:Trínse? Níl a fhios agam an mbeinn in ann an freagra sin a ghlacadh nó nach mbeinn. Is sórt trinse é. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2307 Registered: 02-2005
| Posted on Tuesday, January 16, 2007 - 12:00 pm: | |
Uaigh? |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 483 Registered: 11-2004
| Posted on Tuesday, January 16, 2007 - 01:01 pm: | |
Uaigh? |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 484 Registered: 11-2004
| Posted on Tuesday, January 16, 2007 - 01:05 pm: | |
Muise, sean-scáileán a bhí os mo chomhair. Fuair Dennis é romham, feicim anois. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2310 Registered: 02-2005
| Posted on Tuesday, January 16, 2007 - 01:05 pm: | |
An bhfuil macalla san áit seo? |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 485 Registered: 11-2004
| Posted on Tuesday, January 16, 2007 - 01:07 pm: | |
San áit seo? |
|
Liz
Member Username: Liz
Post Number: 193 Registered: 07-2005
| Posted on Tuesday, January 16, 2007 - 01:23 pm: | |
Uaigh an rud! Comhghairdeas don bheirt. Caithfidh mé an duais a roinnt eadraibh. Is scéal é an duais -- Dé Domhnaigh, chuaigh mé go ceardlann fhidle ag Dusty Strings (siopa ceoil an-deas!) i Seattle, Randal Bays an múinteoir. Ba é sin an chéad am riamh a múineadh nós fidil na hÉireann dom. Tharla gur thóg Randal m'fhidil féin suas agus sheinn port breá uirthi. Dé Luain, agus mé á tógáil arís, dúirt mé léi: "A stór, an chuimhin leat an rud breá a rinne tú inné. Déan arís é, le do thoil." Ach ní thug sí ach iarracht lag ar an gceol dom. Chomh ceanndána le muc í. |
|
Liz
Member Username: Liz
Post Number: 194 Registered: 07-2005
| Posted on Tuesday, January 16, 2007 - 01:27 pm: | |
Tá rud inteacht i ngluaisteán agus níl úsáid ar bith leis ach ní thig leis a ghoil gan é. |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 486 Registered: 11-2004
| Posted on Tuesday, January 16, 2007 - 01:29 pm: | |
Déanann Randal Bays ceol le Daithí Sproule (a chanann as Gaeilge go minic agus a sheineann le Altan nuair a bhíonn siad i Meiriceá). An bhfuil seiseann ina chónaí amuigh ansin freisin? |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2311 Registered: 02-2005
| Posted on Tuesday, January 16, 2007 - 01:30 pm: | |
An tiománaí? ;-) |
|
Liz
Member Username: Liz
Post Number: 195 Registered: 07-2005
| Posted on Tuesday, January 16, 2007 - 09:06 pm: | |
Séamas a dúirt quote:...Daithí Sproule (a chanann as Gaeilge go minic agus a sheineann le Altan nuair a bhíonn siad i Meiriceá). An bhfuil seiseann ina chónaí amuigh ansin freisin? Níl, go bhfios domsa. Dennis a dúirt quote:An tiománaí? Aontaím leatsa nach bhfuil "úsáid ar bith" le cuid de na tiománaithe ar an mbóthar. Ach ní hé sin an rud atá i gceist sa chás seo. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2318 Registered: 02-2005
| Posted on Tuesday, January 16, 2007 - 11:10 pm: | |
quote:... ní thig leis a ghoil gan é An é sin le rá nach cuid den ghluaisteán atá i gceist? Ní cuid den charr é an peitreal a chuirtear ann, ach ní thig leis gluaiseacht gan é. |
|
Liz
Member Username: Liz
Post Number: 196 Registered: 07-2005
| Posted on Tuesday, January 16, 2007 - 11:37 pm: | |
Ní peitreal é. Ní cuid den ghluaisteán atá i gceist, ach rud a baineann le gach gluaisteán sa domhan. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2321 Registered: 02-2005
| Posted on Wednesday, January 17, 2007 - 01:13 pm: | |
Aer? Ní oibríonn aon inneall dócháin inmheánaigh gan aer! Ach tá amhras orm faoin réiteach sin. ;-) OK, fuair mé an freagra, a bhuí le Google. An séitéireacht é sin? Fuaim nó gleo. Ach... ar chuala tú Prius nó gluaisteán hybrid eile ag rith ar an gcadhnra? Tá sé thar a bheith ciúin! (Message edited by dennis on January 17, 2007) |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2322 Registered: 02-2005
| Posted on Wednesday, January 17, 2007 - 01:22 pm: | |
Céard atá níos measa ná cruimh a fháil san úll atá tú a ithe? |
|
(Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Wednesday, January 17, 2007 - 01:49 pm: | |
leath cruimh |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2324 Registered: 02-2005
| Posted on Wednesday, January 17, 2007 - 01:58 pm: | |
Leathchruimh go deimhin! An bhfuil tomhas agat dúinn? |
|
Liz
Member Username: Liz
Post Number: 197 Registered: 07-2005
| Posted on Wednesday, January 17, 2007 - 07:42 pm: | |
"Tormán" agus "trup" na freagraí sa leabhar. Seo ceann eile daoibh: Lán garradh caoirigh bána agus caora dhearg ina measc. Maidir leis an gceist faoin 'séitéireacht'. Níl a fhios agamsa. Ní dhéanaimse na rialacha anseo. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 4748 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, January 18, 2007 - 08:42 am: | |
Fiacla agus teanga. Níl rialacha ann! |
|
Liz
Member Username: Liz
Post Number: 198 Registered: 07-2005
| Posted on Thursday, January 18, 2007 - 12:51 pm: | |
Tá sé agat, a Aonghuis! Agus gan an tséitéireacht chomh maith! Comhghairdeas! |
|