quote:Rud beag eile: "lucht ólta an fhíona"
Tá dath dearg ar m'aghaidh anois! Ghabh (I assumed?) mé go raibh "fíon" baininscneach toisc gurbh é "fíona" a thuiseal ginideach, agus cheartaigh mé daoine a dúirt "an fíon" in ionad "an fhíon"!
quote:Leag tú do mhéar air.
Ceapaim gur féidir linn rud éigin a thuiscint faoi. Más faoi ainmfhocail ghnátha atáimid ag caint, feicimid go bhfuil tuiseal ginideach aige (m.sh. buachaill = buachalla),
ach ní athraítear é más an ginideach crochta atá i gceist (m.sh. ainm bhuachaill Mháire).
Feictear dom go bhfuil ainmfhocail bhriathair difriúil sa chaoi sin. Tógaimis "léamh" mar shampla; is é tuiseal ginideach an ainmfhocail seo ná "léimh" -- ach is é tuiseal ginideach crochta an ainmfhocail seo ná "léite". Mar sin, ceapaim go mbeadh seo againn: scrúdú léimh Vs. scrúdú léite na leabhar.
Fadhb bheag a bhaineann leis, ceapaim, ná go ndeir daoine "lucht léite" seachas "lucht léimh" (eisceacht amháin as míle ceann, b'fhéidir?).