Author |
Message |
Mise_fhéin
Member Username: Mise_fhéin
Post Number: 36 Registered: 11-2006
| Posted on Thursday, December 21, 2006 - 05:33 am: | |
Ag súil go mór leis an gclár seo ar TG4 atá ag tosú ar an 7ú lá de mhí Eanáir seo chugainn. Féach anseo: http://www.youtube.com/watch?v=il0w_yZ0CUY&eurl= |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 4482 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, December 21, 2006 - 06:24 am: | |
|
|
Mise_fhéin
Member Username: Mise_fhéin
Post Number: 37 Registered: 11-2006
| Posted on Thursday, December 21, 2006 - 06:32 am: | |
"Rabhadh - as Béarla atá sé!" Nach bhfuil sé sin chomh fimíneach?? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 4484 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, December 21, 2006 - 08:29 am: | |
Tuige? Is do lucht an Bhéarla ó cheart an clár. Níl mórán nuacht ann dúinne a bhfuil gaeilge againn. |
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 657 Registered: 06-2005
| Posted on Thursday, December 21, 2006 - 11:38 am: | |
Sin thar barr, mise ag tnúth go mór leis sin. A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river |
|
Seán_mac_eochaidh
Member Username: Seán_mac_eochaidh
Post Number: 115 Registered: 11-2005
| Posted on Thursday, December 21, 2006 - 03:49 pm: | |
Cén an fáth atá TG4 ag craoladh cláracha i mBéarla? Seán Mac Eochaidh Ard Rí na hÉireann (Sealadach) Guthan: 077 8360 4322 http://sean1925.tripod.com/irishhighkingship |
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 660 Registered: 06-2005
| Posted on Thursday, December 21, 2006 - 04:12 pm: | |
Déanann tg4 a lán cláir i mBéarla. Meallann siad daoine le beagán Gaeilge. Airgead an chúis is mó, easpa de agus níos mó don fhograíocht. Níl a dóthain acmhainn ann - aisteoirí &rl. A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 4493 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, December 22, 2006 - 05:25 am: | |
Déanann Craolann tg4 a lán cláir i mBéarla. Tá na haisteoirí ann, tá na comhluchtaí ann (agus roinnt acu ag éirí as). Ach níl an Rialtas s'againne sásta airgead fiúntach a thbahairt do TnaG. Ba mhaith liom iad a bheith chomh saor ar fhógraíocht agus atá RnaG, agus ar an gcaighdeán céanna seirbhíse. Ach ó tharla go dtomhastar iad de réir na figiuirí féachana, ní tharlódh sin.
|
|
Suaimhneas
Member Username: Suaimhneas
Post Number: 147 Registered: 08-2006
| Posted on Friday, December 22, 2006 - 09:12 am: | |
Bhi Manchan ar 5-7 Live ar Radio 1 trathnona areir. |
|
Mise_fhéin
Member Username: Mise_fhéin
Post Number: 38 Registered: 11-2006
| Posted on Friday, December 22, 2006 - 09:25 am: | |
An raibh mórán le rá aige? |
|
Jnicruairi
Member Username: Jnicruairi
Post Number: 1 Registered: 01-2007
| Posted on Wednesday, January 10, 2007 - 06:21 pm: | |
Chonaic mé an oíche cheana é ar The Panel, caithfidh mé a rá nach raibh mé ró thógtha leis, ach tá an clár go maith! |
|
Jamie
Member Username: Jamie
Post Number: 46 Registered: 06-2006
| Posted on Friday, January 12, 2007 - 12:10 pm: | |
Níl mé féin róthógtha leis. Chonaic mé ar an Panel é agus chuala mé ar chúpla clár raidió é. Is léir nach bhfuil mórán measa aige ar an nGaeilge agus go bhfuil sé ag iarraidh aird a tharraingt air féin. Is maith liom an smaoineamh clár den chineál sin a dhéanamh ach sílim go ndeachaidh sé isteach ann go diúltach. Labhraíonn sé le daoine sa chlár ar nós nach bhfuil sé ag iarraidh go dtuigfeadh siad é. D'fhéadfadh sé labhairt go mall agus go soiléir agus bheadh seans níos fearr ag daoine. Bhí sé an-diúltach faoin teanga ar an Panel chomh maith. |
|
(Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Monday, January 15, 2007 - 06:22 am: | |
Ritheadh mise sa dtreo eile dá mbeadh an úínseach sin ag iarraidh labhairt liom. An bhfuil iontas ar aon duine nach raibh daoine ag cur suas lena sheafóid. Is mór an trua nach bhfuil siad duine ceart chun an clár a dhéanamh. |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 482 Registered: 11-2004
| Posted on Tuesday, January 16, 2007 - 11:27 am: | |
Dá mbeadh spéirbhean ann, bheadh suim ag gach fear sa Ghaeilge, mar shampla... |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2308 Registered: 02-2005
| Posted on Tuesday, January 16, 2007 - 12:07 pm: | |
Nó "spéirfhear"... fear chomh mealltach le ... bhuel, níl a fhios agam ... aisteoir éigin (Brad Pitt??) ... bheadh chuile dhuine sásta labhairt leis. Cé hé an fear is mealltaí in Éirinn a bhfuil Gaeilge aige? |
|
Cailindoll
Member Username: Cailindoll
Post Number: 176 Registered: 12-2004
| Posted on Wednesday, January 17, 2007 - 04:10 am: | |
Ní gá dul chomh fada le Brad Pitt a Dhennis, ach duine ar bith, fear nó bean a dtuigeann conas caint le daoine go deas. Bhí eiseann creepy agus pushy ag an am cheana; ro-bhorb agus ró-shásta leis féin mar a dúirt Jamie. Beadh sé deas you-tube-group a chur le chéile darb ainm 'Yes Béarla' agus muid uilig ag déanamh taifead de Gaeilgeoirí ar fud na cruinne. Mar Frapper ach le fiséain beaga ceangailte leis. |
|
Mise_fhéin
Member Username: Mise_fhéin
Post Number: 46 Registered: 11-2006
| Posted on Wednesday, January 17, 2007 - 07:40 am: | |
Céard faoi chlár leis an ainm "No Éadaí"? Bheadh spéirbhean ann, seachas amadán, agus déanfaidh sí iarracht deochanna a ordú tríd an Ghauloinne le fear beáir agus nuair a thosaigh sé ag éirí mífhoighneach lei bainfidh sí a cuid éadaí go léir aisti. Ansin ní bheidh aon fhadhb leis an bhfear beáir a thuilleadh is beidh sé in ann gach rud a thuiscint. "Vodka is Coke atá uait?" (Message edited by Mise_Fhéin on January 17, 2007) |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 488 Registered: 11-2004
| Posted on Wednesday, January 17, 2007 - 09:48 am: | |
Nó clár eile, cosúil leis an scannán Fluent Dysphasia. Tabhair deochanna thar a dhóthain do dhuine, agus cuir an duine i seomra lán le daoine nach bhfuil ach Gaeilge acu. Nó clár eile 'réaltachta' - Teach na Geailge. Beidh ar na daoine cónaí ann gan focal Béarla chun duais a fháil. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 4744 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, January 17, 2007 - 05:31 pm: | |
quote:Bainfidh TG4 triail as formáid Celebrity Big Brother do Sheachtain na Gaeilge, tráth a mbeidh ochtar pearsain aitheanta á gcur faoi ghlas i dteach mór 11 Márta - Lá 'le Pádraig agus iad i gcomórtas le chéile ag iarraidh feabhas a chur ar a líofacht Ghaeilge. http://www.tg4.ie/inte/ngm/ngm.php |
|
Eoin
Member Username: Eoin
Post Number: 139 Registered: 10-2004
| Posted on Thursday, January 18, 2007 - 12:43 pm: | |
Tá mé ag ceapadh gur tharla sé se cheana blian nó dhó ó shin. E Nuacht Ghaeltacht na Gaillimhe agus Deisceart Mhuigheó http://anghaeltacht.net/ce |
|
cailín (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Thursday, February 01, 2007 - 05:44 am: | |
Is aoibhinn liom an clár sin ach ceapaim gur duine ait é Manchan, saghas hippy agus tá eagla ar dhaoine nuair atá sé á labhairt!!! |
|
Fearfeasog
Member Username: Fearfeasog
Post Number: 11 Registered: 02-2006
| Posted on Thursday, February 01, 2007 - 02:09 pm: | |
tá an "Bush Swagger" ag mo dhuine, Manchán. táim cinnte nach bhfuil sé ceart sa mheabhar go díreach. an gcuimhin libh "The Tom Green Show" a bhíodh ar an aer i Meiriceá anseo bliana ó shin? cureann mo dhuine é sin i gcuimhne orm. ag súil go mór leis an gclár réaltachta siúd atá le teacht. má thatníonn "An Ghrá Faoi Ghlas" leat, a raibh clár réaltachta bréagach ar an tsrath "Turas Teanga," beidh tú sásta an ceann nua seo a fheiscint, is dóigh. |
|
Eoin
Member Username: Eoin
Post Number: 147 Registered: 10-2004
| Posted on Monday, February 05, 2007 - 03:27 am: | |
Rinne mé teangabháil le Manchán agus seo cóip dá fhreagra: >>Mo bhuíochas,a Eoin, Cinnte, tá cuma an-shuimiúil ar an suíomh atá agaibh, agus má tá aon preas ráitaisí suimiúla agam cuirfidh mé chugaibh iad. Tá an ceart agat go bhfuil sé beagán fimíneach go bhfuil suíomh No Béarla as Béarla. D'fhéadfainn na cúiseanna a mhiniú duit ach tá sé ró-dhéanamh san oíche anois. beir bua agus beannacht Manchán ----- Original Message ----- From: "Eoin Ó Riain" < > To: manchan Sent: Wednesday, January 17, 2007 3:15 PM Subject: Nasc chugat! Tá nasc len bhur suíomh-sa ar ár leathanach http://anghaeltacht.net/galltacht Chuireann muid fáilte roimh preas ráitaisí (Gaeilge led thoil) ar an idirlíon mar aon le griangrafanna i bhfoirm jpeg. le meas Eoin Ó Riain<< Nuacht Ghaeltacht na Gaillimhe agus Deisceart Mhuigheó http://anghaeltacht.net/ce |
|