Author |
Message |
Fear_na_mbróg
Member Username: Fear_na_mbróg
Post Number: 1340 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, December 14, 2006 - 02:41 pm: | |
Samplaí iad seo a leanas d'úsáid ainmfhocal caillithe amhail agus nach bhfuil siad caillithe: Cá bhfuil mo leabhar Gaeilge? Múinteoir Fraincise atá inti. Nuair a bhaintear úsáid as ainmfhocal caillithe amhail agus nach mbíonn siad caillithe, nach séimhítear nó n-uraítear choíche iad? Mar shampla: Is aiste Gaeilge í sin. Úsáideann sé focail Béarla. Labhair siad faoi úsáid an fhocail Béarla. Dá mb'aidiachtaí gnácha (nó ainmfhocail sa tuiseal ginideach) iad "Béarla" agus "Gaeilge" sna habairtí thuas, shéimheofaí an túschonsan. -- Fáilte Roimh Cheartú -- Ná húsáidigí focail Béarla agus sibh ag labhairt Gaeilge liom, le bhur dtoil. Ní thabharfaidh mé freagra do theachtaireacht ar bith a bhfuil "Gaeilge" neamhghlan inti. |
|
Fear_na_mbróg
Member Username: Fear_na_mbróg
Post Number: 1350 Registered: 08-2004
| Posted on Sunday, December 17, 2006 - 12:55 pm: | |
Nach bhfuil smaointí ar bith ag éinne faoi seo. . . ? -- Fáilte Roimh Cheartú -- Ná húsáidigí focail Béarla agus sibh ag labhairt Gaeilge liom, le bhur dtoil. Ní thabharfaidh mé freagra do theachtaireacht ar bith a bhfuil "Gaeilge" neamhghlan inti. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2077 Registered: 02-2005
| Posted on Sunday, December 17, 2006 - 02:05 pm: | |
Chuirfeadh teideal mar sin scanradh ar an ngramadóir is calma! Caminante no hay camino, se hace camino al andar. |
|
Cailindoll
Member Username: Cailindoll
Post Number: 172 Registered: 12-2004
| Posted on Sunday, December 17, 2006 - 08:57 pm: | |
Ach, nach tusa an gramadóir is calma a Dhennis a chroí . . . Ná habair go bhuil eagla ort roimh cheist ár FnaB s'againne? c |
|
Liz
Member Username: Liz
Post Number: 119 Registered: 07-2005
| Posted on Sunday, December 17, 2006 - 09:29 pm: | |
A Fhir chóir, Cad is brí le "caillithe"? An é 'ainmfhocal cáilithe' atá i gceist agat? Nó rud eile difriúil? Más sin atá i gceist, ní thuigim an cheist fós. Ach is minic nach dtuigimse ceist i gceart. quote:Samplaí iad seo a leanas d'úsáid ainmfhocal caillithe amhail agus nach bhfuil siad caillithe Cá bhfuil mo leabhar Gaeilge? Is ainmfhocal cáilithe é 'leabhar' san abairt thuas. Cad é atá cearr leis? An féidir leat miniú den cheist a thabhairt dúinn. |
|
Pangur_dubh
Member Username: Pangur_dubh
Post Number: 150 Registered: 03-2006
| Posted on Monday, December 18, 2006 - 06:10 am: | |
Maith thú Liz, mar ní fios domsa ach oiread cad is brí le "caillithe". Ní fheicim sa bhfoclóir é. Ach sílim go bhfuil an ceart agatsa gur "cáilithe" atá i gceist (.i. qualifying) anseo. Feictear dhom ó na samplaí ar tugadh thuas gur sin é. A Fhir na mBróg, bheinn thar a bheith buíoch díot ach an fhadhb seo a soiléiriú dúinn, má's é do thoil é, mar tá baol ann fós nach bhfuil an ceart agam. GRMA |
|
Fear_na_mbróg
Member Username: Fear_na_mbróg
Post Number: 1351 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, December 18, 2006 - 09:04 am: | |
Gabhaigí mo leithscéal as Béarla a úsáid leis seo a mhíniú, ach tá stór focal Gaeilge in easnamh orm: Nuair a úsáidimid a definite noun amhail agus nach mbíonn sé definite, an séimhítear nó uraítear choíche é? Sampla iad seo a leanas d'ainmfhocail definite: Seán Luimneach Connachta Gaeilge Béarla Dá dteastódh uainn rá "That is the man of Limerick", b'fhéidir linn rá, "Fear Luimnigh is ea é". Ag an am céanna, baintear úsáid as an bhfocal céanna (i.e. Luimneach) amhail agus go mbíonn sé ina aidiacht: I'm a Limerick man and you're a Kerry man. Fear Luimnigh mise agus fear Ciarraí tusa. Sampla eile: Leabhar Gaeilge atá ann. San abairt thuas, níltear ag rá go mbaineann aon leabhar amháin leis an nGaeilge agus gurb é seo an t-aon leabhar amháin sin -- táthar ag úsáid an focal "Gaeilge" amhail agus go mbíonn sé ina aidiacht seachas ainmfhocal definite. Cén focal a bheadh oiriúnach i nGaeilge mar definite sa chomhthéacs seo? -- Fáilte Roimh Cheartú -- Ná húsáidigí focail Béarla agus sibh ag labhairt Gaeilge liom, le bhur dtoil. Ní thabharfaidh mé freagra do theachtaireacht ar bith a bhfuil "Gaeilge" neamhghlan inti. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 4428 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, December 18, 2006 - 10:45 am: | |
Fear Luimnigh mise agus fear Ciarraí tusa. "Is Luimníoch mise, agus Ciarraíoch thusa" a bheadh sa chaint. "Cinnte" an focal atá uait, agus gheobhaidh tú mórchuid na tearmaíochta atá uait ag Lars anseo: http://www.nualeargais.ie/gnag/gramadac.htm http://www.nualeargais.ie/gnag/subst1.htm |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 4433 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, December 18, 2006 - 03:03 pm: | |
A FnaB, is dóigh liom go bhfuil fuascailt do cheiste san easpa alt de ghnáth; Leabhar na Gaeilge (leabhar cinnte) i gcodarsnacht le Leabhar Gaeilge (éiginnte) |
|
Pangur_dubh
Member Username: Pangur_dubh
Post Number: 153 Registered: 03-2006
| Posted on Tuesday, December 19, 2006 - 07:08 am: | |
Ar fheabhas, A Aonghuis. |
|
Pangur_dubh
Member Username: Pangur_dubh
Post Number: 154 Registered: 03-2006
| Posted on Tuesday, December 19, 2006 - 07:15 am: | |
A Fhir na mBróg, grma as ucht na faidhbe seo a nochtú dúinn. Is minic ar bhain mé úsáid as an bhfoirm seo gan smaoineamh a dhéanamh riamh ar an méid a bhí á rá agam i dtéarmaí gramadaí. |
|
Fear_na_mbróg
Member Username: Fear_na_mbróg
Post Number: 1353 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, December 19, 2006 - 11:29 am: | |
quote:A FnaB, is dóigh liom go bhfuil fuascailt do cheiste san easpa alt de ghnáth; Leabhar na Gaeilge (leabhar cinnte) i gcodarsnacht le Leabhar Gaeilge (éiginnte) B'fhéidir, ach go fóill fágtar an t-alt ar lear nuair a bhíonn sé ina ainmfhocal cinnte: Múinim Gaeilge. In aon chaoi, sí an cheist atá agam ná an séimhítear na hainmfhocail seo nuair a bhaintear úsáid astu amhail agus go mbíonn siad ina n-aidiachtaí? focail Béarla Vs. focail Bhéarla -- Fáilte Roimh Cheartú -- Ná húsáidigí focail Béarla agus sibh ag labhairt Gaeilge liom, le bhur dtoil. Ní thabharfaidh mé freagra do theachtaireacht ar bith a bhfuil "Gaeilge" neamhghlan inti. |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 455 Registered: 11-2004
| Posted on Tuesday, December 19, 2006 - 02:50 pm: | |
Séimhítear. Má tá an deireadh caol mar gheall ar infhilleadh, bíonn séimhiú ina dhiaidh. |
|
Fear_na_mbróg
Member Username: Fear_na_mbróg
Post Number: 1356 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, December 19, 2006 - 07:52 pm: | |
Ní rabhas cinnte an raibh an scéal chomh simplí leis sin? Cén chaoi ina bhfuaimníonn an méid seo a leanas? Scríobh mé aiste Bhéarla ar scoil inné, ach ní múinteoir Béarla a léigh í seachas múinteoir staire. Rinne mé mo dhícheall focail Bhéarla a úsáid, ach bhí orm focal Gaeilge a úsáid in áit amháin. Ní theastaíonn uaim focail Ghaeilge a úsáid i mo scríobh Béarla, ach bhí focal Gaeilge amháin ann nárbh fhéidir liom a aistriú. Scrúdaigh an múinteoir mé faoi úsáid an fhocail Ghaeilge, ach ní raibh leithscéal ar bith agam. Cad a cheapann sibh faoi na séimhiúcháin san alt thuas? Ceist eile a bhí agam ná cén fáth a ndeirtear "ag labhairt Béarla" in ionad "ag labhairt Bhéarla"? Nach ndeirimid "ag lorg Sheáin" in ionad "ag lorg Seáin" (.i. le séimhiú ar an ainmfhocal cinnte)? -- Fáilte Roimh Cheartú -- Ná húsáidigí focail Béarla agus sibh ag labhairt Gaeilge liom, le bhur dtoil. Ní thabharfaidh mé freagra do theachtaireacht ar bith a bhfuil "Gaeilge" neamhghlan inti. |
|
Fear_na_mbróg
Member Username: Fear_na_mbróg
Post Number: 1357 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, December 19, 2006 - 07:58 pm: | |
Mar shampla eile, is cuimhin liom am áirithe a chuala mé "fear Aontroma" (.i. ag baint úsáid as an ainmfhocal cinnte, "Aontroim", amhail agus go raibh sé ina aidiacht). Fear Aontroma a chnag ar an doras. 'Twas an Antrim man who knocked on the door. Ceapaim gur féidir linn bheith cinnte nach na bríonna seo a leanas a bhí i gceist: 'Twas The Man of Antrim who knocked on the door. 'Twas Antrim's man who knocked on the door. -- Fáilte Roimh Cheartú -- Ná húsáidigí focail Béarla agus sibh ag labhairt Gaeilge liom, le bhur dtoil. Ní thabharfaidh mé freagra do theachtaireacht ar bith a bhfuil "Gaeilge" neamhghlan inti. |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 456 Registered: 11-2004
| Posted on Wednesday, December 20, 2006 - 09:23 am: | |
Ní shéimhítear tar éis an ainm bhriathar tar éis ag, ach amháin i gcás cúpla eisceacht, e.g. ag fáil bháis. Ag labhairt Béarla (ag labhairt na Gaeilge) - Ag leabhairt an Bhéarla? Ag lorg Seáin - go bhfios domsa. |
|
Pangur_dubh
Member Username: Pangur_dubh
Post Number: 155 Registered: 03-2006
| Posted on Wednesday, December 20, 2006 - 12:23 pm: | |
A Fhir na mBróg, Gabh mo leithscéal. Tá mé déanach leis an bhfreagra seo. Is mó rud atá le déanamh agam fé láthair, agus comh maith le sin tá deamhan tar éis cur faoi san ríomhaire. De dheasca sin, ní féidir liom mórán úsáide a bhaint as go dtí go ndíbreofar é. Ah la la! Is deacair an saol é! :-) "San abairt thuas, níltear ag rá go mbaineann aon leabhar amháin leis an nGaeilge agus gurb é seo an t-aon leabhar amháin sin -- táthar ag úsáid an focal "Gaeilge" amhail agus go mbíonn sé ina aidiacht seachas ainmfhocal definite. Cén focal a bheadh oiriúnach i nGaeilge mar definite sa chomhthéacs seo?" Aontaím leis an méid a deir tú. I dtaobh "definite", áfach, déarfainn féin 'ainmfhocal deimhneach'. Ach ní gramadóir mé... B'fhéidir go mbeadh duine éigin eile in ann an téarma sin a chinntiú dúinn. |
|
Grumpy Old Fogey (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Wednesday, December 20, 2006 - 01:02 pm: | |
Is aiste Gaeilge í sin. Úsáideann sé focail Bhéarla. Labhair siad faoi úsáid an fhocail Béarla. |
|
Fear_na_mbróg
Member Username: Fear_na_mbróg
Post Number: 1359 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, December 20, 2006 - 01:44 pm: | |
A Ghrumpy Old Fogey, ar mhaith leat do réasúnaíocht (nó easpa réasúnaíochta) a mhíniú dúinn? -- Fáilte Roimh Cheartú -- Ná húsáidigí focail Béarla agus sibh ag labhairt Gaeilge liom, le bhur dtoil. Ní thabharfaidh mé freagra do theachtaireacht ar bith a bhfuil "Gaeilge" neamhghlan inti. |
|
Pangur_dubh
Member Username: Pangur_dubh
Post Number: 159 Registered: 03-2006
| Posted on Wednesday, December 20, 2006 - 06:03 pm: | |
A Ghrumpy Old Fogey, Tugaim faoi deara an leasainm agatsa. Níl mórán Ghaeilge ann, déarfainn. Ach táim cinnte nach gcuirfeadh an breathnú seo go mór isteach ort. Tugaim faoi deara comh maith gur aoi neamh-chláraithe thú. Ba bhreá an rud é bheith cláraithe agus aithne cruinn a dhéanamh orainn, nach gceapann tú? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 4478 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, December 21, 2006 - 05:20 am: | |
Mhol mé Cancrán an chaonach liath dhó (nó di?) ach... |
|
(Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Thursday, December 21, 2006 - 10:58 am: | |
Is féidir aiste Ghaeilge agus aiste Gaeilge a bheith agat, cé nach ionann an bhrí a théann leo. Is ionann aiste Gaeilge agus aiste atá scríofa faoin Ghaeilge, agus is aiste trí mheán na Gaeilge í aiste Ghaeilge. Ní leis an rannóg chéanna, ach leis an ábhar céanna a bhaineann léitheid, fir sneachta - na fir a ghlanann an sneachta, agus fir shneachta - na rudaí a chruthaíonn páistí. |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 457 Registered: 11-2004
| Posted on Thursday, December 21, 2006 - 11:59 am: | |
An ndéarfá 'Scoil Gaeilge' nó 'Scoil Ghaeilge'? |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2086 Registered: 02-2005
| Posted on Thursday, December 21, 2006 - 10:13 pm: | |
quote:Is ionann aiste Gaeilge agus aiste atá scríofa faoin Ghaeilge, agus is aiste trí mheán na Gaeilge í aiste Ghaeilge. Is minic a mhínigh Vincent Morley an t-idirdhealú sin dúinn, nó rud éigin an-chosúil leis sin, ach théann sé díom é a choinneáil i m'intinn. Féach, a Cholleen D., ní gramadóir mé in aon chor! An féidir minimal pair mar sin a thabhairt dom ó údar Gaeltachta, le go mbeidh sé agam mar mhantra? Caminante no hay camino, se hace camino al andar. |
|
Grumpy Old Fogey (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Friday, December 22, 2006 - 05:21 am: | |
Ní foláir a thuiscint i dtús báire go gcaitear le hainmneacha na dteangacha mar ainmfhocail éiginnte mura bhfuil an t-alt ag gabháil leo (féach GGBC, 4.19). 1. 'Is aiste Gaeilge í sin.' Séimhítear túschonsan ainmfhocail éiginnte sa ghinideach atá faoi réir ag ainmfhocal baininscneach i gcúig chás ar leith a bhfuil cur síos déanta orthu i nGGBC, 4.15. Ach ní bhaineann an sampla thuas le ceann ar bith de na cásanna a luaitear sa ghraiméar, rud a chiallaíonn nach séimhítear an túschonsan sa sampla thuas (cf. 'aiste filíochta', 'aiste bia'). 2. 'Úsáideann sé focail Bhéarla.' Séimhítear túschonsan ainmfhocail éiginnte sa ghinideach atá faoi réir ag ainmfhocal iolra Fdar chríoch consan caol. Féach GGBC 4.14. 3. 'Labhair siad faoi úsáid an fhocail Béarla.' Ní shéimhítear an túschosan sa chás seo toisc nach bhfuil aon chúis lena shéimhiú. Fágfaidh mé faoi dhaoine eile breith a thabhairt ar réasúnaíocht nó ar easpa réasúnaíochta an mhéid thuas. |
|
Grumpy Old Fogey (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Friday, December 22, 2006 - 05:35 am: | |
Maidir leis an méid atá scríofa ag (Unregistered Guest) thuas, ní aontaím go bhfuil aon idirdhealú céille ann idir 'aiste Gaeilge' agus 'aiste Ghaeilge'. Is ionann iad ach is é 'aiste Gaeilge' an leagan oifigiúil de réir GGBC. Tá roinnt cásanna ann inar féidir idirdhealú caolchúiseach a dheánamh: 'cos mhaide' (.i. cos atá déanta as adhmad) agus 'cos maide' (ball áirithe de bhata) mar shampla. Ach is fíorannamh a chastar leo agus níl iontu i ndáiríre ach cluiche beag do shaoithíní na gramadaí. |
|
Grumpy Old Fogey (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Friday, December 22, 2006 - 05:50 am: | |
'Scoil Gaeilge' nó 'Scoil Ghaeilge'? Tá cúig cheist le cur (féach GGBC 4.15): 1. An focal é 'scoil' a léiríonn cainníocht? Is léir nach ea. 2. An ainm briathartha é 'Gaeilge'? Is léir nach ea. 3. An bhfuil na focail 'scoil' agus 'Gaeilge' i gcomhaisnéis? Is léir nach bhfuil. 4. An 'ainmfhocal ábhair' é 'Gaeilge' - is é sin le rá, an bhfuil an scoil déanta as 'Gaeilge'? Is léir nach bhfuil. 5. An ionann 'scoil' agus 'beirt' nó 'dís'? Is léir nach ionann. Dá bhféadfaí freagra dearfach a thabhairt ar cheann ar bith de na ceisteanna thuas, bheadh 'Scoil Ghaeilge' ceart. Ach ní féidir, agus dá bhrí sin is é 'scoil Gaeilge' atá ceart go hoifigiúil. Is fíor go bhfeictear a mhalairt - féach go bhfuil 'scoil gheimhridh' seachas 'scoil geimhridh' sna samplaí thíos: http://www.merriman.ie/scoileanna/geimhreadh.ga http://www.frankiekennedy.com/ Ach níl na samplaí sin de réir an chaighdeáin. |
|
(Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Friday, December 29, 2006 - 12:39 pm: | |
Ach ní hamhlaidh atá GGBC ceart i gcónaí, nó leanúnach go fiú in amanna eile. Agus muid ag caint ar leaganacha oifigiúla ba chóir cloígh an oiread agus is féidir le GGLG, an Caighdeán Oifigiúil in áit GGBC. Ar a cheann sin, TÁ difear céille eatarthu, óir níl an fheidhm chéanna ag an dá 'Gaeilge' sna cásanna éagsúla - ceann mar aidiacht, aiste Ghaeilge, agus an ceann eile mar cháilitheoir - aiste Gaeilge, sílim. |
|
(Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Monday, January 29, 2007 - 04:03 pm: | |
an-mhaith ar fad liz an-mhaith ar fad an-mhaith ar fad an-mhaith ar fad an-mhaith ar fad liz an-mhaith ar fad an-mhaith ar fad an-mhaith ar fad An ag magadh ata tu? muna bhfuil eolas agatsa faoi fhocal anois is arís, bain usaid as do fhocloir Pangur dubh, is ainm iontach e sin nach mbionn Roghnaigh ceann nios fearr an cead am eile ainm mar pangur ban no pangur gorm no pangur dubhghorm no pangur gan dath no ainm glic mar shampla grumpy old fogey |
|