Paul (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Friday, December 22, 2006 - 03:42 pm: | |
A chairde, Beannachtaí na Nollag oraibh. Thug mé faoi dheara go bhfuil a lán stuif as Gaeilge ar YouTube.com. Bhí gliondar ar mo chroí nuair a fuair mé píosa le Tomás Mac Eoin ag canadh An Spailpín Fanach ó 1967. Tá sé ar fheabhas! Déan cuardach mar "learnirish": tá duine ar YouTune dar ainm LearnIrish agus cuireann sí/sé piosai ó chlaracha faisnéise Gaeilge srl ann. Daoine mar Seosamh Ó hÉanaí, Peadar Mac Ionamaire, Mairtín Ó Cadhain... Tá clar iontach air le Proinsias Ó Maonaigh, ag déanamh agallaimh agus ag casadh ceoil ar an bhfidil, in éineacht leis a inion Mairéad agus ceoltoirí ó Altan. Bhí sé déanta i bpub i nDún na nGall. (Déan cuardach mar "Francie Mooney.") Cad a bhfuair sibhse ar YouTube?? Le gach dea-ghuí, Paul |
Seanfhear
Member Username: Seanfhear
Post Number: 33 Registered: 08-2007
| Posted on Friday, October 26, 2007 - 11:22 pm: | |
Maith thú, a Chaitríona, an chéad úair domsa YouTube a aimsiú - ó, a leithéid! . Sé an tríú cheann an cheann is fearr, dar liomsa. :-) Seanfhear |